‘Liam’, ‘Aoife’, ‘Saoirse’ agus ‘Oisín’ chun tosaigh – méadú ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu in 2016

‘Liam’, ‘Aoife’, ‘Saoirse’ ‘Rian’, ‘Tadhg’, ‘Caoimhe’, ‘Róisín’ agus ‘Oisín’ i measc na n-ainmneacha Gaeilge ba choitianta a tugadh ar leanaí na hÉireann anuraidh

‘Liam’, ‘Aoife’, ‘Saoirse’ agus ‘Oisín’ chun tosaigh – méadú ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu in 2016

Tháinig méadú mór ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu in 2016,  dar le staitisticí nua atá eisithe ag Oifig na bPasanna. Ba iad ‘Liam’ agus ‘Aoife’ na hainmneacha Gaeilge ba choitianta a tugadh ar leanaí na hÉireann anuraidh.

D’eisigh Oifig na bPasanna, ar rannóg de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha í, liosta na n-ainmneacha is coitianta ar phasanna a tugadh do shaoránaigh faoi bhun trí bliana d’aois in 2016.

Bhí 18 ainm Gaeilge ar mhórliosta na mbuachaillí in 2015, agus 14 ainm Gaeilge ar mhórliosta na gcailíní, ach bhí 33 ainm Gaeilge ar liosta na mbuachaillí agus 24 ainm Gaeilge ar liosta na gcailíní in 2016.

Agus táblaí na n-ainmneacha Gaeilge á gcur le chéile ag Tuairisc.ie cuireadh as an áireamh ainmneacha áirithe a raibh galldú déanta ar a litriú.

Tá ainm Gaeilge amháin i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar fad ar bhuachaillí i mbliana – ‘Liam’.  Ní raibh ainm Gaeilge ar bith i measc na ndeich n-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní anuraidh, ach léim ‘Aoife’ ón 11ú háit go dtí an 7ú háit i mbliana agus bhí ‘Saoirse’, a bhí sa 21ú háit ar an mórliosta anuraidh, sa 10ú háit i mbliana.

Bhí 200 ainm ar an mórliosta a chuir Oifig na bPasanna ar fáil agus ba iad ‘James’, ainm Eabhraise, agus ‘Emily’ ainm Laidine, a bhí ar bharr an liosta sin.

Is beag athrú atá tagtha ar na hainmneacha Gaeilge ar an liosta le bliain anuas, ach tá athrú ar ord na n-ainmneacha céanna. Tá na hainmneacha ‘Fionn’, ‘Cillian’, ‘Oscar’ agus ‘Tadhg’ fós ar liosta na n-ainmneacha Gaeilge is coitianta i measc na mbuachaillí agus tá ‘Caoimhe’, ‘Aisling’, agus ‘Fiadh’ ar liosta na gcailíní arís. Chaill ‘Sadhbh’ a háit ar an liosta in 2015 ach tá sí ar ais ag uimhir a naoi in 2016. Tá ‘Rónán’ imithe ón liosta agus ‘Rian’ tagtha ina áit.

Agus liosta na n-ainmneacha á sheoladh aige, thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, suntas do líon na n-ainmneacha Gaeilge i mbliana.

“Tá sé spéisiúil breathnú siar ar 1911, cúig bliana roimh Éirí Amach na Cásca, tráth nach raibh aon trácht ar na hainmneacha Gaeilge seo, agus John agus Mary ar bharr na liostaí,” a dúirt sé.

Thug sé suntas freisin do leithéidí ‘Muhammad’, ainm Arabaise, agus ‘Freya’, ainm Lochlannach, a bheith go hard ar na liostaí, rud a léiríonn, a dúirt an tAire, ilchultúrachas na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Eisíodh os cionn 740,000 pas in 2016, agus is do leanaí a eisíodh os cionn 17,750 acu sin. Mheabhraigh an tAire Flanagan do mhuintir na hÉireann bailíocht a bpas a sheiceáil agus mhol sé cur isteach ar cheann nua roimh bhroid an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘Liam’, ‘Aoife’, ‘Saoirse’ agus ‘Oisín’ chun tosaigh – méadú ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu in 2016'

  • Pól Réamonn

    Ní raibh fhios agam go raibh ainm gaelach é Oscar.