Tá an clár faisnéise ar cheann de mháithreacha sceideal TG4 ó thosach craolta. Mar is cuí tá moladh forleathan faighte ag sciar suntasach den raidhse cláracha sa seánra seo atá tagtha ós na ceártaí éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Go minic, áfach, bíonn ort dul ag paidhceáil sa sceideal leis an táirge nua a aimsiú i measc na n-athchraoltaí. B’amhlaidh domsa leis an táirge seo (Misean sa tSín, TG4, Dé Luain), sraith ceithre chlár a thugann éachtaint ar na misinéirí Éireannacha sa tír sin i gcaitheamh an chéid seo caite. Sa chéad chlár deineadh trácht ar an An Athair Edward Galvin ó Bhaile Níos i gContae Chorcaí a d’ardaigh a sheolta leis go dtí an tSín i 1912 le tabhairt faoin soiscéalaíocht i dtír a raibh rian éigin den Chríostaíocht inti ón séú céad déag. Sna trí chlár a craoladh go dtí seo tá cuntas tugtha ar na heachtraí a bhain don tír sa tréimhse sin, an ról a bhí ag na céadta misinéir Éireannach iontu agus an rian atá fágtha acu ar an tír.
Ba é ionradh na Seapáine i 1937 agus an fhorghabháil a lean é a bhí fé chaibidil i ngála na hoíche aréir. Tréimhse fhuilteach, bhrúidiúil ab ea í agus tá conspóid ann i gcónaí faoin drochíde a thug na Seapánaigh ar chosmhuintir na Síne.
Agus Doireann Ní Bhriain mar thráchtaire deisbhéalach againn insíodh dúinn ag tosach an chláir gur maraíodh 14 milliún Síneach i rith na forghabhála agus gur cailleadh ceithre mhilliún eile de bharr an ghorta agus na ngalar. Tráchtar ar an drochíde chruálach, mhídhaonna a tugadh do mhuintir na Síne: marú gan trócaire, tástálacha eolaíochta, cogaíocht bhitheolaíoch agus éigniú (nó ‘mná compoird’ faoi mar a baisteadh orthu go sofhriotalach). Dídhaonnú iomlán déanta ag na Seapánaigh ar a gcomharsana.
Bhí na hÉireannaigh ar a gcroí díchill ag iarraidh lámh chúnta a thabhairt. Iad imithe chun na Síne le hanamacha a shábháil ach de bharr na gcúinsí a bhí i réim ní raibh an dara rogha acu ach dearmad a dhéanamh ar anamacha agus beathaí a shábháil.
Bhí ionchur tomhaiste as Gaeilge againn ón staraí Seán Delap agus an An tAthair Cyril Lovett, iar-eagarthóir ar iris na gColmbánach, The Far East. Ní nach ionadh bhí tráchtairí Béarla romhainn chomh maith, Isabella Jackson ó Choláiste na Tríonóide agus an An tAthair Neil Collins ina measc. Go deimhin bhí guth agus teanga mhuintir na Síne le cloisteáil freisin agus oidhreacht na misinéirí Éireannacha á meas ag An Athair Joseph Hao-wan-hui agus Shan Yuwu, mac léinn dochtúireachta.
Tugadh aird faoi leith ar an slad a deineadh ar chathair Nancheng nuair a thug na misinéirí ansin tearmann do Mheiriceánaigh a thuirling sa limistéar i ndiaidh ionradh cáiliúil Dolittle ar Thóiceo. Eachtraítear faoi chrógacht an Athar Tom Ellis a sheas an fód ar son cailíní Síneacha fiú agus gunna Seapánach faoina shrón aige. Mar dhíoltas deineadh scrios ar an gcathair agus níor fágadh ach 18 as an 30,000 teach a bhí sa gcathair ina seasamh.
Clár eolgaiseach faoi thréimhse chorraitheach i stair an Chianoirthir a raibh ról sainiúil ag Éireannaigh ann.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: TG4 dulta ar mhisean sa tSín – conas a d’éirigh leo?'