Líne mhór dhearg an DUP agus plé faoin mBreatimeacht ag géarú

Ba cheart méadú na héiginnteachta ar an oileán seo a bheith ina líne mhór dhearg ag an DUP

Líne mhór dhearg an DUP agus plé faoin mBreatimeacht ag géarú

Thug Nigel Dodds, ceannaire an DUP i Westminster foláireamh go gcuirfeadh an páirtí deireadh lena dtacaíocht do rialtas na Breataine mura ndéanfaí rud orthu faoin mBreatimeacht. Ní chuirfeadh an DUP suas le hidirdhealú ar bith idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, ar sé. Líne dhearg don DUP is ea an ‘cúlstop’ a choinneodh an tuaisceart, murab ionann agus an Bhreatain, in aontas custaim.

Rinne sé a bhagairt roimh an vóta i dTeach na Parlaiminte inar éiligh móramh go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim nuair a d’fhágfadh sí an tAontas Eorpach. Vótáil easaontóirí na gCaomhach in aghaidh a bpáirtí, staon na Caomhaigh go hoifigiúil agus níor fhreastail an DUP ar an díospóireacht in aon chor. Ba í Sylvia Hermon, aontachtach neamhspleách, an t-aon ionadaí ó Thuaisceart Éireann a bhí i láthair.

Ba chosúil le seachtain go raibh rialtas Theresa May ag díriú aird – de shórt – ar an teorainn. Tar éis an vóta ina n-aghaidh i dTeach na dTiarnaí deich lá ó shin agus ó tá dreas idirbheartaíochta tábhachtach acu leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo chugainn, ba mhithid. Thug David Davis, Státrúnaí an Bhreatimeachta a chéad chuairt ar an teorainn; ba chirte a rá gur thug sé sracfhéachaint ar chiliméadar di ach beidh sé in ann a rá feasta go bhfaca sé í. Ghlac David Lidington céim níos tomhaiste. Thug sé cuairt ar an deisceart agus an tuaisceart agus níos tábhachtaí fós bhí sé toilteanach éisteacht le daoine. An raibh imní ar an DUP gur léirigh an fuadar seo nárbh iad a mianta siúd an gad is gaire don scornach ag na Tóraithe?

Ina agallamh ar shuíomh idirlín PoliticsHome dúirt Nigel Dodds go vótálfadh an DUP in aghaidh rialtas Theresa May dá nglacfadh sí le socrú cosúil leis an leagan den chúlstop atá ag an AE. Bheadh sé sin doghlactha, a dúirt sé mar bheadh sé chomh maith againn Corbyn a bheith i rialtas a bheadh frith-aontachtach go hoscailte is a bheadh sé rialtas Caomhach a bheith ann a bheadh frith-aontachtach ar bhealaí eile.

Dáiríre Nigel? Is deacair é a shamhlú. Déantar talamh slán de abhus (agus cheapfainn gurb é an scéal céanna é ag na Tóraithe ) gurbh fhearr leis an DUP an diabhal féin ná Jeremy Corbyn. Tá ‘tionchar’ acu anois. Bíonn feisirí ag caint go rialta faoi chomh minic is a bhuaileann siad le hairí. Nuair a ceistíodh Sammy Wilson faoi thuras ‘rúnda’ dhá uair an chloig David Davis chun na teorann i gContae Ard Mhacha ba é freagra Sammy nár ghá dó a bheith ar an eolas faoi roimh ré; bhí sé i bhfad níos compordaí a bheith ag comhrá le Davis ina oifig féin ná a bheith ina sheasamh in éineacht leis i bpáirc.

Tá a fhios ag 10 bhfeisire an DUP go maith nach amhlaidh a bheadh dá mbeadh Corbyn in Uimhir 10 Sráid Downing. Ní foláir nó go bhfuil a fhios acu freisin nach ndéanfaí peataireacht orthu maidir le Stormont mar atá déanta ag Karen Bradley agus a réamhtheachtaí mar státrúnaí, James Brokenshire.

Caithfear a rá gur dhúirt Nigel Dodds nach raibh cúis ar bith aige a cheapadh go raibh baol ann go ndéanfadh Theresa May margadh a d’fhágfadh Tuaisceart Éireann scoite amach ón Ríocht Aontaithe ‘ar bhealach nár thoil leis an tuaisceart’. Cén fáth an foláireamh mar sin? ’Sí toil an DUP atá i gceist le toil an tuaiscirt. An raibh sé ag réiteach an bhealaigh do mhargadh custaim – aontas custaim faoi ainm eile? Bhain an líne mhór dhearg le hidirdhealú idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann – níor bhain sí le haontas custaim.

Cé go ndeireann an DUP gur chun tairbhe Thuaisceart Éireann é imeacht as an Aontas Eorpach ní foláir nó go bhfuil siad faoi bhrú go seasta ó pháirtithe leasmhara. Ní gá do dhaoine a bheith in éadan an Bhreatimeachta chun a bheith buartha. Tá an-chuid ceisteanna acu sin a gcuireann éiginnteacht faoin teorainn isteach ar a ngnóthaí, lucht próiseála bia, feirmeoirí agus lucht iompair earraí, gan ach dornán a lua. Ní féidir go bhfuil siad dall ar an imní a chothaigh David Davis abhus nuair a dúirt sé (tar éis filleadh óna sciuird ar Choillidh Chanannáin i gContae Ard Mhacha) go bhféadfaí ceist na teorann a fhágáil go dtí go mbeadh an tréimhse eatramhach ag druidim chun deiridh i gceann trí bliana. Ba cheart méadú na héiginnteachta ar an oileán seo ar an gcaoi sin a bheith ina líne mhór dhearg ag an DUP.

Fág freagra ar 'Líne mhór dhearg an DUP agus plé faoin mBreatimeacht ag géarú'