Lucht leanta ‘Star Wars’ chugainn ina sluaite – ach cá rachaidh siad?

Má thagann an méid sin de lucht leanúna Star Wars go dtí Corca Dhuibhne beidh gá le ‘Camchuairt Star Wars’ a bhunú, a deir lucht turasóireachta

Lucht leanta ‘Star Wars’ chugainn ina sluaite – ach cá rachaidh siad?

De réir gach cosúlachta, beidh lucht leanta Star Wars chugainn ina sluaite anseo i gCiarraí tar éis dóibh eolas a fháil mar gheall ar an gcontae ag taispeántas ollmhór dár teideal Star Wars Celebration a bhí ar siúl in ionad ExCel i Londain an deireadh seachtaine seo caite. Bhí seastán ag Tourism Ireland ag an taispeántas agus bhí ionadaíocht ann ó thrí thionscnamh turasóireachta sa chontae – The Mooring agus The Skelligs Experience in Uíbh Ráthach agus Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

“Ócáid ollmhór ar fad ba ea é seo agus bhí sé ar an taispeántas ba thaibhsí dár fhreastail mé air riamh. Ní raibh orainn a bheith ag díol aon rud ar an seastán mar tá lucht leanta Star Wars suite meáite ar theacht chun na háiteanna a bhaineann le Star Wars sa chontae seo a d’fheiscint lena súile féin.

“Cé go bhfuil cuid acu ná tuigeann i gceart go bhfuil suíomhanna éagsúla a bhaineann leis an scannán againn anseo. Mar sin féin, bhí eolas ag cuid mhaith acu, a thug cuairt ar an taispeántas, go raibh a leithéid d’áit agus Corca Dhuibhne ann.

“Má thagann an méid daoine a bhfuil súil againn leo, beidh dúshlán againn. Ní mór dúinn rud éigin ar nós Camchuairt Star Wars a bhunú anseo i gCorca Dhuibhne agus Baile An Fheirtéaraigh agus Dún Chaoin a bheith mar fhócas ar leith ar an gcamchuairt sin,’ a dúirt Caroline Boland, Feidhmeannach Margaíochta de chuid Chomhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, a bhí i láthair ag ‘Ceiliúradh Star Wars’.

Dúirt Boland gurbh é an dúshlán ba mhó a bhraitheadar agus iad ag an seastán ná “an easpa eolais agus tuisceana” atá ann maidir le dul amach go Sceilig Mhichíl.

“Ní mór Plean B a chur le chéile go luath chun plé leis an méid daoine ná beidh ar an gcumas an charraig seo a bhaint amach in aon chor, tar éis teacht i bhfad ó bhaile chun cuairt a thabhairt uirthi. B’fhéidir go mbeadh deis anseo chun go ndéanfadh an dá leithinis – Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne – comhoibriú lena chéile.

“Ní foláir teacht ar bhealach éigin chun a chur in iúl do lucht leanta Star Wars gur ball thar a bheith iargúlta é Sceilig Mhichíl. Ní thuigeann siad siúd atá meáite ar chuairt a thabhairt ar Sceilig Mhichíl an méid seo. Is amhlaidh a dheineann siad an suíomh a ghúgláil ar an idirlíon agus away leo!” a dúirt Caroline Boland.

Dúirt an Feidhmeannach Margaíochta de chuid Chomhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne go raibh mórán daoine ó Mheiriceá agus ón nGearmáin, ach go háirithe, ag an taispeántas ach go rabhadar ann chomh maith ón Fhrainc, ón Iodáil, ón mBreatain agus ón tSeapáin agus  tíortha eile.

Ach má thagann tuilleadh turasóirí go Corca Dhuibhne, de réir mar atá á thuar, de bharr na poiblíochta ar fad ó Star Wars agus ó Top Gear, beidh baol ann go mbeidh an iomarca acu ann agus mar sin go gcuirfidh sin an ruaig orthu siúd atá ag teacht le blianta fada chun lán a súl a bhaint as áille na dúiche chomh maith le blaiseadh a d’fháil de chultúr agus d’oidhreacht na háite.

Tá sé ráite le fada ag lucht turasóireachta gur drochrud ó thaobh thodhchaí thionscal na turasóireachta anseo i gCorca Dhuibhne an iomad turasóirí a bheith ag teacht ’on dúiche. Mar atá sé faoi láthair is ar éigean is féidir aon lóistín ar phraghas réasúnta a fháil in aon áit i gcóngar an Daingin sna trí seachtaine atá romhainn.

De réir figiúirí a d’eisigh Comhairle Contae Chiarraí an tseachtain seo caite, tháinig 1,050,000 cuairteoir thar lear go dtí Ciarraí anuraidh maille le 625,000 eile ón tír seo. Is cosúil gur chaith na cuairteoirí seo €260 milliún sa chontae anuraidh.

Fág freagra ar 'Lucht leanta ‘Star Wars’ chugainn ina sluaite – ach cá rachaidh siad?'