LITRÍOCHT BHÉIL: Lá Fhéile Stiofáin, Lá an Dreoilín

Thíos tá leagan tras-scríofa d'ábhar ó Bhailiúchán na Scol ar dúchas.ie mar aon le hacmhainní, gníomhaíochtaí agus smaointe don seomra Gaeilge

Gníomhaíocht 1: Spreagcheisteanna ó bhéal:

  1. Cén uair sa bhliain a bhfeiceann tú an dreoilín thart?
  2. Cén fáth go bhfuil an dreoilín cáiliúil?
  3. Céard a tharlaíonn ar Lá Fhéile Stiofáin i do cheantar?

Má tá teacht ag an rang ar ríomhairí/gléasanna digiteacha beidh an múinteoir in ann mentimenter.com a úsáid leis na cuntais ar fad a roinnt.

Gníomhaíocht 2: Íomhánna:

  • Féach ar na híomhánna sa nasc seo agus déan cur síos do do pháirtí ar an imeacht atá ar siúl ann. Céard atá ar eolas agat faoin imeacht seo?

Gníomhaíocht 3 – Athscríobh:

Gníomhaíocht 4 – Taifead:

  • Éist leis an taifeadadh seo den scéal.

Gníomhaíocht 5: Léitheoireacht:

  • Seo an leagan tras-scríofa don scéal.
  • Léigh an chéad leath den scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú leat leis an bhfoghraíocht.

Lá Fhéile Stiofáin, Lá an Dreoilín

Thit Lá ’le Stiofáin ar Dé Domhnaigh an bhliain seo caite. Tháinig buachaillí go dtí ár dtigh an lá sin ag bailiú airgid chun an dreoilín do chur. Bhí craobh cuilinn ina lámha acu agus bhí ribíní ceangailte mórthimpeall air chun é a mhaisiú agus bhí dreoilín istigh i lár baill ann. Bhíodar ag canadh ‘Amhrán an Dreoilín’. Tháinig beirt fhear chomh maith agus bhí aghaidheanna fidil orthu agus bhí culaith éadaigh stractha orthu. Bhí gléas ceoil acu agus bhíodar ag seinnt air. 

Sé an fáth a bhítear ar thóir an dreoilín an lá sin ná seo. Nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Naomh Stiofán do thóg sé sos fé chrann. Nuair do chonaic sé na saighdiúirí ag teacht, do rith sé suas an crann agus tháinig na saighdiúirí agus shuíodar fén gcrann agus ní fhacadar Naomh Stiofán in aon chor. Bhí dreoilín in airde ar an gcrann agus do dhein sé fothram lena sciatháin agus d’fhéach na saighdiúirí suas agus do chonaiceadar Naomh Stiofán agus do rugadar air agus do chaitheadar clocha leis agus do mharaíodar é agus maraíonn na buachaillí an dreoilín ó shin i leith

An Dreoilín

Dreoilín a fuaireas-sa síos ar an Inse
Fé bhéal carraige agus carbhat síoda air
Thugas-sa chugaibhse é, a mhuintir an tí  seo
Is gur seacht fearr um an dtaca seo arís sibh

Dreoilín a thugas-sa chugatsa, a Shiobhán
Ní le dul i lionn ná in arán
Ach mar dhúil an tuairisc do choimeád
Do bhíodh inár ndúthaigh Lá le Stiofán

Dreoilín a fuaras-sa i gcarn cloch
Is ar ndóin ní fearr é a fháil i dtor
Chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos
Éirigh a bhean an tí agus líon chugam deoch.

Mór an trua an dreoilín ar bharr an chnoic
An bháisteach ag tál air, an síon, an sioc
Ag imeacht thar na na bánta is a chos a bhí gearrtha

  • Nasc chuig an leagan bunaidh

 

Gníomhaíocht 6 – Deis Taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Cén chuma a bhí ar an gcraobh cuilinn?
  2. Conas a bhí na daoine seo gléasta?
  3. I d’fhocail féin déan cur síos ar an bhfáth go raibh siad ag dul thart leis an dreoilín.
  4. Cá bhfuair an duine an dreoilín sa rann?
  5. “Is gur seacht fearr um an dtaca seo arís sibh.” Cén bhrí a bhaineann tú as na focail sin?
  6. Cén bhaint atá ag an rann seo leis an scéal faoin dreoilín agus Naomh Stiofán?
  7. Cén chanúint atá le cloisteáil sa chuntas agus sa rann seo. Tabhair sampla den chanúint sin agus scríobh an focal sin i gcanúint eile.

Gníomhaíocht 8 – Taighde sa Phobal Teanga

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi Lá Fhéile Stiofáin/faoin Nollaig nuair bhí siadsan óg.

Spreagcheisteanna:

Cad iad na nósanna a bhíodh acu?
Cad iad na hathruithe a tharla i gcaitheamh na mblianta?
An raibh ullmhúchán faoi leith ag teastáil?
An raibh bia faoi leith luaite leis an Nollaig?

  • Is féidir taispeántas beag Pecha Kucha a chur le chéile leis an eolas a chur os comhair an ranga.

Gníomhaíocht 9 –Taighde ar Líne:

  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi Lá Fhéile Stiofáin nó faoin Nollaig as do cheantar féin.
  • Déan taighde faoi aon nósanna a bhíonn ag daoine i dtíortha eile ar fud an domhain Lá Fhéile Stiofáin.

Gníomhaíocht 9 –Téigh i mBun Pinn – Punann:

  • Is blagadóir thú. Scríobh blag faoin Nollaig i do theach agus do cheantar féin.

Spreagcheisteanna:

Céard iad na nósanna a bhíonn agaibh féin agus an pobal áitiúil?
An ndéanann sibh aon rud difriúil?
Céard a tharlaíonn Oíche Chinn Bhliana?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Féach ar chuntais dhaoine eile agus cuir ceisteanna orthu fúthu.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

Gníomhaíocht 10: Téigh i mbun Pinn – Punann:

  • I ngrúpaí scríobh script an scéil faoin méid a tharla idir Naomh Stiofán agus an Dreoilín.

Smaointe:

Bíodh ról ag gach duine sa ghrúpa – msh: Scríbhneoirí, aisteoirí, bainisteoir stáitse, ealaíontóirí stáitse.
Déan focail agus nathanna a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Déan an dráma a chleachtadh. Bí cúramach faoin bhfoghraíocht.
Is féidir an dráma a léiriú os comhair an ranga agus/nó é a thaifeadadh.

Gníomhaíocht 11: Ceol  Punann:

  • Déan iarracht ceol a chur leis an rann seo i ngrúpaí agus véarsa nó dhó eile a chumadh nó is féidir amhrán nuachumtha a chruthú agus a thaifeadadh.

Gníomhaíocht 12 – Naisc ábhartha eile:

  • Seo thíos naisc chuig ailt ar tuairisc.ie faoi Lá Fhéile Stiofáin. Déan iad a léamh agus fág trácht. Déan tráchtanna daoine eile a léamh agus tabhair freagraí.

Fág freagra ar 'LITRÍOCHT BHÉIL: Lá Fhéile Stiofáin, Lá an Dreoilín'