‘LÍOFA lofa’ – leithscéal eile faoi ‘bhotún’ ar líne

Fadhbanna maidir le cosaint sonraí ar shuíomh idirlín Líofa, an feachtas a bunaíodh trí bliana ó shin chun daoine a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim roimh 2015

Carál_Ní_Chuilín_(cropped)
An tAire Carál Ní Chuilín

Ghabh Aire eile fós leithscéal inné faoi ‘fhadhbanna’ le suíomh idirlín.

An tseachtain seo caite ba é an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,  Aodhán Ó Ríordáin, a ghabh leithscéal faoin drochaistriúchán Gaeilge ar www.ireland.ie, ach an turas seo ba í Aire Cultúir Thuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín a bhí ag gabháil leithscéil mar gheall ar ‘bhotún’ ar líne.

Dúirt an tAire Ní Chuilín inné go raibh ‘an-bhrón’ uirthi go raibh fadhbanna ann maidir le cosaint sonraí ar shuíomh idirlín Líofa, an feachtas a bunaíodh trí bliana ó shin chun daoine a spreagadh chun Gaeilge a fhoghlaim roimh 2015.

Ach an oiread le  www.ireland.ie a bhfuil obair chothabhála á déanamh air faoi láthair,  tá suíomh Líofa  ‘dúnta’ faoi láthair.

Nuair a tháinig sé chun solais inné go bhféadfaí teacht ar eolas pearsanta faoi dhaoine a bhí cláraithe le suíomh Líofa trí chuardach a dhéanamh ar ineall cuardaigh an tsuímh, dúirt an tAire Ní Chuilín nach raibh aon fhianaise ann gur tharla a leithéid ach ghabh sí leithscéal faoin scéal.

“I am very sorry that some participants’ names and other information which they had provided could have been found using the website’s search facility.

“While it is disturbing that this should have been the case, at this stage there is no evidence that this information has been accessed or misused in any way,” a dúirt Carál Ní Chuilín.

Dúirt sí go raibh saineolaithe ar an tslándáil idirlín ag fiosrú an scéil.

 

Fág freagra ar '‘LÍOFA lofa’ – leithscéal eile faoi ‘bhotún’ ar líne'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Líofa ‘lofa’ – ceannlíne é seo atá thar fóir agus a dhéanann éagóir ar Scéim atá ag tacú leis an nGaeilge, ní hionann agus scéal Ireland 2016.

  • Máire Uí Dhufaigh

    Cén fáth nach féidir libh tuairisc a scríobh i nGaeilge faoina raibh le rá ag Carál Ní Chuilín? Tá sé ag cur as dom an oiread sin Béarla a bheith tríd an nGaeilge. Mura bhfuil am agaibh aistriúchán a dhéanamh chuala mé in áit eicint go bhfuil córas aistriúcháin ag Google….