Luimneach ar mhuin na muice ach an cumas ag na Tiobraid Árannaigh buille maraithe a bhualadh

Ba chóir go mbeadh dhá dhianchoimhlint againn an deireadh seachtaine seo i mbabhta leathcheannais na sraithe náisiúnta iomána

Luimneach ar mhuin na muice ach an cumas ag na  Tiobraid Árannaigh buille maraithe a bhualadh

Bainisteoir Thiobraid Árann, Michael Ryan. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Tá deireadh mhí an Mhárta tagtha agus tá trioblóid ag baint cheana féin le máistirliosta na gcluichí ag CLG. Dar ndóigh, bhí mí Aibreán geallta saor do na clubanna ach ní tharlóidh sin anois i ngach contae. Tá na ceithre chontae a bheidh ag imirt i gcluichí leathcheannais an deireadh seachtaine seo i measc na gcontaetha nach mbeidh aon sos iontu. Níl imreoirí idirchontae na bhfoirne sin ag gearán faoi seo ach níl aon dabht ach go bhfuil na himreoirí agus na riarthóirí club ar buile, go háirithe i dTiobraid Árann, agus peil agus iomáint le himirt acu an deireadh seachtaine seo.

Ní dóigh go bhfuil an fhearg chéanna ar dhaoine i Loch Garman ná i Luimneach toisc dul chun cinn maith a bheith á dhéanamh acu. 

Tá éacht déanta ag Davy FitzGerald agus a bhuíon imreoirí le bliain go leith anuas. Tugadh raidhse poiblíochta don scéal nuair a ainmníodh é mar bhainisteoir ar na Carmannaigh i bhfómhar 2016. Ag deireadh na bliana sin, bhí na ráflaí ag teacht tiubh te go raibh traenáil dhamanta déanta acu beagnach gach lá le linn mhí na Nollag. Lean sé sin ar aghaidh sa bhliain nua agus ansin bhuaigh siad in aon seachtain amháin an dá chluiche is tábhachtaí a bhí acu i Roinn 1B na sraithe, i gcoinne Luimnigh agus na Gaillimhe. Dar ndóigh bhain siad ardú céime amach agus bhuadar ar Chill Chainnigh cúpla uair an bhliain chéanna. Sin dul chun cinn nach bhféadfadh an duine is dílse sa chontae a thuar. 

Amárach, Dé Domhnaigh, beidh na Cait rompu arís agus cath dian eile romhainn. Deir geallghlacadóirí linn nach bhfuil faic idir na foirne. Nach ait an t-athrú é sin in achar an-ghearr. Bhí blianta fada ann nuair a d’fhaigheadh Loch Garman léasadh gach bliain ó Chill Chainnigh, ach is cosúil go bhfuil an ré sin thart.

Bhuaigh na Cait an cluiche deireanach eatarthu cúpla seachtain ó shin, ach bhí na Carmannaigh cáilithe cheana do na cluichí ceathrú ceannais faoin am sin. Agus TJ Reid ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire agus Cill Chainnigh tagtha chucu féin ó chuir siad drochthús leis an tsraith, gach seans go mbeidh an-chluiche againn ar Pháirc Loch Garman, ar geall í le dúnfort ag an bhfoireann baile. Ní den chéad uair i mbliana, seans go mbeidh gá le ham breise le toradh a fháil i gcluiche idir na foirne seo.

Sa chluiche leathcheannais, eile atá á imirt inniu, is ag baile a bheidh Tiobraid Árann, a bhfuil an painéal imreoirí is láidre  sa tír acu, i mo thuairimse, i gcoinne Luimnigh agus gach uile rud nach mór ar sheol na braiche sa chontae sin i láthair na huaire. Bhuaigh leaideanna Luimnigh dhá choimhlint iontach le linn na sraithe, a gcluiche as baile i gcoinne na Gaillimhe agus an eipic sin i gcoinne an Chláir. Ach oiread le Loch Garman ba bhreá le Luimneach an corn seo a bhuachtaint. Ach beidh sé deacair orthu. Bhí na Tiobradaigh d’uireasa beirt de na tosaithe is fearr sa tír don chuid mó dá bhfeachtas sraithe agus gan fáil acu ar  John ‘Bubbles’ O‘Dwyer agus Séamus Callanan. Mar sin féin, níor chuir sé mórán as dóibh. Tá Michael Breen agus Jason Forde i mbarr a maitheasa gan trácht ar na mhuintir McGrath, Bonner. Maher ná Seán Curran. Chuir siad drochthús lena gcluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath seachtain ó shin ach bhuaigh siad agus farasbarr 11 cúilín acu agus gan ach ceathrar déag ar an bpáirc acu don dara leath ar fad. Léiríonn sé sin cé chomh tomhaiste, críochnúil is a bhíonn siad agus iad ag tabhairt faoi scóranna.

Tá móiminteam agus muinín ag Luimneach i láthair na huaire agus beidh sé deacair iad a bhualadh, ach ag an bhfoireann baile atá an painéal is láidre agus b’fhéidir gurb é sin an difríocht.   

Fág freagra ar 'Luimneach ar mhuin na muice ach an cumas ag na Tiobraid Árannaigh buille maraithe a bhualadh'