LITIR ÓN mBEILG: Bhí orm féachaint ar shochraid m’athar ar scáileán beag agus mé níos mó ná 1,000 km ón áit a raibh sé ar siúl…

Is iomaí cuid den saol a bhfuil an coróinvíreas tar éis cur isteach uirthi, an bealach a bhfágaimid slán lenár ndaoine muinteartha san áireamh

LITIR ÓN mBEILG: Bhí orm féachaint ar shochraid m’athar ar scáileán beag agus mé níos mó ná 1,000 km ón áit a raibh sé ar siúl…

D’imigh m’athair ar shlí na fírinne mí ó shín. Bhí sé ag fulaingt leis an néaltrú agus, déanta na fírinne, ag fágáil slán leis a bhíomar le tamall roimhe sin.

Ní raibh sé éasca féachaint air agus a shláinte ag teip, go háirithe le linn an 12 mhí dheireanacha nuair gur beag a bhí fágtha den fhear mór láidir a raibh aithne againn ar fad air. Duine fíorlag a bhí romhainn anois, duine a bhí traochta tnáite ag an saol seo.

Agus é chomh lag sin sa deireadh, bhí a fhios againn nárbh amhlaidh go mbeadh sé féin ag iarraidh greim a choinneáil ar an mbeatha ar mhaithe le greim a choinneáil ar an mbeatha. Ach níor laghdaigh sin an cumha mór a bhí orainn, ná an phian, ná mothú uafásach na críochnaitheachta nuair a bhí sé imithe uainn.

Mairfidh sin go ceann i bhfad.

Ach mar bharr ar an donas, d’fhág an ghéarchéim dhomhanda lena bhfuilimid ag troid faoi láthair nach raibh mé taobh le m’athair nuair a thréig an anáil é. Ní raibh mé ar a shochraid chun slán a rá leis i gceart ach oiread. Tá cónaí orm sa Bhruiséil agus, cé gurbh fhéidir liom filleadh abhaile nuair a cailleadh é, shocraigh mé gan é sin a dhéanamh toisc nár mhaith liom mo mháthair (atá sna seachtóidí) in Éirinn ná mo bhean chéile agus triúr páistí anseo sa Bhruiséil a chur i mbaol.

Ar an dea-uair, tá cónaí ar bheirt de mo chuid deartháireacha in Éirinn agus bhíodar ann chun tacaíocht a thabhairt do mo mháthair le linn na seachtaine deireanaí deacra. Tá deartháir eile de mo chuid ag cur faoi san Astráil agus, dar ndóigh, bhí sé sa chruachás céanna is a bhí mé féin.

Cuireadh ceamara ar siúl sa teach pobail lá na sochraide agus craoladh an searmanas beo ar an idirlíon.

Bhí sé fíoraisteach agus fíorbhrónach a bheith ag féachaint ar shochraid m’athar ar scáileán beag agus mé níos mó ná 1,000 km ón áit a raibh sé ar siúl.

Bhí sé fíoraisteach agus, dar ndóigh, brónach freisin an séipéal a fheiceáil, é beagnach folamh agus gan ach dornán beag daoine i láthair.

Bhreathnaigh níos mó ná 200 duine ar an mbeoshruthú ar líne. Dúirt cuid de na comharsana go líonfadh a shochraid an séipéal dá mbeadh gach rud mar is ceart.

Toisc nach rabhthas in ann m’athair a thórramh sa bhaile, socraíodh a shochraid a atreorú thar ár dteach ar a bhealach chun na reilige. Bhí feabhas tar éis teacht ar an aimsir agus bhí lá breá earraigh ann. Tháinig comharsana an cheantair amach ar na bóithre agus ag na crosbhóithre chun slán a fhágáil aige.

Ba bheart corraitheach agus oiriúnach é gan dabht, fianaise ar an méid measa a bhí ag muintir na háite air. Ní raibh ach thart ar 30 duine sa reilig. In ionad mé féin agus mo dhearthár d’ísligh beirt chol ceathracha de mo chuid, nianna de chuid m’athar, a chónra síos san uaigh. Agus sin mar a chríochnaigh sé.

Tá an víreas uafásach millteach seo i ndiaidh slad a dhéanamh agus na céadta míle duine ar fud an domhain curtha den saol nó go dona tinn aige.

Is léir, áfach, go bhfuil sé ag cur isteach orainn ar gach bealach eile a thiocfaí a shamhlú freisin, an bealach a bhfágaimid slán lenár ndaoine muinteartha san áireamh.

Is ábhar bróin é dúinn, dar ndóigh, nárbh fhéidir linn slán ceart a fhágáil le m’athair de réir sheantraidisiúin na tíre. Mar sin féin, caitear, is dócha, iarracht a dhéanamh smaoineamh ar na nithe dearfacha, más féidir leat an focal sin a úsáid.

Bhí saol fada ag m’athair (bhí 90 bliain nach mór slánaithe aige). Tá a fhios againn go raibh sé sásta lena shaol agus bhain sé an-sult as. Fuair sé cúram iontach ó mó mháthair, chomh fada is a bhí sí in ann an cúram sin a thabhairt dó sa bhaile, agus, ina dhiaidh, sin ón teach altranais beag ina raibh sé sa deireadh. Bhí meas mór ag muintir na háite air.

Beidh seirbhís chuimhneacháin againn ina onóir chomh luath is a bheidh an ruaig curtha ar an víreas curtha dínn agus seans againn filleadh abhaile.

Líonfaimid an séipéal dó an uair sin, is dócha.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN mBEILG: Bhí orm féachaint ar shochraid m’athar ar scáileán beag agus mé níos mó ná 1,000 km ón áit a raibh sé ar siúl…'

  • Mise Áine

    Ní maith liom do thrioblóid, a chara…:-(

  • Brenda Ní Shúilleabháin

    Déanaim comhbhrón leat. Beannacht Dé le d’athair, agus sólás chugaibh go léir.