Ó DHÚCHAS: Chaitheadar clocha leis agus do mharaíodar é agus maraíonn na buachaillí an dreoilín ó shin i leith…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo i gCorcaigh a fhaighimid an seanchas a bhain le céasadh an dreoilín agus rann deas le rá ag an doras

Ó DHÚCHAS: Chaitheadar clocha leis agus do mharaíodar é agus maraíonn na buachaillí an dreoilín ó shin i leith…

Lá Fhéile Stiofáin, Lá an Dreoilín

Thit Lá ’le Stiofáin ar Dé Domhnaigh an bhliain seo caite. Tháinig buachaillí go dtí ár dtigh an lá sin ag bailiú airgid chun an dreoilín do chur. Bhí craobh cuilinn ina lámha acu agus bhí ribíní ceangailte mórthimpeall air chun é a mhaisiú agus bhí dreoilín istigh i lár baill ann. Bhíodar ag canadh ‘Amhrán an Dreoilín’. Tháinig beirt fhear chomh maith agus bhí aghaidheanna fidil orthu agus bhí culaith éadaigh stractha orthu. Bhí gléas ceoil acu agus bhíodar ag seinnt air. 

Sé an fáth a bhítear ar thóir an dreoilín an lá sin ná seo. Nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Naomh Stiofán do thóg sé sos fé chrann. Nuair do chonaic sé na saighdiúirí ag teacht, do rith sé suas an crann agus tháinig na saighdiúirí agus shuíodar fén gcrann agus ní fhacadar Naomh Stiofán in aon chor. Bhí dreoilín in airde ar an gcrann agus do dhein sé fothram lena sciatháin agus d’fhéach na saighdiúirí suas agus do chonaiceadar Naomh Stiofán agus do rugadar air agus do chaitheadar clocha leis agus do mharaíodar é agus maraíonn na buachaillí an dreoilín ó shin i leith

Máire Ní Shuibhne, An Ladhar, Bántír,  Co Chorcaí a scríobh an cuntas seo.

An Dreoilín

Dreoilín a fuaireas-sa síos ar an Inse
Fé bhéal carraige agus carbhat síoda air
Thugas-sa chugaibhse é, a mhuintir an tí  seo
Is gur seacht fearr um an dtaca seo arís sibh

Dreoilín a thugas-sa chugatsa, a Shiobhán
Ní le dul i lionn ná in arán
Ach mar dhúil an tuairisc do choimeád
Do bhíodh inár ndúthaigh Lá le Stiofán

Dreoilín a fuaras-sa i gcarn cloch
Is ar ndóin ní fearr é a fháil i dtor
Chaitheas mo mhaide leis is bhriseas a chos
Éirigh a bhean an tí agus líon chugam deoch.

Mór an trua an dreoilín ar bharr an chnoic
An bháisteach ag tál air, an síon, an sioc
Ag imeacht thar na na bánta is a chos a bhí gearrtha
Gan bríste gan básta air agus is fuar é a dhriuch.

Seán Ó Séaghdha, An Bán i mBéarra, i gContae Chorcaí a fuair an rann seo óna athair

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Chaitheadar clocha leis agus do mharaíodar é agus maraíonn na buachaillí an dreoilín ó shin i leith…'