LITIR AS NUA-EABHRAC: Níl aon torann ann seachas bonnán síoraí na n-otharcharr

Tá cónaí ar Elenor Rodgers, as Béal Feirste, in Brooklyn, Nua-Eabhrac, an áit is measa atá buailte ag an gcoróinvíreas faoi láthair

LITIR AS NUA-EABHRAC: Níl aon torann ann seachas bonnán síoraí na n-otharcharr

Is í cathair Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe is measa atá buailte ag an gcoróinvíreas ag an tráth seo agus os cionn 3,200 duine básaithe.

Tá an chathair ar fad faoi dhianghlasáil ón Domhnach 22 Márta agus bhí na scoileanna dúnta seachtain níos túisce ná sin. Scoil ar líne atá ag na gasúir ó shin. Tá tithe ósta, bialanna agus amharclanna Broadway ar fad dúnta. Tá an subway fós ag obair mar dá uireasa ní bheadh oibrithe atá riachtanach in ann dul ag obair. Níl aon trácht ar na bóithre, níl aon torann sa gcathair seachas bonnán síoraí na n-otharcharr.

Déanta na fírinne, níl agamsa ach scéal scéil ar chúrsaí na cathrach a bhuíochas do na tuairiscí a chuireann m’fhear céile chugam chuile lá.

Nuair is fearr a bhíonn cúrsaí is deacair mórán suaimhnis a fháil san árasán 900 troigh cearnach atá againne in Brooklyn agus ceathrar againne ag iarraidh ceart a bhaint dá chéile sa spás beag, go háirithe nuair atá buachaill aon bhliain déag agus cailín trí bliana déag ag codladh sa seomra céanna.

Ní raibh na scoileanna ach seachtain dúnta nuair a ghlac mé féin is m’iníon le tairiscint ó chara liom a bhfuil teach saoire aici i sléibhte Catskill.  Bhí sí ag dul ann lena páistí agus chuaigh muidne leo.

Tá an t-uafás cainte sa tír seo faoi lucht na cathrach a bheith ag tabhairt a n-aghaidh ar na ceantair thuaithe mar go bhfuil an chathair chomh plódaithe. Ar ndóigh tá tithe saoire ag lucht an airgid sna Hamptons agus tá na nuachtáin lán le scéalta faoi mhuintir na háite a bheith ag casaoid go bhfuil an tír plódaithe le fámairí saibhre ag tráth den bhliain nach mbíonn siad thart go hiondúil.

Ach is iomaí teaghlach den mheánaicme íseal a bhfuil teach eile acu i nGleann an Hudson. Thug an bheirt againne aghaidh ar na Catskill agus d’fhan m’fhear céile agus an mac sa gcathair in éineacht leis na cait. Tugann siad corrthuras annamh ar an ollmhargadh agus bíonn neart cainte acu faoina chontúirtí agus atá sé éadaí a níochán.

Is deacair thú féin a leithlisiú ón domhan mór is cuma cá bhfuil cónaí ort ach tá sé an-deacair go deo i mbloc árasán. Ar ndóigh, caithfidh tú an t-ardaitheoir a sheachaint – spás beag ina mbíonn cnaipí á mbrú againn uile. Ní dúshlán rómhór é sin dúinne mar táimid ar an dara hurlár ach níl aon bhealach le dul síos go dtí an t-íoslach agus na meaisíní níochán éadaí ach san ardaitheoir. An rogha eile atá agat an mála níocháin a tharraingt leat anuas go dtí an doras tosaigh, amach leat timpeall an choirnéil agus síos an tsráid go dtí an doras cúil atá ar an mbloc. Is beag aer atá sa seomra níocháin féin agus na cnaipí céanna á mbrú againn ar fad. Rinneadh iarracht an tseachtain seo róta a réiteach don níochán éadaigh ionas nach mbeadh thíos ach duine amháin ar a sheal.

Anseo sna Catskills, ní hé amháin go bhfuil ár meaisín féin againn ach lá breá, féadfaidh muid na héadaí a chrochadh amach faoin aer. Ní fhaca m’iníon a leithéid sin d’áis cheana ach ar saoire in Éirinn le Mamó. Tá coill bheag phríobháideach againn leis an teach agus cead siúil againn ansin.

In Brooklyn, níl an t-árasán s’againne ach deich nóiméad siúil ó Pháirc Prospect. Páirc mhór í ach ó tharla an oiread sin daoine a bheith sáinnithe sa mbaile, agus fonn aclaíochta orthu, bíonn an pháirc plódaithe. De thoradh ar fheachtas ar líne, tá Reilig Greenwood, an t-aon spás glas fairsing eile in Brooklyn, tar éis cur lena huaireanta oscailte.

Tá muintir Nua-Eabhrac an-bhródúil as a suáilceas, comhar na gcomharsan agus an teacht aniar atá iontu féin in am na géarchéime agus is mór an cuidiú dóibh an reilig sin.

Tá go leor grúpaí cuidithe áitiúla tagtha le chéile ar fud na cathrach agus comharsana ag teacht le chéile le cuidiú leis na seandaoine agus iadsan atá i ngátar. Tá daoine a bhfuil cumas iontu leis an tsnáthaid ag déanamh mascanna agus á roinnt saor in aisce.

Ach ná ceapadh éinne go gcloífidh an coróinvíreas féin meon Nua-Eabhrac.

Bhí físeáin á scaipeadh de na hIodálaigh ag gabháil fhoinn ar na balcóiní ach anseo i Nua-Eabhrac tá físeán a bhfuil an-scaipeadh air. Duine atá ag canadh ag a fhuinneog in Manhattan agus a chomharsa ag béicíl air a chlab a dhúnadh, “Shut the f— up!”.

Fág freagra ar 'LITIR AS NUA-EABHRAC: Níl aon torann ann seachas bonnán síoraí na n-otharcharr'