Luigh sé le réasún go dtabharfaí cosaint d’áiteanna ina bhfuil seandaoine ina gcónaí, ach ní hin a tharla

Óró a sheanduine in am an Choróinvíris – tá sé osréalach a bheith ag tabhairt foláirimh faoi leochaileacht aoisghrúpa ar leith gan bunchéimeanna a ghlacadh chun iad a chosaint

Luigh sé le réasún go dtabharfaí cosaint d’áiteanna ina bhfuil seandaoine ina gcónaí, ach ní hin a tharla

Tá sé cloiste againn gach lá ó thús na paindéime. Is iad seandaoine an grúpa is leochailí; is iontu is lú a bheadh teacht aniar in aghaidh an choróinvíris.

Níl teorainn leis an méid foláireamh a tugadh gur cheart d’aosaigh fanacht sa chlúid chun iad féin agus daoine eile a chosaint ó aicíd an Covid-19. Bhí ciall leis an moladh fanacht sa bhaile, slán, scoite amach ó dhaoine goilliúnacha eile.

Luigh sé le réasún, mar sin, nach spárálfaí cúram nó beartais chosanta sna háiteanna ina bhfuil seandaoine lonnaithe ina sluaite, nár luigh? Chun an seans ab fhearr a thabhairt do na háitritheoirí agus dá gcúramóirí.

A mhalairt atá fíor sna tithe altranais agus na hionaid chúraim i dTuaisceart Éireann agus ní léir go bhfuil an scéal mórán níos fearr sa Phoblacht. Tá sé osréalach a bheith ag tabhairt foláirimh faoi leochaileacht aoisghrúpa ar leith gan bunchéimeanna a ghlacadh chun iad a chosaint agus chun scaipeadh na haicíde sna hárais phlódaithe a chosc.

Ní mór a rá go gcaithfeadh éinne a bhíonn ag faire ar nuacht ó ócáid áirid sa rósghairdín ag An Teach Bán na hoícheanta seo a bheith buíoch beannachtach go bhfuil cónaí orainn ar an taobh seo den Atlantach.

Tá a ndícheall á déanamh, go hionraic ag feidhmeannaigh agus polaiteoirí sa tír seo, thuaidh agus theas fiú má tá botúin déanta acu.

Tá siad toilteanach féachaint leis na hearráidí a cheartú.

Is eol dúinn anois go raibh breis is leath na ndaoine a cailleadh le Covid-19 sa Phoblacht lonnaithe in ionaid chónaithe. Bhí ardmholadh faighte ag na húdaráis agus tacaíocht an phobail acu go dtí seo ach bhris conspóid amach le gairid mar nár deineadh tástáil ar oibrithe sna tithe altranais in am agus go raibh ganntanas éide chosanta iontu.

Táthar ag dul i ngleic leis an bhfadhb anois agus foláirimh tugtha gur ghéarchéim náisiúnta í agus fuascailt riachtanach faoi phráinn.

Sa Tuaisceart bhí diancheistiú ar siúl le coicís nach mór faoin mbail a bhí ar oibrithe agus áitritheoirí sna tithe cúraim.

Ba é an scéal céanna é ag cúramóirí i measc an phobail agus na daoine a raibh siad ag tabhairt aire dóibh. I measc na ngearán, bhí an mhoill ar thástáil na n-oibrithe, easpa éide chosanta nó dáileadh lochtach ar an bhfeisteas.

Bhí achainíocha á ndéanamh go poiblí ag oibrithe ag iarraidh PPE. B’aisteach go deo an feic é daoine ag bailiú airgid le feisteas a cheannach d’oibrithe sláinte amhail is gur charthanacht é an NHS, in ionad seirbhís phoiblí a n-íocann an pobal aisti le cánacha.

Bhí a laghad éide chosanta ag roinnt cúramóirí a bhí ag dul ó theach go teach gur iarr cuid dá gcliaint orthu gan a theacht ar ais go dtí go bhfaighidís PPE chun gach duine a choinneáil slán. Dúirt foirne i gcuid de na tithe cúraim go raibh siad ag tabhairt aire do dhaoine leis an aicíd agus gan acu ach naprún agus lámhainní.

Bhí an t-aer beo le ráflaí faoi dhaoine sna hionaid a bheith curtha den saol ag an víreas ach ní raibh an staidreamh ar fáil.

Ní raibh na daoine a cailleadh á n-áireamh i measc líon na marbh.

Fearacht an chleachtais i Sasana, ba iad na daoine a cailleadh sna hospidéil agus a raibh Covid-19 orthu an t-aon dream ar an liosta oifigiúil i dTuaisceart Éireann.

Ar deireadh ghéill na húdaráis don bhrú chun na figiúirí ina n-iomláine a áireamh agus a fhoilsiú.

D’fhógair an tAire Sláinte in Stormont, Robin Swann go mbaileodh NISRA (an áisíneacht staidrimh) an fhaisnéis agus go bhfoilseofaí an t-eolas beacht ón Aoine ar aghaidh.

Is mall agus is mithid.

Baineann an méadú an snas den chuntas ach tá sé práinneach go mbeadh eolas beacht ar fáil faoina fhorleithne agus atá an galar scaipthe agus faoi nádúr na haicíde. Tá cruinneas riachtanach chun polasaí rathúil a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.

Ba chosúil go raibh ‘borradh’ ar an racht abhus le cúpla lá anuas ach go raibh na hospidéil faoi réir dó. Ní léir an amhlaidh an cás sna tithe altranais agus le cúram in ionaid nó sa bhaile.

Tá os cionn 480 teach altranais/teach cúraim sa Tuaisceart, lagus leapacha iontu do 16,000 cónaitheoir agus na mílte eile a dtugann cúramóirí aire dóibh sa bhaile.

Mura mbeadh i gceist ach an uimhríocht féin, ba dhíchéillí an mhaise é don stát gan dícheall a dhéanamh chun líon chomh mór sin daoine a choinneáil slán – ní áirím cearta daonna an tsaoránaigh.

Fág freagra ar 'Luigh sé le réasún go dtabharfaí cosaint d’áiteanna ina bhfuil seandaoine ina gcónaí, ach ní hin a tharla'