Litríocht an domhain ar fáil i seastán le taobh an bhóthair

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá an leabharlann bhabhtála ar shráid mháthair ár gcolúnaí níos fearr ná roinnt siopaí leabhar atá ar a aithne.

Litríocht an domhain ar fáil i seastán le taobh an bhóthair

Níl ann ach mí nó dhó ó bhí mé i siopa leabhar fisiciúil. Bhí mé sa Bhrasaíl an t-am sin, áit nach bhfuil srianta chomh daingean sin i bhfeidhm i gcoinne scaipeadh an choróinvíris. Ach anois agus tamall á chaitheamh agam i mo thír dhúchais, an Ísiltír, áit a bhfuil an rialtas díreach tar éis síneadh míosa a chur le dianghlasáil atá i bhfeidhm le dhá mhí anuas cheana féin, cronaím uaim na siopaí leabhar níos mó ná siopa ar bith eile.

Cinnte, tá suíomhanna idirlín ag na siopaí leabhar ar fad agus bainim úsáid astu. Ach ní hionann brabhsáil i siopa leabhar ar líne agus brabhsáil i siopa leabhar fisiciúil.

Bíonn na siopaí ar líne go breá áisiúil nuair a bhíonn a fhios agat roimh ré cén leabhar atá uait. Ach nuair a theastaíonn uait a bheith meallta ag leabhar nár chuala tú iomrá air riamh – an bhfuil bealach níos fearr chun titim i ngrá le húdar nua? – ní bhíonn siad chomh maith céanna.

Am éigin ó thosaigh géarchéim an choróinvíris, thosaigh duine de chomharsana mo mháthar leabharlann bhabhtála. Seastán adhmaid le taobh na sráide atá ann, dath feiceálach turcaidghorm air, agus dhá dhoras gloine a chosnaíonn na leabhair a fhágtar ann ón mbáisteach. Féadfaidh tú na leabhair a thabhairt leat saor in aisce.

Bhí coimhthíos orm roimh an leabharlann bhabhtála ar dtús. Coimhthíos a bhain, is baolach, le mo chuid réamhchlaonta féin i gcoinne na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar inar fhás mé aníos. Céard a bheadh sa seastán sin ach scéinséirí agus leabhair faoi chailliúint meáchain?

Agus cinnte, bhí Grisham, Coontz agus leabhair éagsúla faoi aistí bia ar fáil ann go flúirseach, mar a fuair mé amach nuair a d’oscail mé doirse an tseastáin faoi dheireadh d’fhonn roinnt leabhar nach raibh ag teastáil uaim féin a thuilleadh a fhágáil ann. Ach bhí Saul Bellow ann, leis. Carlos Ruiz Zafón freisin. Agus, creid é nó ná creid, úrscéal leis an sárscríbhneoir ón mBrasaíl Graciliano Ramos, agus ní mise a d’fhág ann é.

Nuair a thug mé cuairt ar an leabharlann bhabhtála arís lá nó dhó ina dhiaidh sin bhí na leabhair sin imithe. Ach bhí slám teideal úr tagtha isteach, leabhair le húdair mór-le-rá agus le scríbhneoirí nár chuala mé trácht riamh orthu. Bhí an seastán seo le taobh an bhóthair níos fearr ná roinnt gnáthshiopaí leabhar atá ar m’aithne!

Rith sé liom ansin go mbíonn an-tóir ar shráid s’againne ag siúlóirí, agus ar ndóigh ní féidir le daoine rud ar bith a dhéanamh ina gcuid ama saor na laethanta seo, agus chuile shórt dúnta, ach dul ar shiúlóidí. Tugann na sluaite seo soláthar seasta don leabharlann bhabhtála, agus ní théann lá ar bith thart nach dtugaim féin cuairt uirthi. Níor thug mé leabhar ar bith abhaile liom go fóill – ag iarraidh mo sheanseomra a ghlanadh atá mé seachas a bheith á líonadh – ach d’uireasa na siopaí leabhar fisiciúla, tugann an seastán beag adhmaid sin léargas laethúil dom ar fhairsinge litríocht an domhain.

Fág freagra ar 'Litríocht an domhain ar fáil i seastán le taobh an bhóthair'