Leon nó Leo? Cén t-ainm Gaeilge a thabharfar ar an bPápa nua?

Bhí idir ‘An Pápa Leo’ agus ‘An Pápa Leon’ le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge nuair a fógraíodh gurbh é an Cairdinéal Robert Prevost a bheadh ina chomharba ar an bPápa Proinsias

Leon nó Leo? Cén t-ainm Gaeilge a thabharfar ar an bPápa nua?

Is dócha gurb é ‘Leon’ an t-ainm a thabharfar i nGaeilge ar an bPápa nua a toghadh an tseachtain seo caite cé nach bhfuil sé i gceist aon riail oifigiúil a leagan ar shagairt na tíre seo i dtaobh na ceiste.

Bhí idir ‘An Pápa Leo XIV’ agus ‘An Pápa Leon XIV’ le cloisteáil ar na meáin Ghaeilge Déardaoin an 8 Bealtaine nuair a fógraíodh gurbh é an Cairdinéal Robert Prevost a bheadh ina chomharba ar an bPápa Proinsias, a bhásaigh Luan Cásca.

Dúirt cathaoirleach an Choiste Chomhairligh um an Liotúirge i nGaeilge, an Dr Marie Whelton, le Tuairisc “gurb é an Pápa Leon XIV an teideal ceart” ar an bpápa nua. Dúirt sí nach é gnó an choiste sin ainm Gaeilge an phápa a dheimhniú, áfach.

Is ‘Leon’ a thugtar mar leagan Gaeilge ar an ainm ‘Leo’ sa leabhar ainmneacha An Sloinnteoir agus an tAinmneoir le Muiris Ó Droighneáin.

Deir an Coiste Comhairleach um an Liotúirge i nGaeilge go bhfuil tagairtí éagsúla don ainm Leon i bhfoinsí eaglasta agus oideachais.

Tagraíodh don ‘Pápa Leon XIII’, a bhí ina phápa ag deireadh an 19ú hAois, faoin ainm Gaeilge i nuachtlitir Pharóiste an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus paidir a scríobh sé á roinnt le muintir an pharóiste.

Tá tagairt eile don Phápa Leon XIII in alt leis an Athair Leon Ó Giolláin a foilsíodh ar An Timire in 2010 faoin bhfealsamh Sasanach John Henry Newman. Sa nóta beathaisnéise faoi Newman san alt sin luaitear go “[ndearna] an Pápa Leon XIII Cairdinéal de” in 1879.

Is é ‘Leon’ an leagan Gaeilge den ainm ‘Leo’ a úsáidtear i leabhair staire scoile ina bpléitear an Reifirméisean. Is é ‘An Pápa Leon X’ a luaitear i mbileog eolais faoin tréimhse sin i stair na hEaglaise a chuir COGG ar fáil.

Tuairiscíodh ar shuíomh an BBC agus in áiteanna eile i saol an Bhéarla an tseachtain seo caite gurbh é ‘Leon’ a bhí roghnaithe ag an gCairdinéal Prevost mar ainm nua dó féin, ach ceartaíodh é sin go ‘Leo’ nuair a tuigeadh gur i dtuiseal cuspóireach na Laidine a fhógraítear ainm an phápa nua – sa chás seo ‘Leonem’.

Nuair a bhí an pápa nua á chur os comhair an tsaoil den chéad uair d’fhág ‘n’ sin an tuisil chuspóirigh san fhógra Laidine gur cheap roinnt tráchtairí gur Leon an t-ainm Béarla a bhí roghnaithe ag an bpápa nua.

Ní hamhlaidh an scéal i nGaeilge áfach – is é ‘Leon’ an leagan dlisteanach Gaeilge den ainm Laidine ‘Leo’.

Thug rúnaí Chumann na Sagart, an tAthair Brian Ó Fearraigh, le fios do Tuairisc nach leagtar aon riail dhaingean amach do shagairt na hÉireann maidir le hainm an phápa i nGaeilge ach go leantar “an gnáthchleachtadh” maidir le leaganacha Gaeilge.

“Is ceist mhaith í, bhí muid ag caint agus ag comhrá anseo i nGaoth Dobhair faoi. Tá an t-ainm ‘Leon’ anseo sa pharóiste, tá Leon Ó Braonáin ann, ach ‘Leo’ a bhí ar an athair. Is faoi achan sagart é an leagan atá sé féin ag iarraidh a thabhairt air a roghnú. Bhí an nós ann leagan Gaeilge a úsáid i gcás na bpápaí eile – ‘Eoin Pól II’ agus ‘Proinsias’. Ba é ‘Beinidict’ a bhí againn air an bpápa Benedict XVI fosta.

“Ní bheidh aon riail ná treoir oifigiúil ann faoi ach go hoifigiúil is é Leon atá ann i nGaeilge ach braitheann sé ar an gcleachtadh atá ag an bpobal áitiúil ar an ainm. Is faoi achan sagart é an t-ainm a úsáidfidh sé a roghnú,” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh le Tuairisc.

Fág freagra ar 'Leon nó Leo? Cén t-ainm Gaeilge a thabharfar ar an bPápa nua?'

  • Eoin Ó Riain

    Scríobhnóir ab ea Leon Ó Broin a fuair bás sna nochaidí a scríobh an-chuid leabhair & dramai.
    Tá Íosánach (in Ollscoil BÁC sílim) An tAth Leon Ó Giolláin.

  • Niall Ó Flatharta

    Leon gan amhras.