Má bhí fear riamh ann a raibh cosúlacht uachtaráin air, cinnte b’in é Mitt Romney

Chaith Mitt Romney ceithre bliana ina Ghobharnóir ar an Stát is Gaelaí i Meiriceá

Má bhí fear riamh ann a raibh cosúlacht uachtaráin air, cinnte b’in é Mitt Romney

Má bhí fear ariamh ann a raibh cosúlacht uachtaráin air, cinnte b’in é Mitt Romney – uachtarán poblachtánach. Má bhí duine ag cuimhneamh ar an Meiriceá a cheap muintir na hEorpa amach, bhí an múnla sin greanta i gcúlra, i bpearsantacht agus i gceann aghaidhe Mitt Romney, ar an gcéad amharc.

Ligthe ina cholainn, dea-dhéanta, dathúil, gealgháireach, saibhir, scoil agus foghlaim air, fios a labhartha aige, agus a athair ina Ghobharnóir Stáit sna blianta a caitheadh. Go deimhin thug Mitt Romney iarraidh faoin uachtaránacht faoi dhó, ceann acu in aghaidh Barack Obama in 2012; níor éirigh leis. Ní éireoidh leis go brách anois.

D’fhógair sé le laethanta beaga anuas nach mbeidh sé ag cosaint an tsuíocháin Seanaid atá aige in Utah i dtoghchán na bliana seo chugainn. Sé bliana déag agus trí scór atá sé. Teastaíonn glúin nua polaiteoirí anois a leagfaidh cosán na Stát Aontaithe amach don chuid eile den chéad seo, a deir Mitt Romney.

Tarlaíonn sé an tseachtain seo go bhfuil daoine níos sine ná Romney ag fógairt – nó níl siad ag séanadh ar chuma ar bith – go mbeidh siad ag leanacht ar aghaidh sa bpolaitíocht sna Stáit. Ach sin scéal thairis go fóilleach.

Bhí an beart a rinne sé nuair a bhuaigh sé post an Ghobharnóra i Stát Massachusetts théis dó a theacht aníos ansin as Utah ar cheann de na beartais ba shuntasaí ina shaol polaitiúil. Ait go leor éiríonn le hiarrthóirí Poblachtánacha cathaoir an Ghobharnóra a bhuachan i Massachusetts sách minic, ach bhí bua Romney ar cheann de na buanna ba shuntasaí. Ar ndóigh, chuidigh an saibhreas leis. Bhí an mámh sin aige sa bhfeachtas in aghaidh Shannon O’Brien in 2003. Ach lena chois sin, is díol spéise é an bealach ar éirigh sách maith leis mar Ghobharnóir i Stát atá chomh daingnithe i bhfealsúnacht na nDaonlathach agus atá Massachusetts.

Bhí bhaint mhór aige leis na cosa a chur faoi pholasaí nua sláinte i Massachusetts agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní gá gur chreid sé féin uilig go léir sa gcineál sin múnla poiblí ar an gcóras sláinte ach chonaic sé an sruth i Massachusetts agus thuig sé tráthúlacht na hócáide ar bhealach polaitiúil.

Bhí fear de bhunadh Chonamara fite fuaite san iarracht leis an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm. Níos deireanaí tugadh an Affordable Care Act ar an reachtaíocht náisiúnta a bhí múnlaithe are dhlí Massachusetts.

B’ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Harvard é John McDonough nuair a d’iarr grúpa as Massachusetts air in 2002 stiúradh a dhéanamh ar fheachtas le córas nua sláinte a chur i bhfeidhm sa Stát sin. An bhliain dár gcionn a bhuaigh Mitt Romney post an Ghobharnóra ansin. Da réir sin, bhí go leor teagmhála ag John McDonough le Romney. B’fhachtas dó, a deir McDonough, go raibh Romney ábalta agus go raibh céimeanna eile sa bpolaitíocht ina intinn. Ní raibh a fhios ag McDonough cé chomh láidir agus a bhí croí Mitt Romney san athrú a bhíothas a mholadh ar na tseirbhís sláinte sa Stát ach bhí fonn air an t-ábhar a chíoradh agus a phlé.

Ba as an Aird Thiar i gCarna i gConamara é athair John McDonough – Josie Joe Phaitsín. Tá ceangal láidir coinnithe ag clann Ac’Dhonnacha i mBoston le ceantar dúchais a n-athar agus tagann siad anall scaití ag Féile Mhic Dara. Iarsheanadóir Stáit in Massachusetts é John McDonough ach d’oibrigh sé go stuama le Romney. Go deimhin, chuir an Seanadóir Ted Kennedy fáilte roimh an obair a bhí ar bun ag Romney i dtaobh an chórais sláinte san am.

Sheol Mitt Romney an córas nua sláinte in Massachusetts in 2006. Sí an aidhm a bhí leis ná go mbeadh chuile dhuine faoi árachas sa gcóras, rud a thabharfadh cothrom na Féinne don phobal uilig ó thaobh seirbhís leighis. Bhí an múnla cliste agus spéisiúil.

Bheadh ar dhaoine a dhul isteach le comhlacht árachais dá mbeadh tuarastal maith acu. Mura ndéanfaidís sin, chaillfidís buntáistí cáin ioncaim a d’fhágfadh go mbeadh na mílte dollar ligthe le sruth ag cuid acu. Ceapadh ciste speisialta amach do dhaoine a bheadh ar ioncam íseal. Ní córas íocaíochta stáit uilig go léir a bhí ann ach bhí céim mhór tógtha ó thaobh roinnt cothromaíochta a chur sa gcóras sláinte.

Tugadh suntas in Washington don bheartas a bhí déanta faoi stiúir Romney in Massachusetts. Nuair a tháinig Barack Obama isteach ina Uachtarán leag sé a intinn ar chóras sláinte náisiúnta a bheadh múnlaithe ar an gceann a bhí curtha i bhfeidhm i Massachusetts.

Tugadh cuireadh do John McDonough go Washington le cuidiú leis an obair. In oifig an tSeanadóra Ted Kennedy a bhí sé i dtosach mar chomhairleoir nó gur buaileadh an Cinnéideach tinn. Tugadh isteach ansin é mar chomhairleoir sinsearach ag an gcoiste Seanaid a bhain le sláinte, oideachas, cúrsaí saothair agus pinsin agus é ag plé le ceist an athraithe ar an gcóras sláinte.

Chuir an tUachtarán Obama córas nua i bhfeidhm do Mheiriceá uilig a raibh sé mar aidhm aige cothromaíocht a thabhairt do chuile dhuine ó thaobh caighdeán leighis agus seirbhísí. Mhol an tUachtarán Obama an sampla a bhí tugtha ag Mitt Romney. Ach d’éirigh an reachtaíocht náisiúnta an-chonspóideach agus cuireadh ceisteanna faoi in Ard-Chúirt Mheiriceá. Níor oibrigh sé chomh maith agus a bhí tuartha dó.

Dúirt Romney arís an tseachtain seo, agus é ag fógairt deireadh lena shaol polaitiúil, gurbh fhearr dá dtabharfaí deis do chuile stát a gcóras féin a leagan amach seachas aon mhúnla náisiúnta amháin a chur ar an bpolasaí. Ach ní bheidh lámh aigesean sna cinntí móra sin feasta.

Beidh sé bliana caite ag Mitt Romney mar Sheanadóir as Utah ach a bhfágfaidh sé slán le seomra an tSeanaid in Washington DC an bhliain seo chugainn.

Níl dabht ach go raibh sé leagtha ar a bheith sa Teach Bán sa gcathair sin.

Fág freagra ar 'Má bhí fear riamh ann a raibh cosúlacht uachtaráin air, cinnte b’in é Mitt Romney'

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí alltacht orm iomann ómóis do Mitt Romney a léamh. Thuairiscigh Dave DeCamp, eagarthóir nuachta Antiwar.com, gur vótáil Romney ar son an Taiwan Policy Act a thabharfadh $6.5 billiún de chúnamh míleata don Téaváin cé gur thuig sé go maith cé chomh dainséarach is a bhí sé gníomh trodach gríosaitheach mar é a dhéanamh:

    https://twitter.com/DecampDave/status/1570224462162980864