Lucht agóide faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ‘an-sásta’ leis an éisteacht a tugadh dóibh

Deir an ceoltóir agus feachtasóir Breanndán Ó Beaglaoich gur éirigh ‘thar na bearta’ le hagóid ag Teach Laighean ag ar baineadh úsáid as ceol agus crosa chun aird a tharraingt ar chás na Gaeltachta sa chóras pleanála

Lucht agóide faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ‘an-sásta’ leis an éisteacht a tugadh dóibh

Deir Breanndán Ó Beaglaoich, an ceoltóir agus feachtasóir faoi chúrsaí pleanála, go bhfuarthas “an-éisteacht” ó Theachtaí Dála, Seanadóirí agus polaiteoirí ag agóid Thodhchaí na Tuaithe a eagraíodh lasmuigh de Theach Laighean inné.

Eagraíodh an agóid chun aird a tharraingt ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras pleanála agus ar na deacrachtaí a deirtear a bhíonn ag muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ina gceantair féin.

Dúirt Ó Beaglaoich go rabhthas “an-shásta” leis an agóid ag ar baineadh úsáid as ceol agus crosa chun aird a tharraingt ar chás na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Beaglaoich, gur éirigh “thar na bearta” leis an agóid a raibh daoine ó Chorca Dhuibhne agus ceantair Ghaeltachta eile ar fud na tíre i láthair aici.

Dúirt sé go raibh go raibh “aird náisiúnta” á díriú anois “ar an éagóir atá á déanamh ar ghlúin óg na Gaeltachta ag an chóras pleanála”.

“Tar éis 15 bliain ag troid agus €25,000 a chaitheamh i vásta, tá cead agamsa tigín beag 50 méadar cearnach a thógaint age baile ach caithfidh leathacra a bheith agam leis sin a dhéanamh.

“Dá mbeinn istigh sa Daingean leis an leathacra sin, d’fhéadfainn ocht gcinn de thithe a thógáint.”

Dúirt Ó Beaglaoich go bhfuiltear ag súil go ndéanfar athrú ar na rialacha pleanála le gur féidir lena chlann féin agus daoine óga eile sa Ghaeltacht maireachtáil ina gceantar dúchais.

“An rud atáimid a lorg go bhfaigheadh ár mbailte dúchais an t-aitheantas céanna atá á fháil ag eastáit tithíochta agus go mbeadh cead againn níos mó ná tigh amháin a thógaint áit a bhfuil spás a dhóthain.

“Níl aon tigh ag éinne de mo chlann, táid ina gcónaí i gcarbhán nó tá tithe ar cíos acu agus ba cheart go mbeadh cead acu tógaint ina gceantar dúchais.”

Bhí an Beaglaoch 15 bliain ag fanacht ar chead pleanála a fháil ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach agus thosaigh sé feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath.

Cé go bhfuil cead pleanála faighte aige chun teach aon urláir a thógáil, dúirt Ó Beaglaoich gur “gá troid anois ar son daoine óga”.

“Ní gá domhsa faic eile a dhéanamh anois. Tá mo thigh agamsa anois ach ní féidir le mo chlann tigh a thógáint ina mbaile dúchais.

“Bhí mo sheanmhuintir, mo shinseanmhuintir, is mo thuismitheoirí ag maireachtáil sa cheantar. Tá sruth an cheoil agus na Gaelainne ag dul siar na céadta bliain agus seo an chéad ghlúin riamh a bhfuil stop curtha leo maireachtaint ina gceantar dúchais.

“Táthar ag tachtadh na Gaelainne sa

tobar leis na rialacha seo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Lucht agóide faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ‘an-sásta’ leis an éisteacht a tugadh dóibh'

  • Cluain Sceach

    Treise leo