Luimneach róláidir agus Loch Garman réidh don chath

Ba chóir go mbeadh dhá shárchluiche againn an deireadh seachtaine seo i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann

Luimneach róláidir agus Loch Garman réidh don chath

Lee Chin. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá bliain na hiomána idirchontae ag déanamh ar cheann scríbe agus an chéad cheann de na cluichí leathcheannais ar siúl sa cheanncheathrú anocht.

Ón méid atá feicthe go dtí seo tá a stádas mar rogha na n-údar tuillte ag Luimneach agus bunaithe ar an taispeántas sa dara leath i gcluiche ceannais na Mumhan ba dhána an rud é a thuar nach leo a bheidh an lá.

Ach seo chugainn Cill Chainnigh faoi Cody anocht agus is mairg don té nach dtabharfadh seans don fhoireann a bhfuil an bainisteoir is fearr riamh i bhfeighil orthu.

Mar sin féin, tá mianach iontach i bhfoireann seo Luimnigh agus bíonn díocas chun oibre orthu i gcónaí, rud nach raibh ar Chorcaigh nuair a bhuaigh na Cait orthu coicís ó shin. Agus tá laigí i gCill Chainnigh. Ní dóigh liom go bhfuil aonad tosaithe socair in aon chor acu. Ba é an t-ionadaí Walter Walsh is mó a rinne difríocht nuair a tháinig sé isteach ag tosach an dara leath i gcoinne Chorcaí. Ba nuair a bhog sé féin agus Richie Leahy go lár na páirce a tháinig athrú ar shruth na himeartha. Rug Cill Chainnigh greim ar chúrsaí sa tríú ceathrú sin agus léiríodar an-spiorad agus díocas as sin go deireadh. Ach ní bhfuair TJ Reid aon scór ón imirt agus minic go leor a rinne na tosaithe an rogha mhícheart nuair a bhí scóranna le fáil acu.

Measaim go mbeidh Luimneach ullamh dóibh. Ag tabhairt sracfhéachaint ar liosta na bhfear ionaid ag na Cait, ní dóigh liom go bhfuil aon duine eile seachas Walter Walsh (agus gach seans go dtosnóidh sé anocht) a mbeadh ar a chumas cor a bhaint as an imirt. Agus tá níos mó láidreacht agus ábaltachta ag Luimneach i measc na bhfear ionaid atá ainmnithe acu. Mar aon leis sin ceapaim go bhfuil an chéad fhoireann ag Luimneach níos fearr freisin. Mar a deirim i gcónaí is ar an lá féin a dhéanfar an beart ach is dóigh liomsa gur Luimneach a bheidh ag imirt i gcluiche deireanach na bliana i lár mhí Lúnasa.

Faraor tá sé i bhfad níos deacra cluiche an Domhnaigh a mheas. Bhí dea-bhail cheart ar Thiobraid Árann i mbabhtaí cáilithe na Mumhan, ach ní fhéadfá é sin a rá fúthu i láthair na huaire. Ní bheidh aon fhaitíos ar Loch Garman rompu agus d’fhéadfadh cath ceart a bheith againn i bPáirc an Chrócaigh amárach.

Caithfidh sé nach raibh Liam Sheedy agus a chuid roghnóirí róshásta leis an taispeántas a thug siad i gcoinne Laoise, gan trácht ar an tslí ar ghéill siad ar fad sa dara leath i gcluiche ceannais na Mumhan. Is laige na tosaithe d’uireasa Bonner Maher, agus nuair a thagann an brú orthu is léir a n-easpa ceannairí i measc na dtosaithe céanna. Ach táthar ann a chreideann go mbeidh siad róghlic do Loch Garman. Ní fheadar an aontaím leis sin. Ní dóigh liom go bhfuil mórán idir na foirne cé go bhfuil níos mó imreoirí mór le rá ag na Tiobraid Árannaigh.

Bhí an-atmaisféar  i bPáirc an Chrócaigh an lá deireanach de mhí an Mheithimh nuair a thug Loch Garman leo corn Bob O’Keefe den chéad uair ó 2004 ach bhí cuid mhaith den ádh ag baint le bua sin na gCarmannach. Faoi dheireadh an chluiche sin bhí dosaen iarracht curtha ar fóraoil ag Cill Chainnigh agus gan ach ceithre cinn curtha amú ag Loch Garman. Níor chuir na Carmannaigh ach iarracht amháin ar fóraoil sa dara leath agus rinne na Cait roinnt droch-chinntí sa cheathrú dheireanach den chluiche. Caithfear a rá áfach go raibh Loch Garman an-stuama ina gcuid imeartha agus tá sé soiléir go dtuigeann na himreoirí na teaicticí a bhíonn in úsáid acu agus go gcreideann siad ina bhfiúntas.

Má bhíonn sé ina chath go dtí an deireadh ar fad amárach is mó an seans go mbeidh an lá le Loch Garman. Beag seans gur amhlaidh a bheidh, ach má bhíonn an imirt scaoilte agus má fhaigheann tosaithe bríomhara luaineacha Thiobraid Árann cúl nó dhó breá luath sa chluiche, beidh dúshlán mór le sárú ag na Carmannaigh.

Ach tá leaththuairim agam go ndéanfaidh Loch Garman an beart, más ar éigean féin é.

Fág freagra ar 'Luimneach róláidir agus Loch Garman réidh don chath'