Táthar ag rith le brothall le cúpla lá maidir leis an tinreamh de bhreis agus 46,000 duine a bhí ag cluichí ceannais pheil na mban. A luaithe agus a fógraíodh an figiúr bhí na meáin shóisialta agus tráchtairí difriúla cinnte gur curiarracht de shaghas éigin a bhí ann do spórt na mban agus dá bharr bhíodar ar a gcroí díchill ag iarraidh méar a shíneadh i dtreo fíricí. Ar deireadh aontaíodh gurbh iad cluichí an Domhnaigh an t-imeacht spóirt ban is mó freastal san Eoraip in 2017. Gaisce nach beag. Bheadh sé suarach gan aitheantas a thabhairt don ról a bhí/atá ag TG4 i bhforás an spóirt le blianta beaga anuas. Ar an Domhnach bhí clúdach d’ardchaighdeán de shé uair an chloig; anailís, plé, an t-iomlán dearg. Gráinne McElwain ag stiúradh cúrsaí go cumasach, mar is dual di. Tá seo déanta ag TG4 le blianta agus is léir go raibh tionchar aige. Cá bhfios cá mbeimid i gceann cúpla bliain?
Ba chlár suaite, suaithinseach, corraitheach é Bobby Sands: 66 Days (BBC1, Dé Domhnaigh) a thug cuntas ar stailc ocrais Sands i 1981. Dhein an saothar a sheacht ndícheall léargas oibiachtúil a thabhairt ar na heachtraí ach bhí an tréimhse chomh corraithe sin, agus na stailceanna chomh mothúchánach sin, go raibh sé deacair gan cuma an laoich a chur ar Sands.
Le beochan, maisiúcháin shamhlaíocha agus guthú Martin McCann ar dhialann Sands ár dtionlacan, tugadh éachtaint ar mheon aigne an fhir seo agus é ag tabhairt faoi aistear an bháis.
Ní nach ionadh baineadh úsáid as raidhse ábhar cartlainne agus an saothar ag comhaireamh síos go lá a bháis. Go rialta i rith an chláir caitheadh lá na stailce ar an scáileán agus tuairisc oifigiúil an phríosúin ar bhail Sands ag dul leis.
Labhair meitheal mhór cloigne cainte: Gerry Adams, Danny Morrison, Tim Pat Coogan agus Fintan O’Toole in measc. Labhair O’Toole faoin miotaseolaíocht a bhaineann le mairtírigh. Dar leis bhí Sands chomh hóg, agus chomh hanaithnid sin ag an tús, go rabhthas in ann na ‘bearnaí a líonadh’. Dá bharr d’fhéadfadh aon sochaí nó glúin a mbrí féin a bhaint as.
Lena cheart a thabhairt don saothar deineadh iarracht daoine le dearcaí difriúla a earcú agus ba iad leithéidí Charles Moore, Norman Tebbit agus Dessie Waterworth a chuir cás na gcúisitheoirí chun cinn. Labhair Waterworth, oifigeach príosúin ag an am, go diongbháilte faoi dhéine a chuid oibre agus a dhearcadh i leith na stailceoirí ocrais.
I gcaitheamh an ama déantar iarracht an fothragadh polaitiúil agus an comhthéacs idirnáisiúnta a chur os ár gcomhair.
Lena chois sin tugtar sin ar chamchuairt staire le cíoradh a dhéanamh ar thraidisiún na stailce ocrais mar uirlis agóide i stair na hÉireann mar aon le sracfhéachaint a chaitheamh ar stair na hÉireann agus óige Sands.
Tráchtadh ar an ngéarleanúint agus cos ar bolg a deineadh ar na Caitlicigh; éagóracha a thug ar Sands óg luí leis an IRA agus gan aige ach ‘M1 carbine and enough hate to topple the world’.
Tugadh sinn go ceann scríbe truacánta ach maíodh gurbh í an tréimhse chorraitheach sin a leag an bhunchloch do bhóthar na síochána.
Frainc
arbh fhiú é? arbh fhiú é?