LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: TG4 i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna

Ní fhéadfadh aon duine a mhaíomh go mbíonn ‘Súil Eile’ TG4 ag tabhairt neamhaird orthu aimsir an Oireachtais, ach caithfear a bheith foighneach le ‘Taken Down’ RTÉ

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: TG4 i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna

Táthar ann a bhíonn coitianta ag cnáimhseán mar gheall ar fhéile mhór an Oireachtais a bheith i gCill Airne rómhinic. Smut maith den cheart acu, go mórmhór nuair a chuimhníonn tú ar an aistear atá le déanamh ag muintir Dhún na nGall agus Bhéal Feirste, mar shampla.

Ar a laghad tá TG4 agus RnaG acu. Bhí an dá stáisiún luite amach orthu féin arís i mbliana d’fhéile na nGael.

Bhí uaireanta an chloig de chraoladh beo á dhéanamh ag TG4 ó Chéadaoin go Satharn, cuid de sin ar an teilifís agus cuid eile ar an idirlíon. Go deimhin bhí an dá chraoladh ag tarlú ag an am céanna ar uairibh. Ní fhéadfadh aon duine, óg nó aosta, a mhaíomh go mbíonn ‘an tSúil Eile’ ag tabhairt neamhaird orthu aimsir an Oireachtais. É sin ar fad agus meitheal Molscéal ag taoscadh leo ar a ndícheall. Go deimhin b’oiriúnach an mhaise é gur sheoladar a n-aip i rith na féile.

Bhí gearradh siar le sonrú i dtáirgí mheitheal na nuachta óir nach raibh an dá chlár nuachta uair an chloig againn faoi mar a bhí anuraidh. Seoladh Siún Nic Gearailt ó dheas chuig an bhfód dúchais ó Chéadaoin go hAoine le leath de na cláir Nuachta a láithriú ó Óstán Ghleann an Iolair agus dhein bean Pharóiste Mórdhach a cúram go slachtmhar, deisbhéalach, mar is dual di.

Na Gradaim Chumarsáide a bhí i lár an aonaigh ar an gCéadaoin agus bhí cúram á dhéanamh don ócáid ar an idirlíon timpeall an ama chéanna. Lean an chadráil le lucht na féile ar an Déardaoin agus an Aoine mar aon le clúdach ar agallaimh bheirte, lúibíní, comórtais amhránaíochta, comórtais sean-nóis agus a lán ócáidí eile nach iad. Gan amhras, ’sé an comórtas Steip buaicphointe chraoladh TG4 ar a lán slite agus bhaineas an-súp as an gclár céanna. Gaisce craoltóireachta.

Tá ábhar sollúnta, tromchúiseach idir chamáin i saothair drámaíochta RTÉ le déanaí. An tseachtain seo caite dhírigh Doing Money ar gháinneáil daoine agus sclábhaíocht ghnéis. An tseachtain seo bhí teifigh, an ‘soláthar díreach’ agus dúnmharú idir chamáin in Taken Down. Sraith sé chlár é seo ón scríbhneoir Stuart Carolan, an té a thug Love/Hate dúinn. Sa chéad radharc tá Abeni (Aïssa Maïga) ar bhád sa Mheánmhuir; í féin agus a beirt mhac tógtha as bád beag neafaiseach, rólán. Seoltar go hÉirinn iad mar a n-insítear dóibh go mbeidh siad in ionad don soláthar díreach agus go ndéanfar a n-iarratas ar thearmann a phróiseáil. Sa chéad radharc eile tá ocht mbliana gafa tharainn agus iad fós i ngéibheann agus páistí fásta aníos chomh Gaelach leis na Gaeil iad féin.

Déantar cailín óg ón ionad a dhúnmharú agus a fhágaint i scáthlán bus trasna an bhóthair. Seo chugainn Jen (Lynn Rafferty), an Garda a bheidh i bhfeighil an cháis. Í beagfhoclach ach gairmiúil, murab ionann agus an cúpla cábóg eile atá ag obair léi. Tá an scigphictiúr seo den Gharda tuaithe ag éirí seanchaite ag an bpointe seo.

Ar an iomlán bhí an aisteoireacht ann as, níor thaitin cuid de na carachtair liom agus ní raibh an luas ceart faoin scéal. Mar gheall ar an ábhar agus an té a scrígh é beidh mé foighneach.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: TG4 i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna'