Lucht na Gaeilge ‘dóchasach’ as an dreas is déanaí de ‘Lanigan’s Ball’ ag Seán Kyne agus Joe McHugh

Inniu a bheidh an vótáil sa Dáil faoi cheapacháin Joe McHugh ina aire oideachais agus Seán Kyne ina Phríomh-Aoire agus aire stáit Gaeltachta, ceapacháin a bhfuil dóchas ag lucht na Gaeilge ina dtaobh

Lucht na Gaeilge ‘dóchasach’ as an dreas is déanaí de ‘Lanigan’s Ball’ ag Seán Kyne agus Joe McHugh

‘Lanigan’s Ball’ a thug Seán Kyne ar an bhabhtáil atá ar siúl aige féin agus Joe McHugh ar aireacht Stáit na Gaeltachta le ceithre bliana anuas, agus is cosúil gur sásta go maith atá lucht na Gaeilge leis an dreas rince beirte is déanaí acu.

Bhí dóchas ag daoine a labhair le Tuairisc.ie inné go bhfágann filleadh Kyne ar Roinn na Gaeltachta agus imeacht McHugh go dtí an Roinn Oideachais go bhfuil an chuid is fearr den mhargadh faighte ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis na hathruithe atá déanta ag an Taoiseach ar a chomhaireacht.

Inniu a bheidh an vótáil sa Dáil faoi cheapacháin Joe McHugh ina aire oideachais agus Seán Kyne ina Phríomh-Aoire agus aire stáit Gaeltachta.

Tá dóchas lucht na Gaeilge i dtaobh na gceapachán bunaithe ar an tuiscint go mbeidh McHugh toilteanach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge sa chóras oideachais mar gheall ar na tréimhsí atá caite aige i Roinn na Gaeltachta agus ar an meas a bhí ar Kyne nuair a bhí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta cheana air.

Rinne polaiteoirí an fhreasúra cáineadh géar ar chinneadh an Taoisigh i mí an Mheithimh 2017 gan cúram na Gaeltachta a fhágáil ar Sheán Kyne agus an cúram sin a leagan ar an bPríomh-Aoire, Joe McHugh.

Dar le duine de na polaiteoirí sin,  Éamon Ó Cuív, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, gur “údar náire” é gur roghnaigh Leo Varadkar cúram na Gaeltachta a chur le cúraimí an Phríomh-Aoire an chéad lá, ach tá Ó Cuív sásta mar sin féin go bhfuil Seán Kyne ag filleadh ar Roinn na Gaeltachta.

“Tréaslaím a ardú gradaim le Seán Ó Cadhain agus tá mé cinnte go ndéanfaidh sé jab maith ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Mar a dúirt mé cheana, bhí díomá ormsa nuair a d’imigh sé ó Roinn na Gaeltachta.

“Maidir le Joe McHugh, ní drochrud é go mbeadh duine a bhfuil spéis aige sa Ghaeilge sa Roinn Oideachais mar go bhfuil go leor dúshlán ag baint leis an nGaeilge i gcúrsaí oideachais. Tá sé tar éis a rá go minic go bhfuil an-mheas aige ar an teanga agus le cúnamh Dé éireoidh leis tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge agus oideachas Gaeilge sna scoileanna Béarla, atá ina dhúshlán an-mhór.

“Bhí go leor den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge ag brath ar chúrsaí oideachais. Bheinn ag súil go mbeidh comhoibriú maith ar siúl idir Joe McHugh agus Seán Ó Cadhain sa dá roinn mar tá an dá rud fite fuaite ina chéile,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Muireann Ní Mhóráin, roimh cheapachán Joe McHugh mar Aire Oideachais agus Scileanna.

“Is tráthúil duine chomh tiomanta don Ghaeilge a bheith ina Aire agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta faoi lán seoil. De bharr a thréimhse mar Aire Stáit don Ghaeltacht, tá tuiscint faoi leith aige ar cheisteanna a bhaineann leis an oideachas sa Ghaeltacht; scoileanna na n-oileán, ach go háirithe.

“Tá spéis faoi leith aige i bhfoghlaim agus i dteagasc na Gaeilge agus is cinnte go dtacóidh sé leis na forbairtí atá ag tarlú i dteagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal agus leis na cúrsaí  nua oideachas múinteoirí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Tharla a lán forbairtí maidir leis an nGaeilge faoi aireacht Richard Bruton agus beidh deis ag an Aire McHugh tógáil orthu sin.”

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte chomh maith roimh na ceapacháin, cé gur údar míshástachta i gcónaí é nach bhfuil aireacht shinsearach ag an Ghaeltacht, a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

“Is maith go bhfuil Seán Kyne ar ais i Roinn na Gaeltachta. Tá tuiscint mhaith aige ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ón am a chaith sé mar Aire Stáit ann roimhe seo agus tá sé thar a bheith gníomhach i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó shin. Is maith go bhfuil sé ina Phríomh-Aoire agus go mbeidh sé ag Bord an Rialtais ach tá muid fós ag lorg Aire Sinsearach a mbeidh cúrsaí Gaeilge mar phríomhchúram air. 

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

“Is léir ón Bhuiséad nua nach bhfuil ag éirí leis an gcóras faoi láthair agus gan ach aire sóisearach againn. Is gá go mbeadh aire sinsearach ann chun go mbeadh cothrom na Féinne á thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Thar na blianta rinneadh ciorrú dochreidte mór ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht agus tá Aire Sinsearach ag teastáil chun na ciorruithe a chur ar ceal,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Is údar dóchais chomh maith é do Julian de Spáinn go bhfuil iar-aire stáit Gaeltachta le ceapadh ina aire oideachais.

“Tá muid ag plé le Joe McHugh le cúpla bliain anuas agus bhí fadhbanna a bhain le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin i measc na ndúshlán sin a phléigh muid.

“Beidh muid ag díriú ar chúpla rud sna cainteanna le Joe McHugh amach anseo. Beidh muid ag éileamh go gcuirfear i bhfeidhm ina iomláine an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht agus go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil dó agus beidh muid ag lorg a mhacasamhail de pholasaí oideachais do mhúineadh na Gaeilge trí chéile, a dhíreoidh ar gach gné don oideachas trí Ghaeilge,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt de Spáinn gur “gá breathnú ar an oideachas Gaeilge ina iomláine” mar a rinneadh leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht.

“Ní hé go bhfuil an polasaí sin foirfe ach tá sé cuimsitheach. Mura mbeidh go leor múinteoirí le Gaeilge ann ní fhéadfaí an tumoideachais a chur chun cinn, mar shampla, moladh a bhfuil muid ag caint faoi le fada,” a dúirt sé.

Dar le Dónal Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair agus urlabhraí de chuid na heagraíochta nua Gaeltacht Bheo, go mbeidh “cara sa chúirt” anois sa Roinn Oideachais.

“Sílim gur rud dearfach atá ann don Roinn Oideachais go bhfuil duine a bhfuil taithí aige ar an Ghaeltacht ceaptha ina Aire. An rud a bhí maith faoi Joe McHugh ná go raibh sé iontach maith ag éisteacht le daoine agus bhí sé iontach foscailte ar an dóigh sin.

“Tá a fhios agam nach raibh an chumhacht aigesean agus ná raibh sé ina aire iomlán, ach rinne sé iarracht. Spreag sé daoine fosta ó thaobh na Gaeilge de. Creidim go mbeidh sé iontach maith ó thaobh na scoileanna agus ó thaobh daoine a spreagadh,” a dúirt Dónal Ó Cnáimhsí.

Dúirt fear Ghaoth Dobhair go raibh sé ag súil go dtabharfadh an t-aire oideachais nua “cluas le héisteacht” do mhuintir na Gaeltachta go háirithe faoin “tábhacht a bhaineann le macasamhail stádas Deis a thabhairt do scoileanna Gaeltachta”.

Dúirt Ó Cnáimhsí freisin gur rud “an-mhaith” é go bhfuil fear a thuigeann an Ghaeltacht “ar ais i Roinn na Gaeltachta”.

Cé gur míbhuntáiste do Kyne é nach mbeidh stádas mar aire sinsearach aige, síleann Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair “go dtuigeann an t-aire stáit go maith an cás agus go mbeidh sé breá láidir ar son na Gaeltachta”.

Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh Seán Kyne ag iarraidh an maoiniú ceart a fháil d’Údarás na Gaeltachta. Tá muid ag iarraidh pobal beo bríomhar a chruthú anseo i nDún na nGall, ach ní thig sin a dhéanamh gan fostaíocht, ní thig fostaíocht a chruthú gan mhaoiniú. Tá sé uilig ceangailte,” a deir Dónal Ó Cnáimshí.

I measc na n-éileamh eile a bheidh ag Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais nua, beidh siad ag iarraidh go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí don tréimhse a chaitheann siad sa Ghaeltacht.

“Tá rudaí eile nach ndearna an tAire Richard Bruton a bheas muid ag súil go ndíreoidh an tAire nua orthu. Ní raibh Richard Bruton sásta deontas na n-ábhar oidí a thabhairt ar ais. Tá ar mhic léinn íoc as an tréimhse a chaitheann siad sa Ghaeltacht go fóill, rud nach bhfuil ag déanamh aon mhaitheas d’íomhá na teanga.

“Bheadh muid ag súil go mbeadh Joe McHugh in ann an scéal sin a chur ina cheart mar go dtuigeann sé an tábhacht atá leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Bheadh muid ag súil freisin go gceapfaí gníomhaire sa Roinn le díriú ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge freisin.”

I ráiteas a chuir Gaeloideachas amach inné, dúirt a nArdfheidhmeannach Bláthnaid Ní Ghréacháin gur “ceannaire fuinniúil agus eiseamláireach i dtaobh na Gaeilge” é Joe McHugh “a léirigh dea-shampla agus meas ar an nGaeilge, ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta” ó ceapadh ina aire stáit é.

Dúradh i ráiteas Gaeloideachas go raibh an ghéarchéim maidir le soláthar múinteoirí “seacht n-uaire níos measa” ná mar atá san earnáil trí chéile, ach dúirt Ní Ghréacháin go raibh sí ag súil go rachadh “an tiomantas agus an fhís” atá ag Joe McHugh chun leas an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Ghuigh Uachtarán Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir “gach rath” ar McHugh chomh maith agus dúirt sí go raibh sí “cinnte” go gcabhródh “an tuiscint atá faighte aige ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge leis ina ról nua agus “go dtacóidh sé le beartais ar mhaithe le cur chun cinn an oideachais lán-Ghaeilge — an Polasaí Oideachais Gaeltachta ina measc”.

Fág freagra ar 'Lucht na Gaeilge ‘dóchasach’ as an dreas is déanaí de ‘Lanigan’s Ball’ ag Seán Kyne agus Joe McHugh'

  • Magaoidh

    Tá na moltaí thuas don bheirt aire nua imithe thar fóir. Tá maoiniú an IDA méadaithe go mór agus maoiniú an Údaráis íslithe. Bhí ardaithe mhóra don Ghailearaí Náisiúnta, don Chomhairle Ealaíona agus don Mhúsaem Náisiúnta srl. Níl ach maoiniú beagáinín níos airde curtha ar fáil don Ghaeilge agus is ísliú a bhí ann don Ghaeltacht fad is atá na blianta ríthábhctacha ag sleamhnú uainn.

    Is cuid de facto den rialtais iad Fianna Fáil agus vótáil siad le cosc de réir dlí a chur ar úsáid na Gaeilge sna fógraí oifigiúla stáit ar buidéil agus cannaí alcóil. Vótáil siad chun dlús a chur leis an Ghaeilge a dhíchoimisiúnú mar theanga oifigiúil stáit.