LITIR Ó NUA-EABHRAC: Cultúr agus teangacha dúchasacha Mheiriceá beo i gcónaí

Is dlúthchuid músaem i Nua-Eabhrac den aitheantas teoranta oifigiúil a thugtar do náisiúin na nIndiach Meiriceánach

LITIR Ó NUA-EABHRAC: Cultúr agus teangacha dúchasacha Mheiriceá beo i gcónaí

Nuair a dúirt mé le cara le gairid go mbeinn i Nua-Eabhrac an tseachtain seo mhol sí dom cuairt a thabhairt ar mhúsaem an-suimiúil a thugann léargas ar ghné thábhachtach de stair agus de chultúr Mheiriceá.

Is mó a thábhacht mar gheall ar an neamhaird a thugann go leor daoine sna Stáit Aontaithe fós ar an leatrom a rinneadh ar phobal dúchasach nó Indiach na tíre – leatrom nach bhfuil deireadh leis fós.

Cuireann músaem náisiúnta na nIndiach Meiriceánach i gcuimhne do chách go bhfuil cultúr agus teangacha dúchasacha Mheiriceá beo i gcónaí.

Focal faoi chúrsaí téarmaíochta sara rachaidh mé níos faide. Dúirt dúchasaigh, mar a thugtar orthu go minic, ar fhoireann an mhúsaeim liom nach bhfuil aon locht acu ar ‘Indiach’ mar chur síos orthu. Dúirt siad áfach, mar a deir fíormhór na saineolaithe, go mb’fhearr leo go dtabharfaí comhaltaí dá náisiúin orthu – Cherokee, Navajo, Apache, Sioux, Choctaw agus a leithéid.

Ní féidir cuntas sásúil a thabhairt in alt gairid mar seo ar na seoda ealaíne agus cultúir atá ar fáil sa mhúsaem agus ar líne (filíocht mar shampla) . Tá grianghraif de chuid acu curtha ar Twitter agam faoin nasc le haghaidh an ailt seo ag @CMacCoille.

Chuir mé spéis ar leith i dtaispeántas an mhúsaeim a bhain le stair na nIndiach a díbríodh fadó as an gcuid is mó de Long Island. An fáth? Bhí iontas orm go raibh dhá náisiún Indiach ina gcónaí fós ar thearmainn bheaga in oileán atá chomh cóngarach do Nua-Eabhrac.

Tá ocht gcéad comhalta de náisiún na Shinnecock ina gcónaí ar thearmann 900 acra (thart ar a leath d’achar talún Pháirc an Fhionnuisce) atá suite in aice le Southampton ar chósta thoir an oileáin. Ar an gcósta céanna, de réir an daonáirimh a rinneadh in 2020, bhí 436 den náisiún Unkechaug ag cur fúthu ar thearmann caoga acra atá tuairim is 150 ciliméadar ó Nua-Eabhrac.

Bhí an talamh go léir i seilbh na ndúchasach go dtí gur tháinig daoine ón Eoraip i dtír an chéad uair sa 17ú haois. Stair fhada léanmhar a bhí rompu ina dhiaidh sin agus iad á ndíbirt as an gcuid is mó den talamh agus an talamh is torthúla sa tír.

Ní hionann sin agus a rá áfach gur pobal beag iad na hIndiaigh sa 21ú haois. Meastar, arís de réir an daonáirimh a rinneadh in 2020, go bhfuil thart ar 5.2 milliún dúchasach – nó a dó faoin gcéad den daonra iomlán – ina gcónaí sna Stáit Aontaithe agus Alaska san áireamh.

Is dlúthchuid an músaem den aitheantas teoranta oifigiúil a thugtar do náisiúin na nIndiach Meiriceánach cé go gceiltear aitheantas praiticiúil orthu ar go leor bealaí fós – mar shampla maidir le seirbhísí riachtanacha agus maidir le tógáil mórphíobán uisce agus tograí infreastruchtúir.

Léirigh eachtra amháin a bhfuil cur síos air sa mhúsaem sampla áitiúil den fheall stairiúil as cuimse a rinne daoine geala ar na hIndiaigh.

Tá Páirc Van Cortland sa cheantar de Nua-Eabhrac ar a dtugtar an Bronx anois. Keskeskick a tugadh air nuair a thosaigh cogadh na saoirse idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain i 1775.

Nuair a thug fórsaí Meiriceánacha agus Breataineacha aghaidh ar a chéile i gcath Keskewick i 1778, throid saighdiúirí ón náisiún Mohican ar thaobh na Meiriceánach. Maraíodh 17 saighdiúir Indiach sa chath inar chuir na Sasanaigh an ruaig ar na Meiriceánaigh faoi dheireadh.

Nuair a bhuaigh na Meiriceánaigh an cogadh i 1783, dhiúltaigh siad do gach iarratas a rinne dúchasaigh an cheantair go dtabharfaí sciar de na tailte a bhíodh ina seilbh ar ais dóibh. Deir leacht cuimhneacháin i bPáirc Van Cortland

August 31, 1778. Upon this Field Chief Nimham and Seventeen Stockbridge Indians, as Allies of the Patriots, Gave their Lives for Liberty’ ach níl tagairt ar bith air don dream a choinnigh seilbh a dtailte i ndiaidh an chogaidh.

D’aistrigh an náisiún Mohican (ina dteanga féin: ‘muintir na n-uiscí a chorraíonn go síoraí’) a raibh cónaí orthu sa réigiún atá suite gar do bhruacha an Hudson go Wisconsin sna 1820idí.

Tá iarracht oifigiúil dháiríre déanta sa mhúsaem agus i mórán áiteanna eile sna Stáit stair lom fhírinneach na tíre a admháil agus a chur os comhair an phobail. Is léir freasúra láidir áfach ar fud na tíre ó dhaoine ar nós an iar-uachtaráin Trump a thug ‘naimhde Mheiriceá’ go minic ar staraithe a mhol insint iomlán chothrom ar stair na tíre.

Léiríonn dhá scéal reatha a bhaineann le cúrsaí dlí cuid den dul chun cinn a theastaíonn fós, ach atá i mbaol fós, agus cothrom na Féinne á lorg d’Indiaigh Mheiriceá.

Bhí polasaí i bhfeidhm ar fud na Stát Aontaithe go dtí na 1970idí faoinar tógadh na mílte páiste go héigeantach ó phobail Indiacha i gcomhair a n-uchtaithe. Vótáil comhdháil Minnesota Dé Luain i bhfabhar reachtaíochta a thabharfaidh ceart do dhaoine a uchtaíodh an leagan iomlán dá dteastais bheireatais a fháil ó na húdaráis. Níl reachtaíocht dá leithéid rite fós áfach ach i 15 stát.

Tá breithiúnas a thabharfaidh an Chúirt Uachtarach i mbliana ag cur imní ar phobail dhúchasacha. Neartaigh dlí náisiúnta atá i bhfeidhm ó 1978 cearta na náisiún Indiach (ina mbíonn smacht agus údarás láidir ag máithreacha agus seanmháithreacha ar pháistí) cur in aghaidh uchtú amach [as an bpobal].

Dúirt abhcóidí ar son lánúin ón gcine gheal as Texas, atá ag iarraidh páiste a uchtú, leis an gCúirt anuraidh go raibh idirdhealú míbhunreachtúil á dhéanamh ar bhonn cine.

Dúirt Sandy White Hawk ó náisiún na Lakota, bunaitheoir Fheachtas Aisdúichithe na gCéad Náisiún, leis an New York Times go bhfuil ceart ag náisiúin Indiacha a bpáistí féin a thógáil.

Ní easaontódh duine réasúnta léi, shílfeá. Ach an mbeidh an Chúirt Uachtarach ar aon tuairim léi ó thaobh dlí de?

Táthar ag súil le breithiúnas cinniúnach na Cúirte Uachtaraí roimh shaoire an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'LITIR Ó NUA-EABHRAC: Cultúr agus teangacha dúchasacha Mheiriceá beo i gcónaí'

  • Pól Mac na Cinsearachta

    @@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@@

    Imeacht le Dónall Mac Billings

    I dTigh na Gaeilge,
    Cúirt Uí Fhiaich,
    An Longfort.

    Tréimhse ama 3 uaire 02/06/2023
    Os Comhair an Phobail · Failte roim cách

    ************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome
    ************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome
    ************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonallMacBill YouTube @DonallMacBill

    “Taispéantas Ealaíne Easaontaigh Poblachtaigh sa Ghaeilge amháin”

    agus

    ” Taispeántas Feidhmchláir Ríomhaireachta sa Ghaeilge”

    Ba mhian liom Stair na Tíre seo a léiriú i bhfoirm radharcúil ar adhmad, ghloine agus eile.

    Rogh mé ocht dtréimhse ó 1798 go dtí an lá atá inniu ann sa bhliain 2022 a pheint ar phíosa amháin ar thug mé ‘Clár na Staire Poblachtaigh’ air.

    Thug mé léiriú faoin tionchar a d’imir an Córas Caipitileach ar an Domhan mór ar phíosa eile ar thug mé ‘Rotha mór an tSaoil Chaipitiligh’ air.

    Gheobhfar líníochtaí, pictiúir ildaite, léaráidí leis an obair seo a chur i gcríoch ar na meáin thuasluaite.

    Déanaim trácht fosta ar na heachtraí móra sa Stair a bhfuil mo dhearcadh easaontach le sonrú iontu ina measc.

    ‘An Gorta’ (mar dhea !!!) ‘An Cogadh Cathartha’ agus cinn eile nach iad.

    Is Íomhanna agus léiríthe iad seo á chur i láthair le scuab peint, iarann dóite agus gloine.

    Is mise meas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (Saor anois agus cead mo chinn agam)
    as an Jailteacht/Ghaeltacht,
    Príosún PhortLaoise, Ardán 1, Bloc E,
    ÉIRE.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=artistdetail&artist=D%C3%B3nallTom%C3%A1sMacBillings&id=11074

    *****************************************************************************************

  • Gabriel Rosenstock

    I gcead do Chathal, ní léargas ar bith ar chultúr (é beo, leathbheo nó marbh) a thugann músaem dúinn. Go deimhin, maíonn smaointeoirí áirithe, Wolfi Landstreicher cuir i gcás, nach beo do chultúr ar bith laistigh den chóras caipitlíoch:
    “Níl aon chultúr dá chuid féin ag an gcaipitleachas, ar an mbonn go bhfuil gá ag cultúr le
    so-athraitheacht agus caidrimh bheo. Nuair a ghlacann an caipitleachas seilbh ar chultúr, maraíonn sé é mar aonán beo mar nach bhfuil aon ní beo aige le tabhairt ar ais dó (ná spéis aige ina leithéid).”
    Tuilleadh eolais:
    https://www.academia.edu/102359698/MACHNAMH_AINRIALA%C3%8D_le_Gabriel_Rosenstock