Luimneach agus Cill Chainnigh an rogha más ar éigean é

Bíonn cuid mhaith ar na meáin faoi theaicticí, cosantóirí le cois agus córais éagsúla imeartha ach díocas agus dúil sa bhua an tréith is tábhachtaí

Luimneach agus Cill Chainnigh an rogha más ar éigean é

Bainisteoir Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí na fógraí ‘Díolta Amach’ crochta ar gheataí Pháirc na nGael LIT i Luimneach deich lá ó shin. Sea, tá tarraingt agus draíocht fós ag baint le craobh iomána na Mumhan cé nach raibh caighdeán chraobh 2019 chomh hard le ceann na bliana anuraidh. Ach bhí sé fánach againn a bheith ag súil go mbeadh agus a fheabhas agus a bhí cuid mhór de na cluichí in 2018.

Ar a shon sin uile, tá na foirne is fearr sa chraobh fós againn, Tiobraid Árann atá ar a slí ar ais go dtí an barr, i gcoinne churaidh na hÉireann, Luimneach.

Dar ndóigh chonaiceamar na foirne céanna ag dul chun páirce coicís ó shin agus na Tiobraid Árannaigh a sciob an chreach leo an lá sin. Faroar, d’íocadar praghas daor as mar gortaíodh Patrick ‘Bonner’ Maher, gortú a chuirfeas deireadh lena shéasúir iomána.

Cheapas féin go raibh lucht bainistíochta Luimnigh an-chliste an lá sin mar gur fhág siad cuid de na himreoirí is fearr i measc na bhfear ionaid. D’fhoghlaim John Kiely ceachtanna faoi na fir a thosnaigh an lá sin, ceachtanna a d’fhéadfadh a bheith an-úsáideach roimh dheireadh na bliana iomána.

Ní dóigh go mbeidh aon chur i gcéill ar siúl amárach. Cad é mar stair fhada san iomáint atá idir na comharsana seo. Bhí an-fheachtas sraithe ag Luimneach agus an-fheachtas craoibhe ag Tiobraid Árann go dtí seo. Agus amárach beidh sé ina chath ceart. Tá sé deacair go leor léamh cruinn a dhéanamh ar an gcoimhlint seo. Go dtí seo bhí tosaithe Thiobraid Árann an-mhaith ar fad ach is cailliúint ollmhór é ‘Bonner’. Eisean an capall oibre i measc na dtosaithe agus is laige iad dá uireasa. Beidh mórán ag brath ar an gcath sa trian láir den ghort, mar a thugtar air, agus beidh go leor ag brath ar thionchar líne leathchúil na dTiobraid Árannach, mar a bhfuil triúr de mhuintir Maher. 

Ach tá Luimneach láidir ar fud na páirce ar fad agus tá fir ionaid láidre acu leis. Chonaiceamar sárthaispeántais uathu i mbliana ach chonaiceamar iad laethanta eile agus gan iad i mbarr a maitheasa. Ar ndóigh ar an bpáirc ar an lá a shocrófar an toradh ach déarfainn gur le Luimneach a bheidh an lá cé nach mbeinn róchinnte faoi.

B’fhéidir nach é seo an uair dheireanach i mbliana a bheidh an dá chontae seo ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá rabhadh beag agam don fhoireann a bhuafaidh. Ón mbliain 2005, níor bhuaigh ach contae amháin ón gcúige, Tiobraid Árann, craobh an chúige agus Craobh na hÉireann an bhliain chéanna.

Beidh cath fisiciúil fearúil i bPáirc an Chrócaigh freisin idir Loch Garman agus Cill Chainnigh agus comhairle Laighean ag súil le slua an-mhór.

Cad é mar dhráma a bhí eatarthu seo coicís ó shin agus gan trua ná trócaire le fáil ó cheachtar foireann. Is mar an gcéanna a bheidh siad amárach.

An féidir le Loch Garman corn Bob O’Keefe a thabhairt leo den chéad uair ó 2004 nó an é Brian Cody agus a chuid fear a chuirfidh deireadh leis an ngorta a thosnaigh in 2017? Tá an chraobh seo buaite ag Cill Chainnigh cúig huaire déag faoi cheannas Cody. Sin taithí ar bhuachan duit. Tuigeann gach imreoir sa chontae cad atá ag teastáil ó Cody. Tá taithí an bhua go domhain i DNA imreoirí na linne seo sa chontae. Is deacair iad a bhualadh pé fhoireann a rachaidh chun páirce. Bíonn cuid mhaith ar na meáin faoi theaicticí, cosantóirí le cois agus córais éagsúla imeartha ach ag deireadh an lae, aithnítear gur díocas agus dúil sa bhua an tréith is tábhachtaí. Tuigeann imreoirí Chill Chainnigh conas cluichí a bhuachan. Ach ní bhfaighidh siad aon rud go héasca óna gcomharsana amárach mar bíonn an díocas céanna ar aon fhoireann a bhíonn faoi stiúir Davy FitzGerald.

Ach mar gheall ar an tseantaithí sin ar an mbua atá ag Cill Chainnigh, is deacair dul ina gcoinne. 

Fág freagra ar 'Luimneach agus Cill Chainnigh an rogha más ar éigean é'