‘Lockdown’, ‘pandemic’ agus ‘mental health’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie i mbliana

Tá leithéidí ‘non-binary’ agus ‘paddle boarding’ le cur san áireamh nuair atá an suíomh á nuashonrú in 2022 toisc an tóir a bhí orthu i mbliana

‘Lockdown’, ‘pandemic’ agus ‘mental health’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie i mbliana

Tá tionchar na paindéime le feiceáil sna torthaí cuardaigh ar Foclóir.ie i mbliana agus focail a bhaineann leis an Covid-19 i measc na gcinn ba mhinice a ndearnadh cuardach orthu.

Ba é ‘lockdown’ an 12ú focal ba mhó cuardach ar an suíomh in 2021 agus bhí ‘pandemic’, ‘coronavirus’ agus ‘mental health’ uile i measc an 500 focal ba mhó cuardach.

Tháinig fás mór ar líon na gcuardach don fhocal ‘vaccine’ in 2021. Bhí 225% níos mó cuardach ann in 2021 i gcomparáid le 2020.

Tá focail eile a bhaineann leis an bpaindéim le cur san áireamh sa chéad nuashonrú eile ar Foclóir.ie in 2022. Bhí ‘Covid-19’, ‘working from home’, ‘PPE’ agus ‘covid test’ i measc na bhfocal a ndearnadh cuardach orthu go minic ach nach bhfuil san fhoclóir fós.

Deir lucht foclóir.ie gur léir ó na cuardaigh a bhí á ndéanamh ag úsáideoirí an tsuímh le bliain anuas gur chuig an bhfoclóir sin a théann siad ag lorg leaganacha Gaeilge de théarmaí a thagann i dtreis i gcúrsaí reatha nó sóisialta ár linne. Cosúil leis na téarmaí paindéime thuas, cuirfear leithéidí ‘non-binary’ agus ‘paddle boarding’ san áireamh nuair a dhéanfar nuashonrú ar an suíomh an bhliain seo chugainn toisc go raibh tóir orthu in 2021.

Ba iad na deich bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie in 2021 ná ‘for’, ‘go’, ‘play’, ‘to’, ‘help’, ‘love’, ‘get’, ‘fun’, ‘do’ agus ‘family’.

Tríd is tríd, is focail bheaga shimplí iad na focail is mó cuardach. Dar le lucht an fhoclóra, tá sé sin ag teacht le húsáid foclóirí eile. Tá taighde ann a léiríonn gurb iad na focail is mó úsáid sa chaint is mó a chuardaítear sna foclóirí.

2.4 milliún úsáideoir a bhí ag an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar líne in 2021, mar a bhí anuraidh. Thug na húsáideoirí sin 6.9 milliún cuairt (seisiún) ar an suíomh agus d’amharc siad ar 36 milliún leathanach, ardú 6%.

Bhí méadú suntasach ar líon na ndaoine a bhain úsáid as an suíomh Teanglann.ie le bliain anuas. 2.83 milliún duine a bhí ag an suíomh in 2021, ardú 19%, agus d’ardaigh líon na seisiún ó 6.3 milliún go dtí 6.9 milliún.

Ar fhoclóir Uí Dhónaill a bhí 50% den trácht, chomh maith le 20% ar fhoclóir de Bhaldraithe agus ar na comhaid fuaime agus ghramadaí araon. An príomhthátal atá le baint as na figiúirí sin ná an riachtanas atá ag pobal na teanga le foclóir cuimsitheach comhaimseartha Gaeilge-Béarla.

‘Bí’, ‘téigh’, ‘tabhair’, ‘faigh’, ‘déan’, ‘abair’, ‘tar’, ‘cuir’, ‘bain’ agus ‘feic’ na deich bhfocal is mó cuardach ar Teanglann.ie in 2021.

In Éirinn a rinneadh 78% de na cuardaigh, bhain 10% acu le Meiriceá (os cionn 250,000 duine), bhain 5% leis an mBreatain agus bhain 1% le Ceanada agus 1% leis an Astráil.

Is ar an bhfón póca a rinne 61% de na cuardaigh, rinneadh 35% ar ríomhaire deisce agus 4% ar tháibléad. In 2015, bhí ríomhairí in úsáid ag 52%, fóin phóca ag 36% agus táibléid ag 12% d’úsáideoirí an tsuímh.

Tá Foras na Gaeilge ag prapáil chun tabhairt faoi dhá fhoclóir nua in 2022: an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus mórfhoclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá i gceist go mbeadh an dá fhoclóir sin ar aon mhéid leis an bhfoclóir clóite Concise English-Irish Dictionary a foilsíodh in 2020.

Fág freagra ar '‘Lockdown’, ‘pandemic’ agus ‘mental health’ i measc na bhfocal is mó cuardach ar foclóir.ie i mbliana'