Lucht ‘Star Wars’ ag fáil réidh chun dul i mbun scannánaíochta ar an bpointe talún is sia siar in Éirinn

Le dhá lá anuas tá gníomhaíocht aduain ar bun ar an Dún Mór agus dianslándáil i bhfeidhm

StarDun
An t-ullmhúchán atá ar bun ar an Dún Mór os cionn trá an Choma i bparóiste Dhún Chaoin. Pictiúr: Mícheál de Mórdha

Tá ullmhúchán ar bun ar dalladh faoi láthair in Iarthar Duibhneach agus an chuma ar an scéal go bhfuiltear chun tosú gan mhoill ar an scannánaíocht ar an leagan is deireanaí de Star Wars.

Le dhá lá anuas tá gníomhaíocht aduain ar bun ar an Dún Mór os cionn trá an Choma i bparóiste Dhún Chaoin, an pointe talún is sia siar in Éirinn.

Tógadh an pictiúr thuas de roinnt feithicilí bailithe ar phaiste talún timpeall leath slí suas go buaic a’ Dúna Mhóir.

Tugadh lucht slándála faoi deara ar an láthair agus is cosúil go bhfuil siad ag stad daoine ó bheith ag siúl ar an talamh príobháideach seo.

FullSizeRender3
Radharc de nead scannánaíochta a tógadh le pacaí gainimhe sa bhfaill ar an nDún Mór le déanaí, agus é ag féachaint amach ar an gcarraig ar a dtugtar ‘An Liúir’ agus ar an mBlascaod. Pictiúr:Seán Mac an tSíthigh

N’fheadair éinne ach an spéis atá á cur ag daoine sa láthair mhór atá Star Wars a chur le chéile ag Ceann Sibéal agus gléasanna dróin á n-úsáid chun pictiúir ón aer a thógaint de na coirceoga atá mar chuid lárnach den seit ar Cheann Sibéal.

 

Fág freagra ar 'Lucht ‘Star Wars’ ag fáil réidh chun dul i mbun scannánaíochta ar an bpointe talún is sia siar in Éirinn'