Má chloisim ‘Dunquin Pier in Dingle’ uair amháin eile rachaidh mé le báiní

De réir na bolscaireachta deineadh Ryan’s Daughter sa Daingean, tá Sáipéilín Ghallrois sa Daingean agus tá an Blascaod, Ceann Sibéal, An Triúr Deirféar agus Cnoc Bréanainn féin sa Daingean

Má chloisim ‘Dunquin Pier in Dingle’ uair amháin eile rachaidh mé le báiní

Is mó conspóid agus ábhar allagair atá á chloisint agus á léamh againn le roinnt seachtainí anuas. Ní gá dhuit gabháilt thairis scéalta triúr leis an sloinne Murchú chun tuiscint a fháil ar an aighneas.

Bhí na Teachtaí Dála, Dara agus Eoghan, ar aghaidh na bpiléar, fé mar a bhí an Murchúch mná ó Loch Garman, Verona Murphy, lena tuairimí fé theifigh. Sa mhullach ar scéalta ainnise an triúir, tá fadhbanna eile ann. Tá géarchéim tithíochta agus easpa dídine ann, tá sé ina hari kiri ag polaiteoirí na Breataine maidir le cás na  Ríochta (Eas)Aontaithe, agus tá iliomad údar allagair eile againn.

Ach níos tábhachtaí ná na rudaí sin ar fad tá ábhar eile atá im’ chur-sa soir le tamall, mise agus mórán eile laistiar de bhaile an Daingin. Rud é seo a chaithfear a leigheas sara mbeidh gach duine againn tiománta glan scuabtha as ár meabhair. ’Sé sin an tslí go bhfuil an ainm ‘Dingle’ á bhualadh ar gach ní suaithinseach agus ar gach rud le dealramh idir Dún Mór agus Cathair Uí Mhóráin.

Más fíor an bholscaireacht, deineadh Ryan’s Daughter sa Daingean. Tá Sáipéilín Ghallrois agus a bhfuil d’iarsmaí agus fothraigh i gCill Maoilchéadair sa Daingean. Tá an Blascaod, Ceann Sibéal, An Triúr Deirféar agus Cnoc Bréanainn féin sa Daingean, amhail is gur thug duine éigin isteach thar dhroichead Bhaile an Mhuilinn i leantóir tarracóra iad. 

Is cuimhin liom nuair a bhí an tíogar ceilteach in airde láin agus eastáit tithíochta ag gobadh aníos ar nós púcaí peill thall is abhus i mbaile an Daingin, go raibh fógra mór i gceann dos na páipéir Dhomhnaigh do cheann de na heastáit tithíochta seo agus ‘Imagine waking up to this every day’ mar mhana mealltach air. Ach cén radharc a bheadh ag ceannaitheoirí na dtithe seo i mbaile an Daingin nuair a d’osclóidís na cuirtíní ar maidin, dar leis an bhfógra? Ní marglann an Daingin, Lidl nó Pobalscoil Chorca Dhuibhne, ach na Blascaodaí. Ní foláir nó go bhfuil ana-spyglass acu, más féidir leo féachaint trí Chnoc a’ Chairn agus Sliabh an Iolair.

Bím olc mo dhóthain nuair a deir gnáth-leathamadáin ‘Dunquin, Dingle’ nó ‘Ballydavid in Dingle’, ach cuireann sé le báiní ar fad mé nuair a thosnaíonn údaráis turasóireachta an stáit ar an gcéipear seo. An uair dheireanach a bhíos in Aerfort Átha Cliath, bhí íomhá mhór mhillteach de Ché Dhún Chaoin crochta i gceann de na pasáistí mar fhógra ag Fáilte Éireann do Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Thíos sa chúinne, i gcló mór bán, bhí ‘Dunquin Pier, Dingle’. Léan ar Fáilte Éireann agus fán fada ar pé geolamán a cheap an fógra. Tá galar na gcearc ag baint leo.

Cuireadh radharc breá suaithinseach ina sheasamh in Aerfort Chiarraí le déanaí, radharc de Liúir, Carraig a’ tSasanaigh agus an tOileán Tiar ón nDún Mór i gCom Dhineoil. ‘View of the Blaskets from Dingle, Co. Kerry’ atá scríte air. Mar dhea go bhféadfá Bealach an Bhlascaoid a fheiscint agus tú suite ar stól ard istigh i dTigh Phoggin ar Shráid na Trá.

(Sé an trua nár fhanas aige baile ar fad dom féin i mbliana mar annus horribilis a bhí in 2019 ag Dáithí de Mórdha agus aerfoirt).

Ar an léamh is simplí den scéal, botúin aineolacha atá iontu seo ó dhaoine atá chomh dall le geansaí ar an dtaobh seo tíre. Ach b’fhéidir gur impiriúlachas atá ann, sa tslí go mbíonn áiteanna á n-éileamh ag daoine ná bíonn aon bhaint acu leis an áit. Tá homaiginiú á dhéanamh ar leithinis Chorca Dhuibhne agus ar Éirinn ar fad. Tá radharcanna na háite thiar á n-úsáid ag ceannaithe an Daingin chun dollaeirí a mhealladh as pócaí turasóirí, agus is iad muintir na háite thiar a bheidh thíos leis. 

Tá an chaint seo níos measa ná ‘Ireland in the British Isles’ a rá. Bhí sé chomh maith agat ‘Cill Airne, Co. Chorcaí’ a rá.

Chuirfinn céad punt i gcoinne na pingine dá mbeadh tionóisc núicléach thiar ar an mBaile Uachtarach, gur i mBallyferriter a bheadh sé tarlaithe. Ach cá raibh Luke Skywalker ar a bhogstróc? Sybill Head in Dingle, gan dabht.

An bhfuilim suarach? Nach beag na nithe atá ag déanamh tinnis dom? N’fheadar mhuise, ach má fheicim ‘Dunquin Pier in Dingle’ aon bhabhta amháin eile, caithfear dul ag triall orm go Cill Airne. Ach go bhfuil Cill Airne istigh i dTrá Lí anois, fé mar a dúirt an té a dúirt.

Raint óbhar.

Fág freagra ar 'Má chloisim ‘Dunquin Pier in Dingle’ uair amháin eile rachaidh mé le báiní'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Agus cuir leis seo an seoladh poist oifigiúil atá ag dul leis an áit chéanna: Dún Chaoin, Trá Lí (Dunquin, Tralee). Is iomaí turasóir Meirceánach ag teacht ó Aerphort na Sionainne i mótar ar cíos a cheapann go bhfuilid ann nuair a shrioseann siad Trá Lí, agus 63.9km fós le taisteal acu!

  • Emer Ní Ronáin.

    Daithí bocht. Tá na séadchomharthaí sin ar fad sa Daingean…nár chuala sé? Táid ansan le fada.

  • alan titley

    Agus cad mar gheall ar an Victorian Quarter i gCorcaigh, timpeall ar Shráid Thomáis Mhic Curtáin?

  • Tash

    Táir suarach!