Litir oscailte chuig na Teachtaí Dála nach bhfuair an t-ardú céime…

Tá roinnt comhairle ag ár gcolúnaí do na Teachtaí Dála nach bhfuair an t- ardú céime a shíl siad féin a bhí tuillte acu

Litir oscailte chuig na Teachtaí Dála nach bhfuair an t-ardú céime…

A Theachta Dála,

Níor cheil tú an díomá ná an fhearg a chuir rogha foirne an cheannaire ort nuair a labhair tú ar an raidió ar theacht an drochscéala.

Bhí “déistin” ort, a dúirt tú, nár thairg an ceannaire fiú post mar aire stáit duit. Tar éis a ndearna tú ar a shon agus ar son an pháirtí le fada an lá, dar leat gur “náire shaolta” é nár chúitigh sé do shaothar leat.

B’ionann do neamhcheapadh, a dúirt tú, agus “masla” don dáilcheantar uilig.

Bhí a fhios agat roimh ré ar ndóigh (nó mura raibh, ba chóir go mbeadh a fhios agat) nach ar bhonn buíochais a cheapann ceannairí airí agus airí stáit.

Ghlac ár bhformhór leis go dtí seo gur thuig tú i gcónaí gur ar a chonlán féin a dhéanann gach ceannaire a ghnó ó thús go deireadh a ré.

Cinnte, bíonn ceannairí buíoch, uaireanta. Tugann siad aitheantas cuí do Theachtaí Dála a léirigh dílseacht nó díograis, uaireanta. Ach is láidre i gcónaí a n-aird ar riachtanais eile agus foireann rialtais á roghnú acu: leas a bpáirtithe agus a leas pearsanta a chur chun cinn go háirithe.

Ní foláir focal géar a bheith againn leat mar sin ag an bpointe seo.

Chuir tú stuaim agus gliceas i leataobh nuair a cháin tú cinneadh an cheannaire. Ar ndóigh, bhí díomá ort. Ar ndóigh, bhí cantal ort.

Ach rinne tú dearmad de bhunriail sa pholaitíocht: tá sé chomh maith ag Teachta Dála nach bhfuair ardú céime dul ag feadaíl in aghaidh na gaoithe le bheith ag clamhsán go poiblí.

 Ar tháinig ceannaire ar bith riamh ar mhalairt intinne mar gheall ar chlamhsán a chuala sé tar éis dó airí a roghnú? Ar athraigh moltóir a intinn riamh tar éis dó cárta dearg a thaispeáint d’imreoir? An mbeidh trua dáiríre ag mórán duit toisc gur fhág ceannaire neamhbhuíoch tú i do shuí ar na cúlbhinsí? Na freagraí, i mbeagán focal: níor tháinig, níor athraigh, agus ní bheidh dáiríre.

B’fhéidir nár chuala tú trácht ar cheapacháin eile a chuir míshásamh as cuimse ar scata beag Teachtaí Dála, ar feadh tamaill. I 1992, chuaigh Albert Reynolds i gcomharbacht at Chathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Dhíbir sé ochtar airí sinsearacha (Mary O’Rourke, Ray Burke agus Gerry Collins ina measc) as an rialtas, chomh maith le seachtar airí stáit. 

Ní nach ionadh, tugadh “the night of the long knives” ar sceanairt an Taoisigh nua, ach glacadh leis ar chaon taobh d’Fhianna Fáil go raibh a lucht leanúna féin á gcur in oifig aige.

Níor chuir an t-ár polaitiúil as rómhór do ghairm gach aire a briseadh. Ceapadh Mary O’Rourke mar leasCheannaire ar an bpáirtí i 1994 agus mar aire arís in éineacht le Ray Burke i 1997. Toghadh Gerry Collins ina fheisire Eorpach i 1994.

Níl i scéal an triúir sin ach sampla den fhírinne nár chóir duit a ligean i ndearmad riamh. Is féidir a héirim a achoimriú má iompaítear an leagan cainte cáiliúil droim ar ais: ní híseal ná uasal ach thíos seal agus thuas seal.

Idir an dá linn, cuimhnigh ar do thuarastal 96,189 sa bhliain.

Cuimhnigh ar na costais bhreátha taistil, óstáin agus oifige a fhaigheann gnáthTheachtaí Dála. Agus cuimhnigh ar dhóchas réasúnta an pháirtí go mairfidh an comhrialtas nua ar feadh suas le cúig bliana.

Níl tú gan sólás, ní hionann agus na céadta míle atá as obair agus gan mórán dóchais acu go n-aimseoidh siad post de shaghas ar bith go luath.

Is mise le meas áirithe, ach gan mórán trua duit…

Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Litir oscailte chuig na Teachtaí Dála nach bhfuair an t-ardú céime…'