LITIR Ó LÁR NA hEORPA: Tá teachtaireacht nihilíoch taobh thiar de bholscaireacht na Rúise

Bliain ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin níl aon stad leis na bréagscéalta atá á scaipeadh i lár na hEorpa

LITIR Ó LÁR NA hEORPA: Tá teachtaireacht nihilíoch taobh thiar de bholscaireacht na Rúise

Thug mé faoi deara den chéad uair é, i ndáiríre, le linn na paindéime. Bhínn ag díospóireacht gach lá, beagnach, le cairde nó le daoine muinteartha a bhí in amhras faoi na polasaithe dianghlasála nó (rud atá níos deacra a thuiscint) ag cur i gcoinne an vacsaínithe a thug bealach as an bpaindéim faoi dheireadh thiar thall dúinn.

Cheap mé nach raibh taobh thiar de na tuairimí sin ach easpa muiníne as an gcóras leighis agus as rialtas a bhí ag gníomhú ar bhealach an-amscaí ag an am. Ach baineadh geit asam nuair a thosaigh na daoine céanna, neamhspleách ar a chéile, ag moladh na vacsaíne Rúisí Sputnik V, á áiteamh nach raibh an oiread sin baoil ag baint léi i gcomparáid le leithéidí Pfizer, a dúirt siad a d’fhéadfadh an cód géiniteach a athrú. Ba chuma leo nach raibh mórán eolais ar fáil faoi na tástálacha a rinneadh ar Sputnik V, nó faoina tháirgeadh.

Ba amhlaidh go raibh níos mó muiníne acu as an Rúis, stát a rinne ionradh míleata ar an tSeicslóvaic i 1968 agus ionsaí sceimhlitheoireachta sa tír in 2014, ná as an Aontas Eorpach agus as a rialtas féin.

Ba léir ag an bpointe sin nach gnáthluaidreáin a bhí ann, ach go raibh foinse agus sprioc ar leith taobh thiar de. Is féidir ceangal a dhéanamh go han-éasca idir é agus scéalta eile atá forleathan fós i lár na hEorpa, scéalta a chaitheann amhras ar chóras an daonlathais, ar an Aontas Eorpach, ar NATO. Tuairimí a mhaíonn go bhfuil comhcheilg ar bun ag iriseoirí, ag intleachtóirí poiblí agus ag an “stát domhain” (agus ag na Giúdaigh, ar ndóigh!) chun géarleanúint a imirt ar an ngnáthphobal agus ar easaontóirí ar bith. Bíonn bréagscéalta á scaipeadh faoin gcailifeacht Ioslamach atá á beartú in Iarthar na hEorpa agus faoi mhianta ollsmachtacha an lucht LADTA.

Ar ndóigh, ba theoiric chomhcheilge de shaghas eile a áiteamh gur díreach ón Rúis a eascraíonn na tuairimí sin ar fad, ach níl aon amhras ach go mbíonn bolscaireacht na Rúise fíoréifeachtach ag scaipeadh agus ag neartú na mbréagscéalta.

Díreach mar a chomhairligh an ginearál Síneach Sun Tzu – má tá na naimhde róláidir, déan iad a lagú trí easaontas a chothú ina measc. Tá teachtaireacht nihilíoch taobh thiar den bhréagnuacht ar fad – tugann sí le fios nach bhfuil fírinne ar bith ann, gur ar mhaithe leis féin a bhíonn gach cat ag crónán, agus dá bharr sin, cén fáth nach gcreidfeá an leagan néata Rúiseach den scéal, gan bacadh le fianaise nó ceisteanna eitice?

Ní hé go bhfuil gníomhú na bolscaireachta Rúisí teoranta do lár na hEorpa, ná baol air, ach tá spéis faoi leith ag an Rúis sna tíortha a bhain le himpireacht na Sóivéadach go stairiúil. I bPoblacht na Seice amháin, tá timpeall fiche suíomh gréasáin atá ag craobhscaoileadh, ar bhealach folaithe nó oscailte, an insint Rúiseach ar chúrsaí an domhain.

Tá siad ceangailte le grúpaí ar na meáin shóisialta, le lucht na ríomhphost slabhra, le páirtithe polaitiúla i bhfad amach ar an eite dheis agus chlé, nó fiú le gnáthpholaiteoirí a shíleann gur féidir buntáiste a bhaint as an gcumhacht mhór sin, atá inchomparáide, ó thaobh tionchar ar an bpobal de, leis na meáin is mó sa tír. Bhí uachtarán Phoblacht na Seice atá ag éirí as anois, Miloš Zeman, an-chairdiúil leis na meáin sin tráth, agus tá ceannaire an pháirtí is mó sa tSlóvaic de réir na bpobalbhreitheanna, Robert Fico, agus iad ag obair as lámh a chéile.

Díol suntais go raibh na suíomhanna thuasluaite ag plé cúrsaí Covid-19, den chuid is mó, sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin anuraidh. Ansin, ar an bpointe boise, dhírigh siad a n-aird ar an gcogadh, ag scaipeadh ráflaí faoi ainghníomhartha na hÚcráine agus faoi mhí-iompar na n-imirceach. Cáineann siad freisin na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus an tacaíocht, míleata nó eile, don Úcráin.  Is leor an t-athrú tobann sin mar fhianaise faoi cé ar a son a bhfuil siad ag gníomhú.

Rinne an rialtas Seiceach ocht gcinn de na suíomhanna sin a dhúnadh ag tús an chogaidh, ach níorbh fhéidir leanúint den pholasaí seo de réir an dlí agus tá siad ar ais arís agus iad níos gníomhaí ná riamh.

Arae ní féidir le tír dhaonlathach cur i gcoinne na bréagnuachta le dlíthe diana agus trialacha cúirte –  sárú ar an tsaoirse cainte a bheadh ann i bhformhór na gcásanna. Tá cur chuige iomlán eile ag teastáil – cumarsáid leanúnach agus plé macánta ar na fadhbanna atá ag dó na geirbe ag an gcosmhuintir. Sin agus gníomhaíocht dhíreach ar líne.

In 2018, bunaíodh an grúpa deonach Čeští elfové (Eilbh Sheiceacha) a bhfuil sé mar chuspóir acu cur i gcoinne na dtroll Rúiseach trí fhaisnéis a sholáthar don phobal agus trí cheap magaidh a dhéanamh díobh ar na meáin shóisialta.

Tháinig an smaoineamh ó Tolkien, ar ndóigh, ach, chomh maith leis sin, óna macasamhail grúpaí atá ag gníomhú sna stáit Bhaltacha le beagnach deich mbliana anuas.

Is maith go bhfuil na tíortha sa réigiún in ann inspioráid a thabhairt dá chéile ar an mbealach seo.  Ní féidir meon na n-antoisceach a athrú, is dócha, ach d’aontódh formhór na ndaoine, i ndeireadh na dála, gur fearr an daonlathas ná an tíorántacht, agus an fhírinne ná an bhréag.

Fág freagra ar 'LITIR Ó LÁR NA hEORPA: Tá teachtaireacht nihilíoch taobh thiar de bholscaireacht na Rúise'

  • jpmorley0@gmail.com

    Sár-alt!

  • Declan Fitzpatrick

    Is abhár dóchais a léamh gur ann d’Eilbh Sheiceacha! Treise leo.