Leithéidí Mháirtín Phat Willie as Tír an Fhia a thugann léargas ceart dúinn ar jab an Gharda

Bíodh sé i gCarna i gConamara nó i gcathair mhór i Meiriceá tá níos mó ag baint le hobair phóilíneachta ná mar a thugtar le fios go minic

Leithéidí Mháirtín Phat Willie as Tír an Fhia a thugann léargas ceart dúinn ar jab an Gharda

Bhí Máirtín Phat Willie as Tír an Fhia ag caint ar Raidió na Gaeltachta an lá faoi dheireadh. Labhair sé go séimh agus go humhal. Jab na nGardaí? Teagmháil a choinneáil leis an bpobal, labhairt leis na daoine agus comhairle a chur orthu siúd a bheadh ábhailleach nó díchéillí i mblianta na hóige. Leag sé féin béim air sin i gcónaí agus é ina Gharda Síochána i gceantar tuaithe. 

Dhá scór bliain atá caite ag Máirtín ina Gharda, faoin tuath den chuid is mó.

I gCarna i gConamara atá sé lonnaithe le 26 bliain acu sin. Beidh sé ag éirí as an bpost ar an 5 Samhain tar éis dhá scór bliain mar Gharda Síochána.

Labhair sé ar a thábhachtaí agus atá sé go mbeadh Gaeilge ag na Gardaí i gceantair Ghaeltachta. Labhair sé freisin ar chruóganna farraige agus sléibhe i gceantair sceirdiúla. Ní ghabhfadh Máirtín Phat Willie amú i gceachtar áit acu. Rugadh agus tógadh é ar an Trá Bháin agus tá sé paiteanta ar láimhsiú bád agus ar obair na farraige.

Níor labhair sé ar na dualgais throma agus thragóideacha a bhain lena chuid oibre chomh maith. An drochscéala a thabhairt chuig athair nó máthair nó teaghlach, dualgas in áiteanna a raibh drochthimpiste bhóthair nó farraige nó coirp le n-aithneachtáil. A ghabháil isteach ar dualgas sa seomra a raibh scrúdú iarbháis ar bun ann – agus go leor eile dá sórt. Ní chuimhneodh sé aird a tharraingt ar dhualgais mar sin ná mholadh a thabhairt dó féin.

Chuir sé i gcuimhne dom comhrá a bhí agam le Colm Lydon, duine de na póilíní is airde céim i Massachusetts. Ba as Carna a mháthair agus a athair, suaimhneas síoraí dóibh beirt. Is é Colm Lydon an ceannasaí ar shlándáil agus ar shábháilteacht i gceantar chathair Bhoston uilig – duine de na póilíní is sinsearaí i Stát Massachusetts i Meiriceá. Tá dualgas trom air, go háirithe agus contúirt sceimhlitheoireachta seasta anois.

“We are not perfect,” a deir Colm liom. “We don’t come from a perfect society. But we serve the public as best we can.” 

Tuigeann sé contúirtí na hoibre i gcathair mhór i Meiriceá, scaoileadh urchair leis níos mó ná aon uair amháin.  “You always have to remember that you might not come home,”a deir sé. 

Is fiú cuimhneamh ar phóilíní ar nós Máirtín Phat Willie in iarthar Chonamara agus ar Cholm Lydon i gcathair Bhoston agus duine ar bith againn ag déanamh a chuid meastóireachta ar an ngairm sin. Ar ndóigh, tá cur agus cúiteamh faoi obair na nGardaí i bPoblacht na hÉireann le riar blianta. ’Sé an cur agus an cúiteamh sin is mó a dtugtar aird air go minic agus na díospóireachtaí sin ar bun i seomraí teolaí. Is beag baol atá ann ach go dtiocfaidh na cainteoirí abhaile slán, buíochas le Dia. Beag an baol ach an oiread ach go dtiocfaidh na tráchtairí abhaile slán sábháilte.

Ansin tá saineolaithe an chnaiste ann a bheadh in ann, dar leo féin, chuile eachtra a láimhsiú ar bhealach níos stuama ná na mná agus na fir atá ansin sa mbearna bhaoil.

Ansin tá leithéidí Michael McDowell ann, abhchóide sinsearach agus iarAire Rialtais. 

Ba mhaith leis-sean go mbeadh deis aige croscheistiú a dhéanamh ar iarChoimisinéir na nGardaí, Nóirín O’Sullivan, a dúirt sé le linn aimsir Bhinse Uí Uigínn (a bhí ag fiosrú obair na nGardaí i gcontaetha an Chabháin/Mhuineacháin). “She might not enjoy the experience,” a deir Michael McDowell. Ní maith a thaitnigh an chaint seo leis an mBreitheamh Peter Charleton mar atá léirithe sa tríú tuarascáil eatramhach de chuid an bhinse Nochtuithe.

‘More than unfortunate,’ a thug an Breitheamh Charleton ar an gcaint seo agus dúirt nár cheart go ‘ndéanfadh abhcóide bagairt riamh ar fhinné’.

(An bhfuil aon rialacha ann faoi smacht a chur ar abhcóide i gcás den sórt sin?)

Ina dhiaidh sin féin, thosaigh Nóirín O’Sullivan mar ghnáthbhall den Gharda Síochána, d’fhág sí lorg a coise ar an talamh agus fuair sí blaiseadh den saol ar an tsráid. Choinnigh uirthi, de réir a chéile, nó go raibh sí ina ceannasaí ar an bhfórsa.

Ar cheart go gcuirfí ceisteanna uirthi má bhí sin ag teastáil i gcás áirithe? Cinnte, ba cheart ach ní dóigh gur cheart go mbeifí ag bagairt roimh ré go mbeadh duine míchompordach de bharr an cheistiúcháin sin. Shíl muid i gcónaí gur ar mhaithe le theacht ar an bhfírinne a dhéantar croscheistiú.  

Ar ndóigh is fada an cineál sin cainte agus díospóireachta ag binsí fiosrúcháin agus cúirteanna ón obair phraiticiúil phóilíneachta in iarthar Chonamara nó ar shráideanna cheann de phríomhchathracha Mheiriceá. D’fhéadfadh go dtiocfadh bagairtí dáiríre nó tragóidí i gcosán an phóilín nó an Gharda Síochána i gceachtar áit. Seo é an áit ar a dtugtar an ‘real world’. B’fhéidir nach dtiocfá abhaile slán as.  

Ar an taobh eile den Atlantach, coinníonn Colm Lydon súil seacht lá na seachtaine ar pé ar bith cor a bhíonn sa saol a chuirfeadh an pobal ansin i mbaol. I gCarna i gConamara is gearr go siúlfaidh Máirtín Phat Willie amach doras Stáisiún na nGardaí den uair dheiridh mar Gharda Síochána. Tugann saol agus dearcadh na beirte léargas ar an obair mhaith a dhéanann cuimse póilíní agus Gardaí.  

Go séimh agus go humhal a labhraíonn siad faoin obair sin nuair a cheistítear iad.

Fág freagra ar 'Leithéidí Mháirtín Phat Willie as Tír an Fhia a thugann léargas ceart dúinn ar jab an Gharda'

  • An Teanga Bheo

    Gach beannacht chugat Máirtin agus sonas ort go deo.