Líon na marbh ag méadú in Gaza, ionsaithe Iosrael ag géarú

Deir údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil siad ullmhaithe i gceart le hionsaí talún a dhéanamh ar Gaza, ach ní léir fós cén uair a dhéanfar an t-ionsaí sin nó an ndéanfar in aon chor é

Líon na marbh ag méadú in Gaza, ionsaithe Iosrael ag géarú

D’fhógair údaráis mhíleata Iosrael inniu gur ionsaigh siad na céadta sprioc i nGaza i rith na hoíche.

Dúirt feidhmeannaigh Phalaistíneacha gur maraíodh na scórtha duine agus gur tuilleadh é den léirscrios atá déanta ansin fad agus atá brú á chur ar Iosrael gan Gaza a ionsaí ar an talamh.

Is iad seo na hionsaithe aeir is tréine a rinneadh ar Gaza le roinnt laethanta agus é le maíomh ag Iosrael inniu go raibh 400 sprioc aimsithe acu le 24 uair an chloig, agus gur aimsigh siad 320 sprioc an lá roimhe sin.

Dúirt aireacht sláinte Gaza, atá á rialú ag an ngrúpa armtha Hamas, gur maraíodh ar a laghad 28 duine in ionsaithe na hoíche aréir ar chathair Rafah sa deisceart agus gur gortaíodh na scórtha eile.

Deir údaráis sláinte Gaza gur maraíodh 436 duine ansin le ceithre huaire fichead agus gur leanaí 182 díobh.

Deir siad gur i ndeisceart Stráice Gaza a maraíodh a bhformhór, an ceantar céanna a bhfuil ordú tugtha ag arm Iosrael do shibhialtaigh Gaza dul.

Dúradh i ráiteas ón aireacht sláinte i nGaza go raibh ar a laghad 5,087 Palaistíneach maraithe ag ionsaithe Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair, nuair a rinne gunnadóirí Hamas ruathar ar cheantair in aice leis an teorainn, mar ar thugadar a n-aghaidh ar shibhialtaigh in ionsaí inar maraíodh 1,400 duine.

Deir údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil siad ullmhaithe i gceart le hionsaí talún a dhéanamh ar Gaza, ach ní léir fós cén uair a dhéanfar an t-ionsaí sin nó an ndéanfar in aon chor é.

Bhí sé á rá ag lucht arm Iosrael inné go ndearna fórsaí talún dá gcuid roinnt ionsaithe teoranta talún isteach go Stráice Gaza i rith na hoíche roimhe sin chun troid a chur ar ghunnadóirí Palaistíneacha. Mhaígh lucht arm Iosrael nach raibh á n-ionsaí ón aer acu ach láithreacha ina raibh Hamas ag cruinniú ag réiteach le haon mhórionsaí talún de chuid arm Iosrael a throid.

Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, in Iosrael inniu, ag cur leis an iarracht taidhleoireacht idirnáisiúnta atá ar siúl le tuilleadh cúnaimh a ligean isteach go dtí pobal Gaza, na gialla a scaoileadh abhaile agus gan ligean don achrann scaipeadh.

Dúirt Macron le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahua gur sheas sé gualainn ar ghualainn leis agus dúirt sé go gcaithfí déileáil leis an sceimhlitheoireacht “gan trócaire” ach nach ionann sin agus “gan rialacha”.

An rud céanna atá ráite ag ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Gearmáine, na Ríochta Aontaithe agus na hIodáile. D’iarr siad uilig ar Iosrael cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus sibhialtaigh a chosaint, ach dhearbhaigh siad ar fad go raibh sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint.

Tá sé tugtha le fios anois gur 222 duine a ghabh Hamas mar ghialla 17 lá ó shin agus go bhfuil roinnt daoine nach ó Iosrael iad ina measc. Scaoileadh saor beirt bhan as Iosrael inné, Nurit Cooper agus Yocheved Lifhitz atá 85.

Bhí sé le rá ag Yocheved Lifschitz, a bhfuil a fear fós ina ghiall, gur “shaothraigh mé go géar é, céasadh nach bhféadfainn a shamhlú”. Dúirt sí gur caitheadh go maith léi ina dhiaidh agus í ina giall i nGaza.

Dúirt dí gur gunnadóirí de chuid Hamas ar ghluaisrothair a ghabh í féin agus a hiníon agus gur buaileadh iad féin agus na gialla eile le maidí sular tugadh isteach i dtolláin faoi thalamh iad a bhí cosúil le “nead damhán alla”.

Ligeadh an tríú conbhua leoraithe lán le soláthairtí isteach bealach Rafah inné le teacht i gcabhair ar an bpobal atá faoi léigear i Stráice Gaza.

Tháinig 34 leoraí ar fad isteach chucu ar an Satharn agus an Domhnach. Tá sé ráite ag feidhmeannaigh de chuid na Náisiún Aontaithe go mbeadh thart ar 100 leoraí sa lá ag teastáil le freastal ar ghnáthriachtanais an lae i nGaza.

Dúirt Príomh-Aire na Palaistíne, Mohammad Shtayyeh, go raibh pobal na Palaistíne i nGaza á n-ionsaí ag “meaisín dúnmharaithe agus coiriúil Iosrael”.

Tá sé ráite ag dochtúirí atá ag obair i Stráice Gaza go mbeidh beatha na scórtha páistí, a rugadh go hanabaí agus atá ag brath ar ghoradáin, á cur i mbaol de bharr a laghad breosla atá fágtha faoin tráth seo i nGaza.

Fág freagra ar 'Líon na marbh ag méadú in Gaza, ionsaithe Iosrael ag géarú'