Lúthchleasaíocht intinne pháistí na hÉireann á ceiliúradh i gColáiste Mhuire gan Smál

Bhí obair iontach ar taispeáint an tseachtain seo caite ag BT Eolaí Óg agus Teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath. Ach is cois na Sionainne sa deisceart atá na sluaite tagtha na laethanta seo…

Lúthchleasaíocht intinne pháistí na hÉireann á ceiliúradh i gColáiste Mhuire gan Smál

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níl aon chos á cur amú ag na páistí atá páirteach sa taispeántas eolaíochta i Luimneach an tseachtain seo – ach tá go leor ceisteanna curtha acu. Agus tá torthaí na foghlama á roinnt.

Anallód, ba í an lúthchleasaíocht a bhíodh ar taispeáint ag Aonach Tailteann, Co. na Mí, agus é mar chuid d’fhéile Lúnasa i ré na gCeilteach. Tharla athbheochan ar na Cluichí Tailteann ó 1924 go 1937 agus tháinig Aonach Tailteann ar an bhfód anuraidh.

Ach is lúthchleasaíocht de shórt eile atá ina comórtas agus ina ceiliúradh i dTailteann an tseachtain seo – lúthchleasaíocht na hintinne agus cúrsaí eolaíochta. Agus is i gColáiste Mhuire gan Smál nó MIC, Luimneach atá na sluaite ag bailiú, den tríú bliain as a chéile – sa halla spóirt ar a dtugtar, is ea, Tailteann.

Cúis áthais a bheadh ann d’Iar-uachtarán an choláiste, Peadar Ó Croimín, an foirgneamh a bheith in úsáid sa tslí seo – an duine a thiomáin an tionscnamh tógála seo agus a chuir ar an bhfód é deich mbliana ó shin.

Ach is ag na páistí atá an fód á sheasamh an tseachtain seo, agus tionscnaimh dá gcuid féin á gcur i láthair. Agus iad go maith ábalta chuige. Bhí obair iontach ar taispeáint an tseachtain seo caite sa Taispeántas BT Eolaí Óg agus Teicneolaíochta san RDS, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath. Ach is cois na Sionainne sa deisceart atá na sluaite tagtha na laethanta seo. Agus cois cuain ó thuaidh i mBéal Feirste a bheidh ár dtriall i mí an Mheithimh – trí fhéile eolaíochta in aon cheann amháin mar sin, mar a tharla anuraidh.   

Comórtas is ea é ina bhfuil an ceistiú ina chuid lárnach. Agus ar an ábhar sin, is ceist atá mar theideal ar gach tionscnamh atá ar taispeáint. Seo roinnt samplaí fánacha a bhí ar an ardán Déardaoin – iad ar fad bainteach le cúrsaí coise mar a tharlaíonn. 

‘An bhfuil baint ag do thomhas bróige le d’airde?’ atá mar theideal ar cheann amháin. I bhfocail eile, an mó an seans go mbíonn bróga móra ag teastáil uathusan a bhfuil cosa fad orthu? Tá fiosrú agus fíricí le roinnt ag páistí ó Ghaelscoil Aonach Urumhan ina thaobh sin más spéis leat na cúrsaí sin.

Nó má tá suim agat sa phatrún indibhidiúil atá ar lorg na gcos agus lorg na méar ag gach duine, b’fhiú cuairt a thabhairt go dtí an seastán atá ag páistí ó Scoil Naomh Attracta ó Bhaile Chathail, Co. Mhaigh Eo. Is ansin a gheobhaidh tú lón machnaimh ar a gceist siúd, ‘An ionann an méarlorg agus an choslorg?’

Nó cad faoi úsáid na gcos sa ghiniúint cumhachta? Ag páistí ó Ghaelscoil Uí Dhrisceoil, Gleann Maghair, Co. Chorcaí atá na freagraí sa tionscnamh dar teideal, ‘An féidir leictreachas a ghiniúint ó bheith ag rothaíocht?’ Ceist a cuireadh roimhe seo gan amhras, ach tá casadh nua curtha ag eolaithe éirimiúla an ghleanna ar an gceist chéanna.

Níl iontu seo ach trí shampla – a sheasann amach, mar a déarfá agus iad tarraingthe as céad is fiche tionscnamh ar fad a bheidh ar taispeáint as seo go ceann dhá lá eile– daichead eile in aghaidh an lae, inniu Dé hAoine agus amárach Dé Sathairn, ón 18 go dtí 20 Eanáir.

Léiriú is ea gach tionscnaimh ar an tábhacht a bhaineann le fiafraí san fhoghlaim – plé ar dtús, díriú ar fhadhb nó easpa éigin feasa, fráma a chur ar an bhfadhb, ceist a chur, tuairimíocht a dhéanamh, torthaí a thuar, fianaise a chuardach agus a bhailiú, torthaí a thaifeadadh, iad a phlé, moltaí a thabhairt agus conclúid a tharraingt.

Agus teacht ina dhiaidh sin go dtí an taispeántas. Agus go Tailteann an tseachtain seo!

Obair feasa atá i ngach ceann acu. Teoiricí nua á dtuairiscí agus iad bunaithe ar thástáil sna tionscnaimh agus sna turgnaimh atá déanta – an ceistiú, an cruinneas, an chruthaitheacht.

Agus in aois seo na faisnéise, is meabhrú dúinn ar fad, idir óg agus aosta, agus sa saol go ginearálta, gur maith an rud é na tréithe sin a choimeád sa treis.

Is ea, teacht le chéile as an ngnáth de shórt eile atá ar siúl i dTailteann an tseachtain seo agus is iad páistí na tíre atá i lár an aonaigh.

Féach liosta na scoileanna anseo.

Fág freagra ar 'Lúthchleasaíocht intinne pháistí na hÉireann á ceiliúradh i gColáiste Mhuire gan Smál'