‘Love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach ar focloir.ie in 2022

1.8 milliún duine a thug cuairt ar foclóir.ie in 2022 agus 2.4 milliún úsáideoir a bhain leas as teanglann.ie

‘Love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach ar focloir.ie in 2022

Focail “bheaga shimplí” ab ea na focail ba mhó cuardach ar foclóir.ie in 2022, de réir eolais atá curtha ar fáil ag lucht na bhfoclóirí do Tuairisc.

An rud céanna a bhíonn i gceist i gcás foclóirí eile, a deirtear.

“Tá taighde ann a léiríonn gurb iad na focail is mó úsáid sa chaint is mó a chuardaítear sna foclóirí,” a deir urlabhraí ó foclóir.ie.

‘For’, ‘go’ agus ‘to’ na trí fhocal ba mhó cuardach i mbliana. Bhí ‘love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach i mbliana chomh maith.

Na deich bhfocal is mó cuardach
  2022 2021
1 for for
2 go go
3 to play
4 play to
5 be help
6 fun love
7 help get
8 get fun
9 love do
10 do family

 

1.8 milliún duine a thug cuairt ar foclóir.ie in 2022 agus 2.4 milliún úsáideoir a bhain leas as teanglann.ie.

Bhí focail agus téarmaí eile á gcuardach ag daoine i mbliana nach bhfuil san fhoclóir fós. Ar na ‘cuardaigh gan toradh’ seo, bhí ‘student nurse’, ‘theory test’, ‘teaching council’, ‘oat milk’, ‘antigen test’ agus ‘smart watch’. Cuirfear na focail sin leis an bhfoclóir an bhliain seo chugainn.

Ar fhoclóir Uí Dhónaill a bhí 50% den trácht ar teanglann.ie in 2022, chomh maith le 20% ar fhoclóir de Bhaldraithe agus ar na comhaid fuaime agus ghramadaí.

“An príomhthátal atá le baint as na figiúirí sin ná an riachtanas atá ag pobal na teanga le foclóir cuimsitheach comhaimseartha Gaeilge-Béarla,” a dúirt ulabhraí na bhfoclóirí.

Cuireadh tús i mbliana le dhá fhoclóir nua, an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus mórfhoclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá s i gceist go mbeadh an dá fhoclóir sin ar aon mhéid leis an bhfoclóir clóite Concise English-Irish Dictionary a foilsíodh in 2020.

 

Na deich bhfocal is mó cuardach ar Teanglann.ie in 2022

Foclóir Uí Dhónaill

1
2 Téigh
3 Tabhair
4 Faigh
5 Déan
6 Tar
7 Abair
8 Cuir
9 Bain
10 Feic

 

An Bunachar Gramadaí

1
2 Téigh
3 Faigh
4 Déan
5 Tabhair
6 Abair
7 Cuir
8 Tar
9 Feic
10 Ceannaigh

 

An Bunachar Fuaime

1 Gaeilge
2 Cuan
3 Aoibh
4 Síofra
5 Caoineadh
6 Leanbh
7 Taoiseach
8 Aoibhinn
9 Daideo
10 Sionnach 

 

Úsáid na suíomhanna – líon na n-úsáideoirí

Foclóir.ie

  2022
Úsáideoir 1.8 milliún
Seisiún 5.5 milliún
Amas 28 milliún

 

Teanglann.ie

  2022
Úsáideoir 2.4 milliún
Seisiún 6.4 milliún
Amas 34 milliún

Cá mbíonn daoine ag úsáid na suíomhanna foclóireachta?

Éire:                78%

Stáit Aontaithe:      9%

An Bhreatain:          5%

Ceanada:            1%

An Astráil:          1%

Cé na gléasanna a bhíonn in úsáid acu?

Fón póca:            59%

Ríomhaire deisce:  38%

Táibléad:       3%

Fág freagra ar '‘Love’, ‘fun’ agus ‘help’ i measc na ndeich bhfocal is mó cuardach ar focloir.ie in 2022'