Is minic go n-airíonn na chéad seachtainí den bhliain nua cineál trom agus bíonn daoine goilliúnach an t-am seo bliana. Cuirtear tréimhse na Nollag i láthair mar am atá lán le háthas, comhluadar, cairdeas agus ceiliúradh, agus in amanna mothaíonn daoine an easpa agus an t-uaigneas níos géire sa gciúnas i mí Eanáir.
Tá cathaoireacha folamh. Níl na guthanna céanna le cloisteáil. Tagann cuimhní chugainn sa gciúnas nach raibh súil againn leo.
Roimh an Nollaig, bhí mé ag ceolchoirm le Damien Dempsey. Chan sé Chris and Stevie, amhrán faoi bheirt chairde a d’fhág an saol seo róluath. Sular thosaigh sé thug sé cuireadh don slua scaoileadh leis na deora agus dúirt sé go raibh sé ceart go leor caoineadh a dhéanamh. Dúirt sé go n-airíonn muid uilig uainn na daoine nach bhfuil linn níos mó, agus go bhfuil cead againn é sin a dhéanamh. Sa nóiméad sin, mhothaigh mé an t-uaigneas agus an ceangal idir gach duine sa seomra. Bhí cead againn a bheith inár ndaoine daonna sa halla mór i mBóthar na Trá; b’am an-speisialta a bhí ann a bhí an-ghar don chroí.
Seo an dara mí Eanáir agam gan mo dheaide. Tá laethanta ann a mbím ceart go leor, agus laethanta eile a mbuaileann an brón mé ina thonnta gan choinne.
Is leor amhrán, nó nóiméad ciúnais, nó smaoineamh beag agus tagann na deora agus an t-ualach trom san gcliabhrach. Ach seachas iad a bhrú uaim, mheabhraigh an oíche sin dom cé chomh tábhachtach is atá sé ligean do na mothúcháin a bheith agam.
Níl aon smacht againn ar cén uair a mbuaileann an brón sinn. Ní imíonn sé toisc go bhfuil an tsaoire thart. Agus ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil áit don áthas agus don spraoi ann freisin. Is féidir leis an dá rud a bheith ann le chéile.
Tugann an t-am seo den bhliain chun cuimhne níos mó an chailliúint agus an briseadh croí. B’fhéidir go mbraithfimid uainn tuismitheoir, gaol, páirtí, cara, nó fiú an saol mar a bhí tráth. Agus ina ainneoin sin, bíonn brú orainn ‘a bheith ceart go leor’, a bheith buíoch agus meangadh gáire a chur orainn féin. Déanann an brú sin na mothúcháin níos troime. Ach ní gá mothúcháin a cheartú ná a chur faoi chois. Tá spás uathu.
Is féin-aire é cead a thabhairt duit féin mothú, cibé acu brón, cumha, deora, nó na mothúchán uile a thagann leis an gcailliúint. Nuair a ligeann muid do na mothúcháin bogadh tríd an gcorp, doimhníonn an anáil, moillíonn an corp agus cruthaítear spás beag istigh ionainn.
Má tá an t-am seo den bhliain deacair duitse, níl tú i d’aonar. Ní gá míniú a thabhairt do dhaoine. Ní gá ‘bogadh ar aghaidh’. Uaireanta, is leor moilliú agus a thabhairt faoi deara céard atá á mhothú agat ionat féin faoi láthair.
Nuair a thagann mothúcháin den chineál seo aníos, d’fhéadfá, b’fhéidir, lámh a chur ar do chroí agus cúpla anáil mhall a tharraingt. D’fhéadfá ceol a chasadh agus ligean duit féin caoineadh. Nó dul amach sa bhfuacht agus an t-aer úr a mhothú ar do chraiceann. Lig do na mothúcháin gluaiseacht trí do shúile agus do chroí. Ní laige atá anseo, is comharthaí iad go bhfuil tú ag tabhairt aitheantais don uaigneas.
Ní bhíonn cneasú i seachaint mothúchán. Caitear ligean do mhothúcháin a bheith i láthair. An oíche sin ag an gceolchoirm, i measc strainséirí, bhí tuiscint chomhroinnte ann: tá rud éigin á iompar againn ar fad. Tá duine éigin in easnamh orainn uilig. Agus nuair a thugaimid cead dúinn féin mothú, cuimhníonn muid nach bhfuil muid inár n-aonar.
An Eanáir seo, agus an bhliain nua ina tús, má tá do chroí goilliúnach agus uaigneach, lig leis. Lig do na deora teacht más gá. Lig do na cuimhní a bheith leat agus an grá dóibh siúd nach bhfuil leat níos mó ach atá leat ar bhealach difriúil. Tá spás ann do gach rud.
Má tá duine in easnamh ort an bhliain nua seo, bí deas, bí cineálta leat féin. Má thagann cuimhní beaga chugat i rith an tséasúir seo in amhrán, i gcuimhne, in anáil chiúin, nó sa tuiscint shimplí nach bhfuil tú i d’aonar, lig do na mothúcháin sin a bheith agat. Lig do na deora teacht, agus tabhair spás don ghrá atá fós ann.
– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com
Léitheoir
Bhí an t-alt seo ag teastáil uaim inniu. Go raibh maith agat!
Caoimhín
An-chomhairle!
Carraig
Roinnt leideanna luachmhara ansin, buíochas leat as iad a roinnt linn.
Seo ceann a oibríonn dom féin: Sauna!
Pádraig
Nó léigh “The Journey Back from Hell” le Anton Gill.
Is é atá sa leabhar seo ná comhráití a bhí ag an údar le cimí (Giúdaigh a bhformhór) a tháinig ‘slán’ ó na campaí géibhinn, Auschwitz go háirithe.
An trauma diamhrach saolta a d’fhág san orthu agus na bealaí a d’úsáid siad chun dul i ngleic lena saol ‘nua’. Leabhar an-tábhachtach, leabhar mór, leabhar a chuirfidh múineadh ort.