LITIR ÓN INDIA: Marbh le tae agus marbh gan é i dTír Dé…

Ní haon iontas go dtugtar ‘Tír Dé’ ar Stát Kerala, a deir ár gcolúnaí a thug cuairt ar eastát tae thuas sna cnoic

‘Íoctar réasúnta maith iad,’ a dúirt an fear liom agus é ag trácht ar na mná a bhí ag baint an tae. Bhíomar ar cuairt chuig eastát tae thuas sna cnoic. Agus chuir mé an cheist toisc gur léigh mé go raibh stailc agus agóidíocht ar bun ag na hoibrithe ar na heastáit tae tamall gairid ó shin.

Ach ar nós go leor rudaí san India, ní mar a chéile an scéal ó thuaidh agus an scéal ó dheas. Bhí drochphá amach is amach á fháil ag na hoibrithe – mná a bhformhór, sa taobh ó thuaidh den tír. Ach de réir mo chara nua, bhí coinníollacha oibre i bhfad níos fearr i Stát Kerala.

Bhí an t-eastát tae ag síneadh inár dtimpeall i ngach treo, ag clúdach gach cnoc le cairpéad glas déanta de phlandaí ísle glasa. Is crann é an planda I ndáiríre agus dá dtabharfaí cead a chinn dó, d’fhásfadh sé chomh hard le crann ar bith eile. Ach níl an tsaoirse sin aige – gearrtar agus bearrtar é chun gur féidir na duilleoga deasa míne ar an mbarr a ghearradh le siosúr.

Agus an scata ban a bhí inár dtimpeall ag gearradh agus ag líonadh na gciseán le duilleog tae? Ba as Tamil Nadu, an stát taobh linn, a tháinig siad.

Ba sórt saineolaithe ar bhaint na nduilleog a bhí iontu, dar le mo chara. ‘Sin é an fáth go híreáiltear an dream sin as Tamil Nadu – toisc go bhfuil gach eolas acu faoin gceird áirithe seo.’

Ar ndóigh, agus gan de phá ach thart ar 1,200 rúipí á fháil acu (má éiríonn leo 60 kg de dhuilleoga tae a bhaint in aon lá amháin), ní haon iontas é nach mian le pobal Kerala féin an sclábhaíocht a dhéanamh. (Is ionann sin agus thart ar €15 in aghaidh an lae). I gcomparáid leis na daoine a chuaigh ar stailc sa taobh ó thuaidh den India is íocaíocht an-mhaith é sin.

Is dócha gur fianaise atá sa mhéid sin ar a fheabhas agus atá ag éirí le muintir Kerala sa saol. Is anseo atá an leibhéal oideachais is airde as tír. Deir mo chara liom nach bhfuil ach 6% den phobal dífhostaithe.

Is ar thóir postanna ardleibhéil a bhíonn siad ar fad tar éis dóibh institiúidí oideachais a fhágáil. Ní haon iontas go n-imíonn cuid mhaith acu ar imirce. Dúirt cara sa mbaile liom gurb as Kerala cuid mhaith de na haltraí ar oibrigh sise leo I mBaile Átha Cliath.

Agus an treoraí ár stiúradh thart ar na heastáit mhóra tae, rubair agus spíosraí, d’inis sé dom go bhfuil caighdeán ard oideachais ag a bheirt pháistí- iarchéimí duine amháin acu agus ábhar MBA an duine eile. Ní dócha go mbeidh ceachtar acu siúd ag baint duilleoga tae go deo.

Is le comhlachtaí móra aitheanta na gnólachtaí tae in India.

Cé gurbh iad na Sasanaigh a thug an gnó ón tSín i dtosach, tá an India anois ar cheann de phríomhtháirgeoirí tae an domhain. I Stát Kerala, ba leis an gcomhlacht mór Indiach Tata, an gnó tae ar fad beagnach.

Ach roinnt blianta ó shin rinneadar rud neamhghnách. Dhíoladar na heastáit tae lena gcuid oibrithe. Is dócha go raibh cúis mhaith gnó leis an gcinneadh. Bhí rún ag Tata níos mó béime a chur ar fhorbairt ‘branda.’ (Comhlacht mór uile-ghníomhach é Tata). Ach ceaptar gur gníomh maith ar son na n-oibrithe a bhí sa mhéid sin.

Dea-ghníomh eile a rinneadar I dtús na n-ochtóidí an charthanacht ‘Srishti’ a bhunú. Chuireadar gnó lámhcheardaíochta ar bun in aice leis an eastát tae. Tá an gnó seo ag freastal ar dhaoine a bhfuil cumais éagsúla acu agus ba mhór an cuidiú é do dhaoine a raibh páistí acu a raibh deacrachtaí acu – ach iad féin ag obair leis an tae.

Déanann na ceardaithe éadach a dhathú le dathanna nádúrtha ag úsáid ‘batik’ agus ‘ceangail/dathú’.

Thugadar saineolaí as an tSeapáin le modh áirithe dathaithe a mhúineadh dóibh. D’éirigh go maith leis an ngnó agus bunaíodh ceardlann eile taobh leis, ag déanamh páipéir de láimh.

Tá iarsmaí de sheanréimeas na Sasanach le feiceáil thart, go háirithe I músaem an tae. Ní cheadófaí d’éinne tíogar a mharú anois – is ag iarraidh iad a chothú a bhíonn siad.

Thuas ar na cnoic a fhásann an tae. Ní haon iontas gur thaitin a leithéid d’áit leis na Sasanaigh.

Bhíodar ag iarraidh éalú ón teas millteanach ag leibhéal na farraige. Ach is cuma thuas nó thíos thú, fásann an uile chineál planda anseo- rubar, spíosraí, torthaí, glasraí, adhmad, tae, caife, cócó…. agus fásann siad go héasca.

Agus ní chuirtear orlach talún amú – fásann an crann rubair ard ach ní aibíonn sé go ceann seacht mbliana. Idir an dá linn fástar bananaí agus anainn faoi na crainnte rubair san ithir thorthúil.

Níl trácht ar gheimhreadh ná fómhair anseo – go deimhin faightear trí bharr ó chuid de na plandaí in aon bhliain amháin.

Ní haon iontas go dtugtar ‘Tír Dé’ ar an Stát seo.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN INDIA: Marbh le tae agus marbh gan é i dTír Dé…'