LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní fuirist féachaint ar ‘The Handmaid’s Tale’ ach is fiú cruachan in aghaidh na hainnise

Níl aon aisteoir eile, fireann nó baineann, in ann coinneal a choinneáil le Elisabeth Moss maidir lena cumas an cruas a chniotáil leis an leochaileacht

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní fuirist féachaint ar ‘The Handmaid’s Tale’ ach is fiú cruachan in aghaidh na hainnise

Agus mé ar an mbóthar chuig Inis le déanaí thugas suntas do chlár fógraí mór a raibh Westworld greanta air. Bhí an fógra teibí go leor le go bhféadfadh allúrach saonta aineolach éigin a cheapadh gur fógra do mhúsaem/taispeántas faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin atá ann seachas fógraíocht le haird a tharraingt ar an dara séasúr de tháirge mór-ráchairte HBO ar craoladh an chéad ghála de an deireadh seachtaine seo caite. Bheadh daoine áirithe a chásódh dúil sa tsraith mar ionradh cultúrtha eile ós na Poncánaigh agus bheadh daoine eile ag maíomh gur fianaise é go bhfuil ré órga na teilifíse fós faoi lán seoil.

Taibhsíodh dom féin go bhfuilimid i ngalar na gcás más i dtaobh le táirgí cosúil le Westworld atáimid.  Tá an ghaoth imithe as seolta an ré órga, agus tá le tamall.  Game of Thrones ar an dé deiridh, tá The Walking Dead imithe ar bóiléagar le dhá shéasúr anuas, tá House of Cards ag teacht chun críche ach thit an tóin as i bhfad sular thosaigh líomhaintí ag teacht chun cinn maidir le Kevin Spacey, agus níl Better Call Saul, dá fheabhas é, in ann coinneal a choimeád lena réamhtheachtaí. Tá na ceártaí, Netflix ach go háirithe, ag sluaisteáil chugainn ar a ndícheall ach ní hionann cainníocht agus cáilíocht.

Cadhan aonair agus éan corr é The Handmaid’s Tale, áfach a raibh an première Eorpach don dara séasúr ar RTÉ 2 aréir. Bhíomar in ann craos a chur orainn féin le dhá ghála den saothar tathagach, corraitheach seo; saothar gur féidir a lua in aon abairt le mhórshaothair cosúil le The Sopranos, The Wire agus Breaking Bad.

Ní shin le rá go bhfuil sé fuirist féachaint ar shaol diostóipeach, patrarcach Gilead; áit a chaitear le mná amhail is nach bhfuil iontu ach umair ghiniúna. Táthar ann a mhaíonn go bhfuil tráthúlacht thar na bearta ag baint leis an táirge mar go mbaineann sé macallaí as sochaí na linne mar a bhfuil fuathóir ban sa Teach Ban agus tionchar mór ag an ngluaiseacht @MeToo. Lena chois sin chonac, agus mé ag fánaíocht ar Twitter aréir, go bhfuil daoine abhus ag iarraidh comparáidí a rianú leis an reifreann maidir leis an ochtú leasú ar an mbunreacht. Is dóigh liom féin go bhfuiltear ag rith amach ón gcairt leis na tagairtí seo ar fad. Is fearr liom féin an táirge a mheas ar a bhuanna féin.

Bhain an chéad séasúr, a bhí bunaithe ar úrscéal Margaret Atwood, siar as an lucht féachana. Tá an tobar sin tráite anois agus cé go bhfuil Atwood earcaithe mar chomhairleoir caithfidh an tsraith iomaire nua a threabhadh; rud a dhéantar go cumasach. Ag deireadh an chéad séasúir bhí June/Offred gafa agus í á hiompar i gcúil veain mar gur thug sí, agus meitheal na mban dearg, dúshlán na n-údarás. Sa radharc tosaigh ocht nóiméad, roimh na teidil chreidiúna, déantar pionós na mban in Páirc Fenway a chur os ár gcomhair go corraitheach. An pháirc ina fhásach  agus This Woman’s Work le Kate Bush ár dtionlacan. “Our Father who art in heaven…what the actual fuck?” a deir June ag deireadh na heachtra.

Is í Elisabeth Moss bunchloch an tsaothair. Tugann sí taispeántas nádúrtha, caolchúiseach uaithi sa domhan mínádúrtha seo. Go minic bímid i dtaobh le seatanna teanna dá cuntanós le míreanna áirithe a iompar. Tá sí go hiomlán os cionn a buille agus níl aon aisteoir eile, fireann nó baineann, in ann coinneal a choinneáil léi maidir lena cumas an cruas a chniotáil leis an leochaileacht.

Cruaigh in aghaidh na hainnise agus éirigh gafa leis an saothar stuifiúil seo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní fuirist féachaint ar ‘The Handmaid’s Tale’ ach is fiú cruachan in aghaidh na hainnise'

  • Nello

    Tá sé ró-luath aon chomparáid a dhéanamh le The Sopranos, The Wire nó Breaking Bad. Deireadh an lae, ní scéal nua é, bhí an chéad séasúr bunaithe ar leabhar agus ní bheidh sé éasca an rath sin a dhéanamh arís don lucht táirge. Caithfidh siad an scéal a scríobh an uair seo agus tá seans ann nach mbeidh a lán daoine sásta lena gcuid roghanna don scéal cáiliúil seo