Cláir spóirt agus cláir cheol tíre a bhí i 29 clár den 30 clár is mó lucht féachana a craoladh ar TG4 in 2019.
Bhain TG4 an séú háit amach ar liosta na gcainéal is mó ar fhéach daoine orthu den chéad uair anuraidh agus léiríonn figiúirí nua gur dhá sheánra ar leith is mó a mheallann lucht féachana.
Ba é eagrán de Nuacht TG4 an t-aon chlár Gaeilge, nár chlár spóirt nó ceol tíre é, a bhain áit amach i measc na 30 clár is mó lucht féachana ag an stáisiún in 2019.
75,000 duine ar an meán a d’fhéach ar Nuacht TG4 ar an 27 Eanáir anuraidh. Dúirt urlabhraí de chuid TG4 gur eisceacht a bhí ansin agus go raibh lucht féachana níos mó ná mar a bhíonn de ghnáth ag an gclár nuachta toisc cluiche mór peile idir Baile Átha Cliath agus Muineacháin a bheith á chraoladh díreach roimhe.
Na cláir is mó lucht féachana
Ord | Clár | Dáta | Am | Meán (000) | Ard (000) | Aimsiú (000) | Sciar (%) |
---|---|---|---|---|---|---|---|
1 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – CC Roinn 1 – Maigh Eo v Ciarraí | 31-03 | 15:45 – 17:55 | 265 | 396 | 539 | 30.4 |
2 | Peil na mBan Beo – CC Sinsir na hÉireann TG4 – Áth Cliath v Gaillimh | 15-09 | 15:30 – 17:45 | 253 | 358 | 558 | 29.8 |
3 | GAA Beo – CLC Iomána Allianz Roinn 1 – Port Láirge v Gaillimh | 24-03 | 15:17 – 17:14 | 210 | 287 | 435 | 25.4 |
4 | GAA Beo – Sraith Iomána Allianz – CC Roinn 1 – Luimneach v Port Láirge | 31-03 | 13:33 – 15:40 | 172 | 240 | 375 | 26.7 |
5 | GAA Beo – CC Peile na hÉireann AIB – Cora Finne v Na Crócaigh | 17-03 | 15:35 – 17:34 | 168 | 219 | 387 | 19.4 |
6 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Ros Comáin v Áth Cliath | 03-03 | 13:30 – 15:59 | 162 | 257 | 432 | 20.8 |
7 | GAA Beo – CC Peile Mionúir na hÉireann – Gaillimh v Corcaigh | 01-09 | 12:30 – 15:09 | 160 | 282 | 455 | 22.8 |
8 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Ciarraí v Muineachán | 03-03 | 16:04 – 17:32 | 151 | 169 | 347 | 15.0 |
9 | GAA Beo – Sraith Iomána Allianz – Loch Garman v Tiobraid Árann | 17-02 | 15:49 – 17:17 | 150 | 172 | 284 | 18.4 |
10 | GAA Beo – Sraith Iomána Allianz – Loch Garman v Luimneach | 27-01 | 15:46 – 17:15 | 147 | 166 | 322 | 17.3 |
11 | GAA Beo – CC Iomána na hÉireann AIB – Naomh Tomás v Baile Héil | 17-03 | 13:28 – 15:30 | 144 | 213 | 341 | 19.1 |
12 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Muineachán v Áth Cliath | 27-01 | 13:33 – 15:41 | 142 | 236 | 350 | 22.3 |
13 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – CC Roinn 2 – Dún na nGall v An Mhí | 30-03 | 16:45 – 18:42 | 142 | 187 | 307 | 16.9 |
14 | GAA Beo – CLC Peile na hÉireann AIB – Na Crócaigh v Naomh Columba | 16-02 | 15:04 – 16:55 | 141 | 198 | 311 | 19.4 |
15 | GAA Beo – Sraith Iomána Allianz- Cill Chainnigh v Luimneach | 17-02 | 13:30 – 15:44 | 138 | 210 | 335 | 20.1 |
16 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Tír Eoghain v Maigh Eo | 03-02 | 15:44 – 17:07 | 135 | 152 | 283 | 14.8 |
17 | GAA Beo – CLC Iomána Allianz Roinn 1 – Áth Cliath v Luimneach | 24-03 | 13:00 – 15:12 | 133 | 231 | 367 | 22.2 |
18 | Peil na mBan Beo – Craobh TG4 – CLC Sinsear 2 – Áth Cliath v Corcaigh | 25-08 | 15:36 – 17:23 | 128 | 160 | 236 | 19.4 |
19 | Rugbaí Beo – Guinness PRO14 – Connachta v Mumha | 05-01 | 19:10 – 21:49 | 125 | 186 | 408 | 9.1 |
20 | GAA Beo – Sraith Peile Allianz – Tír Eoghain v Gaillimh | 24-03 | 17:18 – 18:49 | 122 | 173 | 282 | 11.8 |
Léirigh eolas a fuair Tuairisc.ie cheana gur thart ar idir 6,000 agus 10,000 duine a fhéachann ar Nuacht TG4 ar an meán de ghnáth.
Ba é cluiche ceannais na sraithe peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo i mí an Mhárta an clár is mó a thuill lucht féachana do TG4 in 2019 agus d’fhéach 265,000 ar an meán ar an gcraoladh beo sin as Páirc an Chrócaigh. Cluiche ceannais Pheil na mBan idir Áth Cliath agus an Ghaillimh a bhí sa dara háit agus 253,000 a d’fhéach ar sin. Cluichí peile nó iománaíochta a bhí i ngach ceann eile den 20 clár is mó lucht féachana in 2019 seachas ceann amháin, cluiche rugbaí Pro 14 idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mí Eanáir.
Ceithre chlár Gaeilge nár chláir spóirt nó ceol tíre iad, a thuill lucht féachana níos mó ná 60,000 duine ar an meán, Finné – Paddy Merrigan, An Béal Bocht, Seán Keane ag Ceol agus Phil Coulter mo Shaol.
Cláir Cheoil Tíre
Ord | Clár | Clár | Am | Meán (000) | Ard (000) | Aimsiú (000) | Sciar (%) |
---|---|---|---|---|---|---|---|
1 | Opry le Daniel – Margo | 24-12 | 21:32 – 22:55 | 84 | 123 | 169 | 5.9 |
2 | Glór Tíre – Michael English & John Molloy | 29-01 | 21:32 – 22:28 | 77 | 106 | 183 | 5.7 |
3 | Opry le Daniel Rogha | 17-12 | 21:31 – 22:28 | 75 | 89 | 138 | 6.1 |
4 | Glór Tíre – Ciarán Rosney & Ailish McBride | 22-01 | 21:31 – 22:27 | 74 | 88 | 164 | 5.4 |
5 | Opry an Iúir – Brendan Shine | 14-05 | 21:33 – 22:38 | 74 | 90 | 195 | 6.5 |
6 | Glór Tíre – Gerry Guthrie & Paul Leavy | 05-02 | 21:32 – 22:28 | 72 | 94 | 152 | 5.6 |
7 | Opry le Daniel – Ryans | 17-09 | 21:32 – 22:29 | 71 | 93 | 176 | 6.2 |
8 | Glór Tíre – Babhta Cáilithe 1 | 05-03 | 21:30 – 22:29 | 70 | 105 | 183 | 5.0 |
9 | Glór Tíre – Babhta Cáilithe 2 | 12-03 | 21:30 – 22:26 | 67 | 97 | 176 | 4.9 |
10 | Opry le Daniel – Ceol Jim Reeves | 08-10 | 21:32 – 22:28 | 66 | 82 | 129 | 6.0 |
11 | Glór Tíre – Mike Denver & Noreen Rabbette | 12-02 | 21:30 – 22:27 | 66 | 94 | 162 | 4.6 |
12 | Glór Tíre – Réamhra | 08-01 | 21:32 – 22:27 | 65 | 86 | 159 | 5.3 |
13 | Opry Dhoire – Ceol Larry Cunningham | 16-07 | 21:33 – 22:37 | 65 | 86 | 143 | 5.8 |
14 | Opry Dhoire – Stars | 20-08 | 21:31 – 22:35 | 62 | 97 | 157 | 5.6 |
15 | Opry an Iúir – Charlie Landsborough | 23-04 | 21:31 – 22:37 | 61 | 84 | 172 | 5.1 |
16 | Glór Tíre – Recap | 26-02 | 21:32 – 22:27 | 61 | 86 | 159 | 4.8 |
17 | Opry an Iúir – Johnny Brady | 16-04 | 21:33 – 22:38 | 61 | 76 | 161 | 4.7 |
18 | Opry an Iúir – Dominic Kirwan | 30-04 | 21:32 – 22:38 | 61 | 82 | 165 | 5.1 |
19 | Glór Tíre – Babhta Ceannais | 26-03 | 21:31 – 22:27 | 60 | 81 | 129 | 4.3 |
20 | Opry le Daniel – Nashville | 12-11 | 21:33 – 22:29 | 60 | 76 | 155 | 4.8 |
Tá Hector Ó hEochagáin duine de réalta luatha TG4 fós ag cruthú go maith don stáisiún i gcónaí agus bhí meán-lucht féachana os cionn 50,000 ag cúig cinn d’eagráin na sraithe Hector USA – Ó Chósta go Cósta.
Ar na cláir Ghaeilge, nó cláir dhátheangacha, eile a thuill níos mó ná 50,000 duine ar an meán bhí Uchtú – Evanne Ní Chuilinn agus Ceol Chogadh na Saoirse.
Tháinig méadú 3% ar sciar TG4 den lucht féachana le linn na bliana 2019, rud a d’fhág go raibh sé ar an séú caineál is mó lucht féachana anuraidh.
Seo an chéad uair go raibh an stáisiún sa séú háit.
1.84% an meánsciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2019.
Tabharfaidh na figiúirí nua seo dóchas do TG4 go bhfuil an taoide ag casadh maidir lena bhfigiúirí lucht féachana.
Cláir Gaeilge Eile
Ord | Clár | Clár | Am | Meán (000) | Ard (000) | Aimsiú (000) | Sciar (%) |
---|---|---|---|---|---|---|---|
1 | Nuacht TG4 | 27-01 | 17:20 – 17:26 | 75 | 90 | 104 | 7.4 |
2 | Finné – Paddy Merrigan | 23-10 | 21:31 – 22:26 | 66 | 84 | 157 | 4.9 |
3 | An Béal Bocht | 31-03 | 18:00 – 18:36 | 64 | 125 | 137 | 6.5 |
4 | Seán Keane ag Ceol | 24-12 | 19:45 – 20:26 | 61 | 95 | 118 | 4.5 |
5 | Phil Coulter – Mo Shaol | 25-12 | 21:32 – 22:30 | 60 | 80 | 156 | 3.7 |
6 | Irish Post Awards 2019 | 14-11 | 21:30 – 22:44 | 58 | 90 | 187 | 5.0 |
7 | Fleadh TV 2019 | 16-08 | 20:30 – 23:27 | 58 | 95 | 277 | 5.7 |
8 | Hector USA – Ó Chósta go Cósta | 31-10 | 21:32 – 22:27 | 56 | 88 | 155 | 4.6 |
9 | Uchtú – Evanne Ní Chuilinn | 13-11 | 21:32 – 22:47 | 56 | 73 | 176 | 4.9 |
10 | Underdogs 2019 | 15-09 | 17:50 – 18:46 | 54 | 119 | 194 | 5.6 |
11 | Mary From Dungloe 2019 | 04-08 | 20:30 – 22:27 | 54 | 73 | 219 | 4.6 |
12 | Hector USA – Ó Chósta go Cósta | 07-11 | 21:31 – 22:26 | 54 | 80 | 182 | 4.4 |
13 | Gradam Ceoil Braon Breise | 20-01 | 21:34 – 22:29 | 54 | 66 | 112 | 4.1 |
14 | Callas and Kennedy | 30-05 | 22:02 – 23:41 | 53 | 69 | 184 | 5.6 |
15 | Hector USA – Ó Chósta go Cósta | 12-12 | 21:31 – 22:27 | 53 | 86 | 134 | 4.2 |
16 | Hector USA – Ó Chósta go Cósta | 05-12 | 21:31 – 22:26 | 52 | 75 | 121 | 3.8 |
17 | Hector USA – Ó Chósta go Cósta | 21-11 | 21:31 – 22:27 | 52 | 81 | 133 | 3.8 |
18 | Nuacht TG4 | 30-03 | 18:47 – 18:57 | 51 | 64 | 75 | 5.3 |
19 | Ceol Chogadh na Saoirse | 24-11 | 21:32 – 22:28 | 51 | 62 | 129 | 3.4 |
20 | Fleadh TV 2019 | 15-08 | 20:30 – 23:27 | 50 | 69 | 238 | 5.2 |
De réir straitéis cúig bliana TG4, táthar ag súil leis an taoide a chasadh maidir leis an titim ar lucht féachana an stáisiúin, ach an maoiniú céanna a bheith ar fáil dóibh is a bhí roimh an ngéarchéim eacnamaíochta.
De réir na cáipéise céanna is é “tráth na cinniúna’ é do TG4.
3.2% an meánsciar náisiúnta den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2005, an bhliain is mó a raibh lucht féachana aige.
De réir na straitéise cúig bliana, is é 2.2% an meánsciar den lucht féachana náisiúnta an sprioc atá ag lucht TG4 do 2022 agus súil acu anois a n-áit mar an séú cainéal a choimeád.
Tá ráite cheana ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont go bhfuil an baol ann go dtitfeadh TG4 isteach sa “digital jungle”, mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.
Níl sciar os cionn 1% den lucht féachana ach ag 10 gcainéal in Éirinn.
Seán Mag Leannáin
Cé a dúirt nach ndéanann an CLG tada ar son na Gaeilge? Féach na figiúirí féachana do TG4 anseo. Gan na cluichí Gaelacha is baolach go mbeadh an stáisiún Gaeilge i dtrioblóid. Is ródhócha go mbeadh sé i measc na gcéadta stáisiún eile san ‘dufair dhigiteach’, mar a thugann Alan Esselmont air!
Ba é cluiche ceannais na sraithe peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo i mí an Mhárta an clár is mó a thuill lucht féachana do TG4 in 2019 agus d’fhéach 265,000 ar an meán ar an gcraoladh beo sin as Páirc an Chrócaigh. Cluiche ceannais Pheil na mBan idir Áth Cliath agus an Ghaillimh a bhí sa dara háit agus 253,000 a d’fhéach ar sin. Cluichí peile nó iománaíochta a bhí i ngach ceann eile den 20 clár is mó lucht féachana in 2019 seachas ceann amháin, cluiche rugbaí Pro 14 idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mí Eanáir.
Ceithre chlár Gaeilge nár chláir spóirt nó ceol tíre iad, a thuill lucht féachana níos mó ná 60,000 duine ar an meán: Finné – Paddy Merrigan, An Béal Bocht, Seán Keane ag Ceol agus Phil Coulter mo Shaol.
Léirigh eolas a fuair Tuairisc.ie cheana nach bhfuil ach thart ar idir 6,000 agus 10,000 duine a fhéachann ar Nuacht TG4 ar an meán de ghnáth. Ábhar imní anseo, tá mé ag ceapadh.