Luimneach agus Cill Chainnigh ag súil gur buntáiste an sos ón mbóthar

An-seans gur curaidh na gcúigí a cháileoidh do chluiche ceannais na hÉireann ach tá Port Láirge agus Corcaigh ag dul chun cinn go seoigh faoi láthair

Luimneach agus Cill Chainnigh ag súil gur buntáiste an sos ón mbóthar

Luimneach v Port Láirge, Dé Sathairn, 5pm, Páirc an Chrócaigh

Cill Chainnigh v Corcaigh, Dé Domhnaigh, 3.30pm, Páirc an Chrócaigh

D’fhág Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath slán ag craobhchomórtas 2021 seachtain ó shin. Ní dóigh gur féidir aon ghearán a bheith ag ceachtar dóibh. Bhuaigh na foirne is fearr ar an lá.

Tá ceithre fhoireann fágtha anois ach faoi thráthnóna amárach ní bheidh ann ach péire agus súil acu ar Chorn Mhic Cárthaigh. Ach cé bheidh ag imirt ar an ócáid is tábhachtaí i mbliain na hiománaíochta?

Dar ndóigh tá Luimneach fós mar rogha na coitiantachta agus an stádas sin tuillte acu. Chomh maith leis sin, is acu atá na buntáistí go léir roimh a gcluiche ag 5pm tráthnóna i gcoinne Phort Láirge. Sna cluichí is tábhachtaí eatarthu anuraidh (cluiche ceannais na Mumhan agus cluiche ceannais na hÉireann) bhí an bua ag Luimneach. Tá an painéal is láidre sa tír acu agus tá briseadh trí seachtaine faighte acu óna gcluiche deireanach.

Agus tá an fhéinmhuinín acu a thagann ó bheith ina seaimpíní. Bhíodar thar barr sa dara leath i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan ach sa chéad leath thaispeáin na Tiobraid Árannaigh gur féidir iad a chloí. An cheist mhór ná an féidir le Port Láirge é a dhéanamh um thráthnóna?

Bhuel caithfidh go bhfuil an-mhuinín i measc lucht champa na nDéise ach caithfidh freisin go bhfuil chuid mhaith imreoirí acu atá traochta go maith nó a bhfuil mionghortuithe ag cur as dóibh. Seo an ceathrú deireadh seachtaine i ndiaidh a chéile a bhfuil Port Láirge ag imirt agus tá sé sin thar a bheith dian ar imreoirí amaitéaracha, gan trácht ar an teas marfach a bhí ann nuair a bhíodar i gcoinne Laoise agus na Gaillimhe.

Ach tá an-bhorradh fúthu agus iad an-mhaith ó thaobh taicleála agus is nós leo a bheith ag brú chun tosaigh an t-am ar fad.

É sin go léir ráite, beidh sé an-deacair orthu imirt leis an bhfuinneamh iontach sin don chluiche ar fad.

Bhíos i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo caite agus cheapas go raibh a rás rite ag cuid de na ceannairí is mó atá acu faoin am ar tháinig an cheathrú dheireanach.

Is dóigh go bhfanfaidh sa chluiche isteach sa dara leath ach ní dóigh liom go bhfuil an painéal láidir go leor acu chun an jab a chríochnú.

Ar an Domhnach, ansin, tiocfaidh ríthe an chraobhchomórtais le chéile agus seaimpíní Laighean, Cill Chainnigh, i gcoinne an tsean-namhad, Corcaigh. Anseo i gCorcaigh ceapaimid go bhfuil seans réasúnta againn. Ceapann na geallghlacadóirí gur coimhlint chothrom í a d’fhéadfadh dul bealach amháin nó bealach eile.

I mo thuairimse tá beirt imreoirí sa tír go bhfuil ar a gcumas cluiche a bhuachan astu féin. Is minic scríte agam anseo faoi chumas Tony Kelly cluiche a bhuachan as féin, agus is féidir an rud céanna a rá faoi TJ Reid. Más féidir le Corcaigh líon na bpocanna saor a choimeád íseal agus más féidir Reid a choimeád ar an ngannchuid ón imirt, bhuel, tá seans réasúnta ag Corcaigh. Is dócha go bhfuil sé sin an-simplí mar shlat tomhais ach feictear domsa go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ann.

Bheadh faitíos ormsa roimh na Cait. Tá meascán maith acu d’imreoirí a bhfuil go leor taithí acu agus ógánaigh thar a bheith cumasach. Sa chluiche eipiciúil a bhí ach i gcoinne Loch Garman i mbabhtaí leathcheannais Chúige Laighean ag tosach mhí Iúil thaispeánadar an mianach sin troid go héag a bhíonn i ngach foireann a chuireann Brian Cody chun páirce. Léirigh an taispeántas sin go bhfuil cumas san fhoireann seo agus tréithe fhoirne Cody go smior iontu. Beidh sé an-deacair iad a bhualadh, ach tá Corcaigh ag dul chun cinn go seoigh faoi láthair agus an-mhuinín acu agus iad ar an mbóthar don tríú deireadh seachtaine i ndiaidh a chéile.

Aontaím leis na geallghlacadóirí anseo go bhfuil sé thar a bheith deacair buaiteoir a roghnú. Dar ndóigh, ag tacú le Corcaigh atáim i mo chroí istigh, agus nílim ag tabhairt aon aird ar mo cheann.

Fág freagra ar 'Luimneach agus Cill Chainnigh ag súil gur buntáiste an sos ón mbóthar'