Líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh in Éirinn dúbailte ach an líon iomlán fós íseal – tuarascáil

De réir tuarascáil nua ón ESRI tá rath ar an gclár athlonnaithe dídeanaithe in Éirinn ach tá líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh anseo íseal i bhfianaise a oilce agus atá géarchéim na dteifeach

Líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh in Éirinn dúbailte ach an líon iomlán fós íseal – tuarascáil

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Mhéadaigh faoi dhó ar líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh in Éirinn idir 2015 agus 2016, ach tá an líon sin fós íseal, de réir tuarascáil nua ón ESRI.

De réir na tuarascála, atá á foilsiú inniu, léiríonn na figiúirí nua go bhfuil an tír seo tiomanta do theacht i gcabhair ar lucht iarrtha tearmainn, cé go ndeirtear go bhfuil líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh anseo íseal i gcomparáid le tíortha áirithe eile san AE agus i bhfianaise a oilce agus atá géarchéim na dteifeach.

Gheall Éire go n-athlonnófaí 520 teifeach faoi chlár an Aontais Eorpaigh, a dhá oiread agus a mhol an Coimisiún Eorpach.

Faoi Shamhain na bliana seo, bhí 98% den 520 duine athlonnaithe in Éirinn, arbh de bhunadh na Siria a bhformhór.

Is é Clár na hÉireann um Chosaint Dídeanaithe, a bunaíodh de thoradh na géarchéime, a riarann clár athlonnaithe na tíre seo.

Tá éileamh á ndéanamh go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do lucht dídine a bhíonn ag fágáil chóras an tsoláthair dhírigh.

Tá éileamh déanta chomh maith ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar Rialtas na hÉireann bealaí dlíthiúla eile a chruthú do dhídeanaithe atá sa tóir ar chosaint, athaontú teaghlach, cuir i gcás.

Údar imní don UNHCR, a deir údair na tuarascála, go bhféadfadh an tAcht Um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 srian a chur le hathaontú teaghlach i measc dídeanaithe in Éirinn.

Maítear nuair a bheidh an tAcht i bhfeidhm nach mbeidh deis ach ag gartheaghlach an dídeanaí athlonnú anseo agus nach mbeidh ach 12 mí ag teaghlach chun iarratas a dhéanamh ar athaontú. Deirtear go ndéantar iarracht sa tír seo, oiread is féidir, an teaghlach ar fad a choinneáil le chéile.

Dúirt Samantha Arnold, duine d’údair na tuarascála nua, Resettlement of Refugees and Private Sponsorship in Ireland,

go raibh rath ar chlár athlonnaithe na hÉireann agus méadú tagtha ar líon na ndídeanaithe a athlonnaítear anseo le blianta beaga anuas. Dúirt Arnold, áfach, go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh agus gur údar imní an tAcht Um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.

“Mar sin féin, i gcomhthéacs na géarchéime, tá cáineadh fós á dhéanamh ar Éirinn agus ar an AE as glacadh le sciar chomh beag sin de líon na ndídeanaithe atá ag iarraidh tearmainn.

“Beidh drochthionchar ar chás na dteifeach in Éirinn ag an srian atá beartaithe ar athaontú teaghlach, iadsan atá athlonnaithe anseo cheana san áireamh, agus beidh drochthionchar chomh maith aige ar chumas dídeanaithe teaghlaigh a d’fhág siad ina ndiaidh a thabhairt anseo.”

Fág freagra ar 'Líon na ndídeanaithe a athlonnaíodh in Éirinn dúbailte ach an líon iomlán fós íseal – tuarascáil'