Lucht na gcamán i gcontae Aontroma i lár an aonaigh arís

Is é Cumann Cúchulainn Dhún Lathaí agus Cumann Ruairí Óg Chois Abhann Dalla a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais chontae Aontroma

Lucht na gcamán i gcontae Aontroma i lár an aonaigh arís

Captaen Chois Abhann Dalla, Paddy Burke, tar éis dóibh craobh na bliana seo caite a bhuachan. Pictiúr: INPHO/Declan Roughan

Le déanaí ainmníodh iarchúl báire Thiobraid Árann Darren Gleeson mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir Aontroma. Tá taithí ag Gleeson a bheith leo le dhá bhliain anuas ach in 2020 is é bib an bhainisteora a bheidh á chaitheamh aige.

Is minic Liam Sheedy ag cuidiú leis an gcontae le blianta agus is minic a bhíodh Gleeson ag obair le cúl báire na foirne. 

Bhí contae Aontroma sa nuacht le déanaí freisin nuair a rinneadh laoch i Halla na Laochra ag Cumann Lúthchleas Gael d’iarimreoir iomána an chontae, Terence ‘Sambo’ McNaughton. Bhí réalt chumann Ruairí Óg Bhun Abhann Dalla ina bhall den fhoireann dheireanach as an gcontae a bhain áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann i 1989, cluiche nár ródheas an deireadh a bhí air do cheachtar foireann.

In agallamh i ndiaidh na hócáide laochais i bPáirc an Chrócaigh, labhair sé faoin mbród atá air as éachtaí iománaíochta Aontroma agus na cairde a rinne sé agus é ag iomáint. Labhair sé freisin faoin mbaol atá ann dos na cluichí Gaelacha i dTuaisceart Aontroma, mar nach bhfuil an daonra ansin a chuirfeadh fás fúthu. Dúirt McNaughton go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na cluichí a fhorbairt i mBéal Feirste, áit ina bhfuil borradh mór faoin daonra.

Bliain go leith ó shin rinne Cumann Lúthchleas Ghaeil seoladh ar ‘Gaelfast’, togra atá ag déanamh iarracht cúnamh a thabhairt d’fhás agus d’ardú céime na gcluichí Gaelacha i mBéal Feirste.

Ar ndóigh, amárach, beidh ‘Sambo’ i láthair agus cluiche ceannais an chontae á imirt, cluiche a bheidh ar phríomhchluiche CLG ar GAA Beo ar TG4. Is é Cumann Cúchulainn Dhún Lathaí agus a chlub féin Cumann Ruairí Óg Chois Abhann Dalla a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Bhí trí chúilín le spáráil ag Dún Lathaí ar Sheamróga Loch gCaol sa chluiche leathcheannais agus ba é Conal Cunning a rinne formhór na scórála, eisean a fuair aon chúilín déag as an scór cúilín a bhí acu. Ba iadsan na seaimpíní in 2017 agus ó bhuadar a gcéad chraobh i 1990 tá dosaen buaite ar fad acu.

D’imir an club dhá chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile in 2003 agus 2004 ach ba é sin an t-am céanna a raibh Baile Nua Sheandroma agus Biorra i mbarr a réime. Bhíodar sa chluiche ceannais chomh maith i 1995 agus 1996 ach rugadh gairid orthu na laethanta sin. Tá traidisiún láidir iomána sa chlub agus tuigeann siad conas buachaint agus is cinnte agus Gregory O’Kane ar an taobhlíne nach dtabharfaidh siad isteach gan comhrac. 

Sa chluiche leathcheannais eile, comhscór a bhí idir seaimpíní 2018 Ruairí Óg  agus Naomh Eoin Bhéal Feirste ach san athimirt ar an gcluiche seachtain ó shin, ba leis na seaimpíní Ruairí Óg a bhí an lá agus an deis acu anois an corn a bhuachaint den cheathrú huair le deich mbliana. Bhí an chuma ar an scéal ar feadh tréimhsí fada go mbeadh an bua ag Naomh Eoin ach a bhuíochas leis an ardchosaint a rinne na cúlaithe agus an dá chúl a fuair siad taobh istigh de dhá nóiméad, tharraing Ruairí Óg iad féin chun cinn. 

Ná déanaigí dearmad ach an oiread gur imir Ruairí Óg i gcluiche ceannais na hÉireann Lá Fhéile Pádraig 2016 cé go raibh Piarsaigh Luimnigh róláidir dóibh an lá sin.

Amárach i bPáirc Mac Uilín i mBaile an Chaistil a bheidh an t-aicsean ar siúl. Tá an-taithí ag foireann Ruairí Óg agus tá an naoscaire Neil McManus acu. Ach tá a naoscaire féinig ag Dún Lathaí, Conal Cunning, agus ní go héasca a ghéillfidh siad.

Fág freagra ar 'Lucht na gcamán i gcontae Aontroma i lár an aonaigh arís'