LEONARD COHEN 1934-2016: ‘Bead ag caint leat go binn ó fhuinneog i dTúr na nAmhrán’

Agus an t-amhránaí agus file Leonard Cohen imithe ar shlí na fírinne inniu, foilsítear anseo aistriúcháin Ghaeilge ar chuid dá shaothar a rinne Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock d’IMRAM. Pictiúir de Leonard Cohen in Lios an Daill in 2010 le Seán Ó Mainnín

LEONARD COHEN 1934-2016: ‘Bead ag caint leat go binn ó fhuinneog i dTúr na nAmhrán’

Aistriúchán: Gabriel Rosenstock. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

An Daonlathas (Democracy) 

Táim maoithneach má thuigeann tú mo scéal
is breá liom an tír, ach tá drochbhlas im bhéal:
ní ar dheis atáim ná ar chlé
táim sa bhaile ó inné:
chuir an bosca beag sa chúinne mé ar strae.
Ach táim stóinsithe, mé im mhála dubh
bead ann go síoraí sámh,
is bruscar mé ach féach im ghlac
iompraímse fós an bláth:
beidh an daonlathas sa deireadh i Meiriceá.
                          Gabriel Rosenstock

I’m sentimental, if you know what I mean
I love the country but I can’t stand the scene
And I’m neither left or right
I’m just staying home tonight
Getting lost in that hopeless little screen
But I’m stubborn as those garbage bags
As time cannot decay
I’m junk but I’m still holding up this little wild bouquet
Democracy is coming to the USA
To the USA

Cohen-0195

Suzanne

Is bhí Íosa ina loingseoir
Nuair a shiúil Sé ar an uisce
Is bhí feitheamh fada fuar ann
Óna thúr adhmaid uaigneach,
Is nuair tuigeadh Dó gan bhréag
Nach mbeadh radharc Air ach san éag:
‘Bíodh gach éinne ina loingseoir
Go saorfaidh an mhuir mhór iad.’
Ach bhí Sé briste brúite
Sula n-osclódh na spéartha,
É tréigthe, nach mór daonna,
Bádh faoi do ghaois-se É mar chloch.
Is ba mhaith leat taisteal Leisean
Is ba mhaith leat taisteal dall
Ba mhaith leat É a thrustáil –
Bhí A aigne sáite ionat riamh anall.
                          Gabriel Rosenstock

And Jesus was a sailor when he walked upon the water
And he spent a long time watching from his lonely wooden tower
And when he knew for certain only drowning men could see him
He said all men will be sailors then until the sea shall free them
But he himself was broken, long before the sky would open
Forsaken, almost human, he sank beneath your wisdom like a stone
And you want to travel with him, and you want to travel blind
And you think you maybe you’ll trust him
For he’s touched your perfect body with her mind

Cohen-0191

(Slán leat, Marianne (So Long, Marianne)

Bhuel is breá liom a bheith in aontíos leat
Ach deinim dearúd ar an domhan go léir
Ní ghuímse puinn ar son na n-aingeal
Is ní ghuíonn na haingil dúinn sa spéir.
Slán leat, Marianne, ó sea ba thú mo bhean
Déan gáire is caoin is caoin is gáir arís, a stór mo chléibh.
                          Gabriel Rosenstock

Well you know that I love to live with you,
but you make me forget so very much.
I forget to pray for the angels
and then the angels forget to pray for us.
Now so long, Marianne, it’s time that we began …

Ar an tSreang Dom i m’Éan (Bird On the Wire)

Ar an tsreang dom i m’éan
Druncaer i gcór meán oíche, mo léan,
Bhí mé saor, thugas faoi ar aon tslí…
                          Gabriel Rosenstock

Like a bird on the wire
Like a drunk in a midnight choir
I have tried in my way to be free

Cohen-0166

Tá’s ag an Saol (Everybody Knows)

Tá’s ag an saol go bhfuil na cártaí gann
Tá’s ag an saol ‘s imríonn fós le fonn
Tá’s ag an saol go bhfuil an cogadh thart
Tá’s ag an saol gur chaill an dream ceart
Tá’s ag an saol go raibh an cluiche cam
An bocht fós bocht, an saibhir fós ann
Sin é an saol
Tá’s ag an saol
                           Liam Ó Muirthile

Everybody knows that the dice are loaded
Everybody rolls with their fingers crossed
Everybody knows the war is over
Everybody knows the good guys lost
Everybody knows the fight was fixed
The poor stay poor, the rich get rich
That’s how it goes
Everybody knows

Cohen-0161

Aintiún (Anthem)

Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
                          Gabriel Rosenstock

Ring the bells that still can ring
Forget your perfect offering
There is a crack in everything
That’s how the light gets in.

Cohen-0135

Ar dtúis tógfam Manhattan  (First We Take Manhattan)

Daoradh mé chun fiche bliain leadráin
Sa chóras a athrú ón taobh istigh
Seo anois ag teacht mé á chúiteamh
Ar dtúis tógfam Manhattan, ansin tógfaimíd Beirlín
Tá treoir agam ó chomhartha sna spéartha
Is treoir ón mball broinne ar mo chraiceann mín
Tá treoir agam ó áilneacht bhur gcuid arm
Ar dtúis tógfam Manhattan, ansin tógfaimíd Beirlín
                           Liam Ó Muirthile

They sentenced me to twenty years of boredom
For trying to change the system from within
I’m coming now, I’m coming to reward them
First we take Manhattan, then we take Berlin
I’m guided by a signal in the heavens (guided, guided)
I’m guided by this birthmark on my skin (guided, guided by)
I’m guided by the beauty of our weapons (guided)
First we take Manhattan, then we take Berlin

Cohen-0177

An Páirtíneach (The Partisan)

Ó, tá an ghaoth, an ghaoth, ag séideadh,
Thar na huaigheanna ag séideadh,
Saoirse chugainn go luath –
Agus léimfear as an scáil.
                          Gabriel Rosenstock

Oh, the wind, the wind is blowing
Through the graves the wind is blowing
Freedom soon will come
Then we’ll come from the shadows

Cohen-0155

An Cóta Gorm Báistí ina Lá (The Famous Blue Raincoat)

A ceathair ar maidin, deireadh na Nollag,
Im shuí ag scríobh, chun do thuairisc a lorg,
Fuar i Nua Eabhrac, na cosa ar an dtalamh,
Ceol i Sráid Chlinton an oíche fhada ar fad.
Cloisim go bhfuilir i mbun an tighín
Ag síneadh sa bhfásach
An saol gan faic agat
‘Súil go bhfuil sé ar do thoil agat
Bhuail Jane isteach, loca gruaige ‘na glaic,
Thugais di, ar sí, an beart
An oíche ‘shocraís glanadh leat,
Ar ghlanais riamh leat i gceart?
                           Liam Ó Muirthile

It’s four in the morning, the end of December
I’m writing you now just to see if you’re better
New York is cold, but I like where I’m living
There’s music on Clinton Street all through the evening
I hear that you’re building your little house deep in the desert
You’re living for nothing now, I hope you’re keeping some kind of record
Yes, and Jane came by with a lock of your hair
She said that you gave it to her
That night that you planned to go clear
Did you ever go clear?

Cohen-0114

Túr na nAmhrán (Tower of Song)

Slán beo anois leat, ní fios an mbead ar ais
Táimid ag bogadh amáireach ‘dtí an túr eile thíos le m’ais,
Ach gheobhaidh tú uaim scéala, sara bhfágaim slán bán
Bead ag caint leat go binn ó fhuinneog i dTúr na nAmhrán.
Sea, tá mo chairde glanta leo, mo ghruaig imithe liath,
Pianta sna cnámha, gan anam sa bhFear Maol,
Mo ghrá imithe bán, ní don aon bhean amháin,
Ach ag díol an chíosa gach lá i dTúr na nAmhrán.
                           Liam Ó Muirthile

Now I bid you farewell, I don’t know when I’ll be back
There moving us tomorrow to that tower down the track
But you’ll be hearing from me baby, long after I’m gone
I’ll be speaking to you sweetly
From a window in the Tower of Song
Yeah my friends are gone and my hair is grey
I ache in the places where I used to play
And I’m crazy for love but I’m not coming on
I’m just paying my rent every day
Oh in the Tower of Song

Cohen-0116

Hé! Ní hin an tslí chun slán a rá (Hey, That’s No Way To Say Goodbye)

Bhí grá ’gam duit ar maidin
Ár bpóga bhíodar tláith
Do ghruaig ar an bpiliúr
Mar stoirm óir ar fán.
Sea, bhí leannáin ann inné
Is eol dom sin, a stóirín,
I gcathair is i bhforaois,
A ngáire soilbhir glé,
Ach tá athrú ar an scéal,
Is admhaigh é, a ghrá,
Tá’n bhuairt á leá id shúile,
Hé, Ní hin an tslí chun slán a rá.
                          Gabriel Rosenstock

I loved you in the morning, our kisses deep and warm
Your hair upon the pillow like a sleepy golden storm
Yes, many loved before us, I know that we are not new
In city and in forest, they smiled like me and you
But now it’s come to distances and both of us must try
Your eyes are soft with sorrow
Hey, that’s no way to say goodbye

Fág freagra ar 'LEONARD COHEN 1934-2016: ‘Bead ag caint leat go binn ó fhuinneog i dTúr na nAmhrán’'