LÉIRMHEAS: Slog an ‘Baoite’ agus gabh ag an Taibhdhearc do shárdhráma Mhic Con Iomaire

Script chorraitheach, léiriú físiúil samhlaíoch agus sáraisteoireacht – is fiú go mór freastal ar ‘Baoite’ atá ar siúl sa Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Ealaíne na Gaillimhe

LÉIRMHEAS: Slog an ‘Baoite’ agus gabh ag an Taibhdhearc do shárdhráma Mhic Con Iomaire

Pic: Seán Ó Mainnín

Bhí sé ina chíréib ar shráideanna na Gaillimhe agus slua ag triall faoi dhéin na Taibhdheirce Dé Luain do dhráma nua Dharach Mhic Con Iomaire, Baoite. Bhí lucht agóide fiáin friochanta ag éileamh cead isteach sa halla d’fhonn cruinniú eolais poiblí a reáchtáil. Bhí gardaí agus lucht slándála dalba doscúch ina n-arrachtáin aingí aingiallta rompu á gcoinneáil amach óna stáitse poiblí. Bhí sé fánach acu. Réabadh na bacanna, scuabadh lucht an chinsil de leataobh, osclaíodh na doirse agus fuair lucht na hagóide cead cainte. Agus cúis is siocair na círéibe ar fad? An fhraiceáil a bhí long mhór mhillteach allúrach ag brath a dhéanamh amuigh sa gcuan.

Agus tabhair fraiceáil ar an obair. Má thosaigh muid amach le ceann de mhórcheisteanna timpeallachta na huaire, an fhraiceáil, agus an dochar a dhéanann sí don timpeallacht fhisiciúil trí phléascáin faoi thalamh, ní raibh ansin ach meafar tionscanta d’imeachtaí an dráma.

Is gearr go mbíonn ina fhraiceáil i ndomhan fothoinn sin shícé agus chomhfhios agus, go deimhin, fhochomhfhios an duine. Insíonn script thar a bheith saibhir agus dea-scríofa Mhic Con Iomaire a scéal ar go leor leibhéal sraithithe, ón gcur síos oibiachtúil ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamúla na fraiceála ar an bpobal fré chéile go dtí tionchar na n-eachtraí céanna ar bheatha inmheánach na gcarachtar éagsúil sa dráma. Agus tabhair fraiceáil freisin ar an gcorraíl intinne is anama sin. Ar nós na ngásanna nimhneacha dochracha a scaoiltear de bharr na fraiceála fisiciúla, scaoiltear go leor mothúchán plúchta agus iarmhairtí drochghníomhartha leathdhearmadta san idirghníomhú idir na carachtair éagsúla i dteaghlach amháin. Tugtar go barr uisce in imeacht an dráma eachtraí go leor arbh fhearr leis na carachtair uilig iad a fhágáil ina luí go ciúin faoi uisce na díchuimhne.

Tá Siobhán O’Kelly agus Seán T. Ó Meallaigh thar barr mar an lánúin óg atá mar a bheidís sáinnithe idir ualach ainnis sheanpheacaí teaghlaigh agus a ndóchas, b’fhéidir, as tús nua faoi chúinsí eile.

Tá teacht i láthair fuinniúil fuinte ag Diarmaid de Faoite i bpáirt Tom. Réalann sé saol Tom go fírinneach cumhachtach, ón agóidí sráide agus pobail go dtí an duine atá cráite ag roghanna áirithe a rinne sé san am a a caitheadh, ach a cheannódh a phaisinéireacht ar ais go cleasach dá bhféadfadh sé.

Is é Macdara Ó Fatharta máistir mór na drámaíochta Gaeilge agus tá a lorg sin ar a léamh agus ar a láithriú grinn géarchúiseach ar phearsa Phat, a thionscain cuid mhaith d’imeachtaí dorcha an dráma teaghlaigh. Tá Ó Fatharta ina mháistir ní hamháin ar a láithriú ar an script féin, ach chomh maith leis sin, ar na geáitsí agus na coranna beaga leathneafaiseacha, mar dhóigh de, trína gcuireann sé castacht a charachtair in iúl.

Script chorraitheach atá scríofa ag Mac Con Iomaire, a léirigh agus a stiúraigh an dráma freisin,  agus éiríonn lena léiriú físiúil cumhachtach an chuid is fearr a dhéanamh dá scéal. Déantar glan-idirdhealú, mar shampla, idir na míreanna ‘réalaíocha’ agus na míreanna ‘fo-intinne’, ar bhealach a thugas dúshlán an lucht féachana ar uaire, ach a chuidíos leo sa deireadh adhmad mar is ceart a bhaint as an iomlán. Cuireann an ceol beo, na liricí rithimiúla sna ranna agus sna hamhráin bheaga, an ceol a bhaintear as an teanga féin (agus bhí sí ar a dtoil ag an gcliar ar fad), an soilsiú agus fisiciúlacht áititheach na haisteoireachta leis an eispéireas ina iomláine.

Fág na gardaí agus an lucht slándála i do dhiaidh, cuir de leataobh iad, leag na bacanna agus téigh i dteannta na ndaoine chun na Taibhdheirce.

– Tá Baoite ar siúl sa Taibhdhearc go dtí an 22 Iúil

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Slog an ‘Baoite’ agus gabh ag an Taibhdhearc do shárdhráma Mhic Con Iomaire'