LÉIRMHEAS: Seoid de leabhar atá ar maos le Gaoluinn álainn Bhéarra

Cuirfidh leabhar nua an scoláire Meidhbhín Ní Úrdail aoibh ar an mbleachtaire teangan is díograisí agus is do-shásaithe amuigh

LÉIRMHEAS: Seoid de leabhar atá ar maos le Gaoluinn álainn Bhéarra

Pádraig Ó Laoghaire  Scoláire Gaelach Leithinis Bhéarra 1870 – 1896                                                                       le Meidhbhín Ní Úrdail
Foilsithe ag Cumann Staire Bhéarra

Ní leabhar é seo le caitheamh isteach i do mhála ar rith amach an doras duit chuig cóisir na mbáb nó na stumpaí i mBúdaipeist nó i bPrág. Ar eagla nach n-iompódh an deireadh seachtaine thall amach go sásúil duit. Ní hea, mhuis.

Seo seoid de leabhar ba cheart a bheith cois leapan ag aon duine ar suim leo an cultúr nó ag aon duine ar mhaith leis nó léi Gaolainn álainn Bhéarra a chur ar leithéid ‘she’s a good enough wife for him’ (tá a dhóthain de mhnaoi innte) nó ar ‘I am working all out now on that story’ (‘Táim ar chnámh mo dhíchill ag obair anois ar an scéal sin).

Is í An tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail Ceann na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Bean de bhunadh Bhéarra. Iníon le Roibeárd Ó hÚrdail is a bhean Méabh. Agus duine de na scríbhneoirí/cainteoirí Gaolainne is fearr sa tír.

B’fhiú dúinn go léir glaine a cuid teangan siúd a phlandáil in áit theolaí éigin i bplásóg fuirsithe ár n-anama istigh.

I mBéarla atá scéal Phádraig Uí Laoghaire inste. Ach is é stór na Gaolainne a bhailigh sé (atá fite fuaite go snasta sa leabhar tríd síos) is ábhar tochailte do Ní Úrdail. Más foirmeálta féin é an leagan amach is an cur i láthair, ní haon ualach an méid sin don ghnáthléitheoir. Tig leat tumadh isteach in aon chaibidil ann ar do chaoithiúlacht, nó dul ag surfáil trí na hinnéacsanna iontacha inléite a thug an fómhar breá nathanna a luaigh mé ó chianaibh thuas, de réir pé clár ama is fearr a oireann duit féin.

Is leabhar breá toirtiúil ó chlúdach go clúdach freisin é, dar neoin – leagan Sheáin Uí Riada de ‘dar ndóigh’, ar neoin – rud a chuirfidh aoibh ar an mbleachtaire teangan is díograisí agus is do-shásaithe amuigh. Táid a leithéid ann, deirtear liom!

Ach cé hé an Pádraig Ó Laoghaire seo nár chuala éinne fiú gíocs ná míocs faoi cheana? Seans go bhfuil dhá chúis mhaithe le sin. Bhí sé de mhí-ádh ar fhear Bhéarra bás d’fháil gan ach na sé bliana fichead slánaithe aige.

Ba mheasa fós dá chlú, táthar á mhaíomh, más fíor, go raibh ruainne beag den mbinb idir é agus an Laoghaireach sagart, Peadar – An tAthair Peadar Ó Laoghaire (Séadna, Mo Scéal Féin). Fear nár dhein mórán chun éacht fhear na hInsí, ar leithinis Bhéarra a amplú os comhair an tsaoil.

B’fhearr go mór mar bhailitheoir scéalta béaloidis é Pádraig ná an tAthair Peadar. Ní dheineadh fear na hÍnsí puinn ‘glantachán’ ar na scéalta, murab ionann agus cinsireacht Victeoiriánach an Athar Peadar. Chuireadh ‘salachar’ scéalta agus dánta bailithe Phádraig an dubh ar shagairtín cúng Charraig an Ime.

Nótáil Pádraig scéal osnádurtha ‘Páidín Ó Dálaigh’ (leagan de Séadna) roimis an Athair Peadair. Agus é inste aige ar áilleacht ar fad. Ní nach ionadh má tharraing cur chuige neamhbhreithiúnach agus toradh álainn Phádraig dímheas agus éad chléiríneach róchúisiúil Mhúscraí Thiar. Agus Pádraig sciobtha uainn chomh hóg sin, ní bheadh ach Corcaíoch Laoghaireach léannta Gaolainne amháin ann, um baist!

I bhfianaise an leabhair seo beidh orainn tosú as an nua arís nuair is bailitheoirí móra Gaolainne agus Béaloidis Chorcaí sa dara leath den Naoú Céad Déag is ábhar suime dúinn.  Ní féidir éacht Phádraig Uí Laoghaire a chaitheamh sna traipisí ná ligthe i ndearmad a thuilleadh.

Déarfainn nach fada go mbeidh tóir acadúil as an nua ar a Sgeuluidheacht Chúige Mumhan, saothar a tharraing ardmholadh go deo ó Eoin Mac Néill agus Osborn Bergin féin tráth. Agus dhá marbhna a scríobh Bergin don Laoghaireach ar ócáid a bháis in 1896.

Ní nach ionadh má tá téagar, seasamh, sásamh agus léargais iontacha úra i leabhar Uí Úrdail.  Maithfidh sí dom má luaim gur dual athar di a leithéid.

Ní áilleacht Gaolainne go háilleacht Ghaolainn Bhéarra.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Seoid de leabhar atá ar maos le Gaoluinn álainn Bhéarra'

  • Tadhg Ó Súilleabháin

    Ní áilleacht Gaolainne go háilleacht Ghaolainn Bhéarra. Is fíor dhuit, Pat. Is iontach an leabhar é