Leo Ó Braonáin, fear uasal ceolmhar, ar shlí na fírinne

Déanfar an ceoltóir agus an t-óstóir iomráiteach a chur i gcré na cille i reilig Mhachaire Gathlán i ndiaidh Aifreann tórraimh ag meán lae i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga inniu

Leo O Braonain i mbun ceoil. (Pic: Eoin Mc Garvey)
Leo O Braonain i mbun ceoil. Pictiúr: Eoin Mc Garvey

Fuair an ceoltóir agus an fear gnó Leo Ó Braonáin as Dún na nGall bás Dé Céadaoin in aois a cheithre scór go leith.

Bhí a chlann leis nuair a bhásaigh sé ina theach cónaithe ag Dobhar, Gaoth Dobhair, tar éis dó tinneas measartha fada a chur de.

Bhí aithne leitheadach ar Leo mar fhear ceoil ar dtús agus ansin mar fhear gnó a choinnigh leis an cheol nuair a d’oscail sé Tábhairne Leo i Mín na Leice, Croithlí i 1968.

Ba san teach seo a thosaigh an teaghlach ag ceol agus ar ndóigh tá aithne leitheadach ar a chuid iníonacha Enya agus Moya Ní Bhraonáin agus baill eile den teaghlach a bhí sa ghrúpa ceoil aitheanta, Clannad.

Chaith Leo blianta fada ar an bhealach leis an bhanna an Slieve Foy agus ba ansin a fuair sé aitheantas mar fhear ceoil. Le linn a chuid ama san Slieve Foy bhí sé ag bualadh an tsacsafóin agus an bhosca ceoil chomh maith le bheith ag ceol. I measc na mball eile i mbanna an Slieve Foy bhí Paddy Joe Ó Dónaill, Lala Ó Hardáin agus Johnny Guitar Ó Gallchóir.

Ba i dTábhairne Leo i Mín na Leice a chaith Leo na blianta deireanacha ag cur ceoil ar fáil do na cuairteoirí uilig as gach cearn den domhan a bhíodh ag tarraingt ar an cheantar gach bliain. Dá mbeadh Leo ag obair san tábhairne thiocfadh leat bheith cinnte go mbeadh ceol ar fáil. Bomaite amháin bhíodh sé ag tarraing pionta agus bomaite ina dhiaidh, bhíodh sé ag bualadh ar an bhosca ceoil. Bhí cuimhne iontach aige agus is iomaí strainséir a tháinig an doras isteach a raibh Leo in ann a rá leo go raibh siad i dTí Leo roimhe sin.

Tabhairne Leo i Mín na Leice. (Pic: Eoin Mc Garvey)
Tábhairne Leo i Mín na Leice. Pictiúr: Eoin Mc Garvey

In 2002 rinneadh athchóiriú iomlán ar an teach tábhairne agus is é Leo a bhí bródúil nuair a rinneadh athoscailt air faoi bhainistíocht a mhic, Bartley atá go fóill i mbun an ghnó . Níl lá sa bhliain nach dtagann cuairteoirí as gach ceard den domhan fhad le Tábhairne Leo leis an áit as a dtáinig Enya, Moya agus baill an bhanna Clannad. I rith na mblianta, bhí ceoltóirí iomráiteacha ar an stáitse Tí Leo, ina measc Bono agus baill U2, Paul Brady, Glen Hansard agus go leor leor eile, rud a raibh Leo i gcónaí iontach bródúil as.

Fear uasal a bhí i Leo Ó Braonáin agus is cinnte gur caill mhór a bhás dá theaghlach ar dtús agus do na comharsana agus na cairde uilig a bhí aige.

Tá Leo á fhaire ina theach cónaithe ag Dobhar Uachtarach agus déanfar é a chur i gcré na cille i reilig Mhachaire Gathlán i ndiaidh Aifreann tórraimh ag meán lae i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga inniu.

Maireann a bhean chéile Baba (Máire), agus a chlann, Moya, Ciarán, Pól, Deirdre, Leon, Enya, Olive, Bartley agus Brídín. Go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.

Fág freagra ar 'Leo Ó Braonáin, fear uasal ceolmhar, ar shlí na fírinne'