LITIR ÓN RÓIMH: Cuairt ar Cinecitta na scannán a mhairfeas go brách

Is iontach an léargas ar stair na scannán agus ar an stair féin atá ar fáil in Cinecitta sa Róimh

LITIR ÓN RÓIMH: Cuairt ar Cinecitta na scannán a mhairfeas go brách

Chonaic mé an scéal faoi bhás Kirk Douglas agus mé ar cuairt ar Cinecitta sa Róimh.Ba ansin a rinne sé roinnt scannán mór le rá le linn a shaol fada aisteoireachta – Spartacus ina measc. I lár an chéid seo caite bhí ré órga ag na scannáin a rinneadh ar an láthair mhór mhillteach seo – Ben Hur, Cleopatra, Roman Holiday, The Last Emperor, Three Coins in a Fountain agus go leor, leor eile.

Ach ní raibh a fhios agam go dtí gur thug mé cuairt ar an áit gurbh é an deachtóir Benito Mussolini a bhunaigh an stiúideo scannán Cinecittà sa mbliain 1937. Chonaic sé an tábhacht a bhain le scannáin chun a theachtaireacht pholaitíochta a scaipeadh.

‘Il cinema è l’arma più forte’- ‘is é an scannán an gléas troda is cumhachtaí,’ a dúirt Mussolini. Agus d’oibrigh sé stróc polaitíochta an-choitianta – cheap sé a bheirt mhac chun an gnó a reáchtáil. In imeacht sé bliana rinneadh 300 fadscannán agus nuachtscannáin in Cinecittà. Ach chuir an dara cogadh mór agus gach ar tharla san Iodáil deireadh leis sin go ceann píosa.

Ina dhiaidh sin, tháinig an stiúideo mór ar ais ar a chosa arís agus tosaíodh ag déanamh mórscannáin ann ina raibh réaltaí móra na haisteoireachta agus na stiúrthóireachta – ‘Hollywood ar an Tiber’ a tugadh ar Cinecittà. Má chuimhníonn tú ar réalta aitheanta na linne – Sophia Loren, Elizabeth Taylor, Richard Burton, Audrey Hepburn, Kirk Douglas, Clint Eastwood, bí cinnte gur oibrigh siadsan ansin tráth den saol.

 

Bhí an áit tarraingteach do lucht Hollywood toisc go raibh rátaí pá agus costais i bhfad níb ísle san Iodáil ná mar a bhí I Meiriceá agus bhí an láthair chomh fairsing sin go rabhthas in ann ‘láithreacha’ móra a thógáil taobh amuigh agus taobh istigh. Chomh maith leis sin, bhí gach áis eile ann a theastaigh chun scannán a léiriú – dearadh, feistis, eagarthóireacht, ceardlanna tógála agus mar sin de.

D’oibrigh na stiúrthóirí Iodálacha ba mhó cáil anseo freisin – Fellini, Visconti, Leone, Zeffirelli, Bertolucci agus go leor eile. Go deimhin, agus mé ag cur stampa ar chárta poist, thug mé faoi deara gur in onóir do Sergio Leone a bhí sé tiomanta. Ba anseo a rinne sé na scannáin cháiliúla in éineacht le Clint Eastwood – For a Few Dollars More agus a leithéidí. Deirtear gurbh é Leone a chuir tús leis an gcineál scannáin a dtugtar an Spaghetti Western air agus d’fhéadfadh go leor acu sin a bheith feicthe agaibh ar TG4.

Ach de réir a chéile, agus le fás na nuatheicneolaíochta, bhí lucht déanta scannán in ann oibriú gan na seiteanna móra millteacha a bhí ar fáil in Cinecittà. Mar shampla, Ardán 5, an stiúideo ab ansa leis an stiúrthóir cáiliúil Fellini – sin é an ceann is mó a mbaintear úsáid as sa lá atá inniu ann – agus is do shraitheanna teilifíse is mó a úsáidtear é. Tá an chuid is mó de láthair Cinecittà fágtha díomhaoin ó na 90idí ar aghaidh.

Ach ar a laghad, is ionad turasóireachta anois é agus is féidir dul ann ar an Metro (cuireadh síneadh leis chun freastal ar an daoine a bhí ag obair ann).

Ba bheag a cheap mé nuair a bhí mé ar stáitse leis an aisteoir Ciarán Hinds in amharclann an Druid fadó, go mbeadh mé, lá éigin,  ag siúl thart ar an láthair sa Róimh a raibh sé féin i bpáirt Julius Caesar ann, sa tsraith teilifíse HBO/BBC ‘Rome’. Tugtar thart ar an láthair tú mar chuid den chuairt.

Ní haon iontas go raibh cáil ar na healaíontóirí agus na ceardaithe a d’oibrigh in Cinecittà.

Thabharfá an leabhar go raibh tú ag siúl thart ar chathair stairiúil ré na hImpireachta Rómhánaí. Go dtí go mbuaileann tú do mhéar ar an seanbhalla agus cloiseann tú cnag éadrom a thugann le fios gur snáithínghloine atá ann.

Agus thart ort tá na seanfhoirgnimh ó ré órga Impireacht na Róimhe – an Teampall, an Seanad, an Áirse, An Pantheon – nó a gcomhionann. Tá siad buailte ar a chéile ar bhealach nach bhfuil réalaíoch – ach sin cuid de rún na scannánaíochta – braitheann an radharc ar an stiúrthóir agus an té atá i mbun an cheamara.

Tá ‘cuan’ mór fairsing tógtha ann atá tréigthe anois, ach a bhí lán le huisce agus le ‘longa’ nuair a bhí Martin Scorsese i mbun Gangs of New York. Bhí tráth ann nuair a bhíodh na láithreacha móra fairsinge seo ag teastáil. Theastaigh 15,000 aisteoir ‘breise’ ón stiúrthóir William Wyler don scannán cáiliúil Ben Hur, i 1959.

Agus iad i mbun an rás cáiliúil carbaid sa scannán céanna, bhaineadar úsáid as 18 acra de shuíomh Cinecittà agus mhair an scannánú ar an rás féin ar feadh cúig seachtaine. Is beag nach mbeadh scannán iomlán déanta agat san achar sin sa lá inniu.

Ní dhéantar mórán ar an scála sin anois – tá an ríomhaire in ann gach rud a shamhlú agus a chur os comhair an lucht féachana.

Agus tá an ríomhaire ag obair ar bhealaí eile a thacódh le fís Mussolini. Ar a laghad sna 30idí agus tú ag féachaint ar nuachtscannán nó scannán sa phictiúrlann, bhí barúil mhaith agat go raibh tú faoi dhraíocht, b’fhéidir, ag duine nó dream a bhí ag brú teachtaireachta ort.

Tá an diabhal de ríomhaire agus gach a mbaineann leis ag oibriú orainn anois ar bhealaí dofheicthe, nach dtuigeann muid agus nach dtuigfidh go brách, b’fhéidir. Nuair a fheicimid grianghraf ar Facebook an bhfuilimid cinnte gur le gairid a tógadh é, gur tógadh roinnt blianta ó shin é nó go ndearnadh eagarthóireacht air chun scéal bréagach a insint?

Nuair a fheicimid scéal nuachta ar Twitter an mbímid cinnte a thuilleadh gur scéal fírinneach é?

Ach tá an scannán fós cumhachtach mar phíosa ealaíne, mar rud a mhairfeas go brách. An tseachtain seo ceiliúraimis bua Parasite ag Gradaim na nOscar – an chéad scannán i dteanga eile seachas Béarla i stair na nGradam.

Nára fada uainn an lá go mbeidh scannán i nGaeilge ag ceiliúradh ar an stáitse céanna.

Agus go ciúin, beimid ag tabhairt focail Mussolini chun cuimhne – sea, ‘an gléas troda is cumhachtaí’.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN RÓIMH: Cuairt ar Cinecitta na scannán a mhairfeas go brách'

  • Anne Bracken

    Go hiontach! Bhí mé fhéin i cathair Tyre sa Liobán theas, suíomh an rása cáiliul i mBen Hur. Deirtear gur san áit seo a fuair siad an dath (Tyrian purple ó seilide) le haghaidh “togas” Seanadóirí sa Róimh !
    Óchon!
    Níl mo chuid Gaeilge thar moladh beirte anois!