‘Let us not appeal to past gods’ – ceacht Jack Lynch do Leo Varadkar

An bhfuil aon difríocht idir caint neamhstairiúil an Taoisigh faoin nGorta Mór agus tuairimí amaideacha Jacob Rees-Mogg faoin bpolaitíocht sa ré Victeoiriach?

‘Let us not appeal to past gods’ – ceacht Jack Lynch do Leo Varadkar

Labhair an Taoiseach i nDún na nGall le déanaí mar gheall ar an mBreatimeacht, agus go tobann thosaigh sé ag caint mar gheall ar an nGorta Mór. Dar leis, chruthaigh an Bhreatain an gorta sin d’aon ghnó agus an tír sin ba chúis leis an méid a d’fhulaingíomar lena linn. Ní léir in aon chor cad ba chúis leis an ráiteas aineolach seo.

Is léir do staraithe le tríocha bliain anuas nár chuir Robert Peel ná John Russell an aicíd ar na prátaí. Níor chuir Peel ná Russell iachall ar na feirmeoirí Caitliceacha a bhí go maith as na spailpíní a dhíbirt óna gcuid tailte. Rinne na feirmeoirí é sin as a gconlán féin agus mhéadaigh ar a gcuid rachmais agus ar a gcumhacht pholaitiúil dá bharr. Is léir ó thaighde Chormaic Uí Ghráda ina leabhar tábhachtach, An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin (1994) gur comórtas idir aicmí a bhí i gceist in Éirinn idir 1845-52, seachas pionós a ghearr an Bhreatain orainn:

“Tá seanchas an drochshaoil ag cur thar maoil le tagairtí faoin ngadaíocht a rinne daoine bochta agus faoi na constaicí a chuir feirmeoirí agus a leithéidí ina slí,” a scríobh an tOllamh Ó Gráda.

Luann sé freisin eiseamláir eachtraí áitiúla ó thaighde Uí Dhuilearga i 1977: “Thall ar an bhFeothanaigh, d’fhan cailín sa bhaile ón aifreann chun aire a thabhairt dos na turnaipí. In iardheisceart Chiarraí, dhein na feirmeoirí iarracht an stop a chur le daoine a bhí ag tógaint duilleoga dá gcabáiste.”

“Faoi mar a dúirt Corcaíoch fir in aois a 66 i 1945: ‘In my young days I used to hear old people discuss the awful cruelty practiced by farmers who were fairly well off against their poorer and less comfortable neighbours’.”

Is léir ón méid sin gur rug na feirmeoirí láidre le fonn ar an deis stairiúil a tugadh dóibh in 1845 fáil réidh leosan a bhí in iomaíocht leo ar an dtalamh.

Chomh maith le haird a tharraingt ar a aineolas faoi na cúrsaí sin, ba chóir dúinn ceist níos bunúsaí a chur ar Leo Varadkar chomh maith. Ar chóir do Thaoiseach úsáid a bhaint as gorta sa 19ú haois chun tacú lena chuid argóintí faoin mBreatimeacht? An bhfuil aon difríocht idir na hargóintí laga seo atá lochtach ó thaobh na staire agus na hargóintí amaideacha ag Jacob Rees-Mogg a bhíonn bunaithe ar a thuairimí aite faoin bpolaitíocht sa ré Victeoiriach? Is léir nár léigh an Taoiseach an óráid fhíorthábhachtach a thug Jack Lynch ar RTÉ i mí Iúil 1970 agus na dílseoirí ar tí máirseáil ar fud Uladh. Ba é seo an chéad uair riamh ó bhunú an stáit gur dhiúltaigh Taoiseach na hÉireann ómós a thabhairt d’argóintí stairiúla. Mhaígh sé gur chuir argóintí stairiúla isteach ar shláinte pholaitiúil agus chultúir an stáit agus an chomhphobail Éireannaigh. Seo mar a chríochnaigh caint Lynch a craoladh beo:

Let us not appeal to past gods as if past generations had said the  last word about Ireland. We have the opportunity to say for our generation what’s in our hearts and minds. I think that there is in  us an instinct for good, for enjoyment, for beauty and above all for peace with our neighbours.

Chabhródh meon aigne mar sin go mór linn faoi láthair, ach níl an tuiscint ná an cumas mar óráidí ag an Taoiseach a bhí ag Lynch.

Is mór an trua é sin.

Fág freagra ar '‘Let us not appeal to past gods’ – ceacht Jack Lynch do Leo Varadkar'

  • RG Cuan

    An leor roinnt tagairtí, dá iomadúil iad, faoin leas a bhain feirmeoirí áirithe as cruatan an Ghórta Mhóir le dearmad a dhéanamh den chomhthéacs polaitiúil, eacnamaúil agus coilíneach inar mhair na daoine agus a bhí taobh thiar den mharú agus den bhánú? Ní dóigh liom é.

    Ní mór don scríbhneoir thuas a chomhairle féin a leanúint.

  • Gabriel Rosenstock

    Éinne a bhfuil saothar Christopher Fogarty léite aige, tuigfidh sé nach raibh ‘gorta’ per se in Éirinn. Theip ar an bpráta – níor theip ar ábhair chothaithe eile, bianna a bhí á n- easpórtáil chun na Breataine le cabhair ó 67 reisimint armtha de chuid Arm na Breataine:
    http://www.irishholocaust.org/

  • Pól Deeds

    An bhfuil sé seo léite mar is ceart agam – an é gur ‘nuacht’ é seachas ‘tuairim’? (Agus tuairim claonta seafóideach gan dabht)