LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An taobh dorcha den tuirlingt ar an ngealach

Leis an mbuaileam sciath ar fad faoi ghaiscí 1969 tá sé tráthúil léamh a dhéanamh ar thoise dorcha den tuirlingt ar an ngealach, ach an bhfuil  Prisoners of the Moon in ann don dúshlán?

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An taobh dorcha den tuirlingt ar an ngealach

Ba i mí Mheán Fómhair caoga bliain ó shin a thuirling spásairí Meiriceánacha ar an ngealach agus a thug Neil Armstrong an ráiteas clúiteach úd uaidh. Tá an buaileam sciath tosnaithe cheana féin agus tá lucht na saothar faisnéise ag tiargáil leo le tamall. Ní fada uainn clár faoi Neil Armstrong féin agus tá cad é bús faoi Apollo 11, saothar faisnéise faoin misean é féin, a bheidh chugainn go luath.

Seo chugainn ar dtús Johnny Googan agus a mheitheal Éireannach le Prisoners of the Moon, saothar a thugann cuntas ar thoise dorcha den chúram. Déanann an dráma faisnéise seo gaiscí na gealaí a chniotáil le huafás an Dara Cogadh Domhanda. Cé gur ábhar cumhachtach, tochtmhar atá idir chamáin is go liobarnach a thugann Googan agus a chomhghuaillithe a mbreac ar an bport.

Cuirtear abhaile orainn gurb é an dul chun cinn teicneolaíochta a dhein na Gearmánaigh agus na roicéid V-2 á bhforbairt acu a leag na bunchlocha do ghaiscí spáis na Meiriceánach agus na Rúiseach sna caogaidí agus sna seascaidí. Agus an Dara Cogadh Domhanda ag druidim chun deiridh bhí an dá dhream acu ar a gcroí díchill ag iarraidh teicneolaíocht cheannródaíoch na roicéad agus na heolaithe/hinnealtóirí ba chúis léi a chrochadh leo.

Mar chuid de Operation Paperclip scuab na Poncánaigh breis agus míle eolaí chun siúil. Ina measc siúd bhí an t-eolaí cáiliúil Wernher von Braun agus Arthur Rudolph, an té is ábhar don chlár seo. Bhí na Gearmánaigh seo lárnach san obair a sheol na Meiriceánaigh chuig an ngealach.

Leis an scamhadh chun teicneolaíochta a bhí orthu dhein na Meiriceánaigh neamhaird de ghníomhartha na bhfear seo i rith an chogaidh. Bhí Rudolph buailte fé in ionad an V-2 i gcampa sclábhaíochta, míchlúiteach Mittelbau-Dora.

Thosaigh ról Rudolph ag teacht chun solais i ndeireadh na seachtóidí/tosach na n-ochtóidí nuair a thosaigh Eli Rosenbaub agus a chomhghleacaithe san Office of Special Investigations ag tochailt.

I 1984 thoiligh Rudolph Meiriceá a fhágaint dá dheoin féin. Cuireadh ar liosta faire é agus nuair a thug sé aghaidh ar Cheanada i 1990 (agus rún aige filleadh ar Mheiriceá, b’fhéidir) cuireadh an lasair sa bharrach in athuair. Bhí lucht tacaíochta glórach aige i Meiriceá, dream a dhein a chuid oibre le NASA a mhóradh, ach bhíothas ann a chreid gur coirpeach cogaidh é.

Dhein na Ceanadaigh éisteacht inimirce a reáchtáil agus sé an t-athchruthú drámatúil ar an éisteacht sin máithreacha an tsaothair agus a phríomhlaigeacht in éineacht. Tá an saothar seo bunaithe cuid mhaith ar dhráma raidió le Nick Snow, agus tá a rian sin air. Níor deineadh an t-aistear ó dhráma raidió go dráma teilifíse a láimhseáil mar is ceart agus táimid fágtha, in ainneoin na dea-aisteoireachta anseo agus ansiúd, le míreanna ciotacha drámaíochta.

Ní chabhraíonn sé ach an oiread gur Éireannaigh ar fad atá sa chliar (Jim Norton, Cathy Belton agus Alan Devine), fiú i ról Rudolph, agus chuir na tuineacha bréagacha as dom tar éis scaithimh. B’fhéidir gur fearr an goile a bheadh ag an lucht féachana idirnáisiúnta dó seo.

Is mór an trua an útamáil sin ar fad mar tá dreasanna cainte agus áitimh an-chumhachtach le sonrú. Rudolph ag iarraidh an méid a dhein sé, agus nár dhein sé, i rith an chogaidh a chosaint. Fianaise an stáit ag tabhairt le fios gur Naitsí go smior é. Fite fuaite leis sin tá cur síos drámatúil againn, bunaithe ar leabhar Jean Michel, ar an uafás a bhain le Mittelbau-Dora áit ar cailleadh tuairim is 20,000 duine.

Go deimhin tugadh le fios gur maraíodh níos mó daoine le linn déanamh na roicéad ná mar a dhein a n-úsáid. Lena chois sin, maítear gurbh éigean an oiread sin amhábhar a chur i dtreo tháirgeadh na roicéad gur cuireadh as go mór d’fheachtas míleata na nGearmánach in áiteanna eile. Theastaigh uaim a thuilleadh a chlos faoi na roicéad V-2 agus ní dóigh liom gur deineadh cíoradh mar is cuí ar ról na nGearmánach sna gaiscí spáis a tharla ina dhiaidh sin.

Leis na mbuaileam sciath ar fad faoi ghaiscí 1969 tá sé tráthúil, agus cuí, léamh a dhéanamh ar thoise dorcha dá chúlra.

Is mór an trua nach raibh an saothar a thug faoin gcúram sin níos slachtmhaire.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: An taobh dorcha den tuirlingt ar an ngealach'