LÉIRMHEAS: ‘Nárbh ait an fear mé iad a choinneáil beo’

Ní taobh le scéalta móra idirnáisiúnta, stair shóisialta is amhráin mór le rá an leabhar seo, tá an-léamh ann ar an saol agus an chaoi ar bhreathnaigh Colm agus a mhuintir air…

LÉIRMHEAS: ‘Nárbh ait an fear mé iad a choinneáil beo’

Colm Ó Caodháin – An Irish Singer and his world
Ríonach uí Ógáin
Cork University Press €39

An té is ansa leis an amhránaíocht is an béaloideas gabhfaidh sé i mbannaí ar aon saothar a bhfuil ainm Ríonach uí Ógáin leis – cuimhnigh ar an stór iontach sin Faoi Rothaí na Gréine – Amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus Mise an Fear Ceoil – Séamus Ennis Dialann Taistil 1942-1946 agus cá bhfágfá an suíomh dúchas.ie a thugann eochair an bhéaloidis do chách.  

Feilméara, iascaire, bádóir, saor cloiche, siúinéir, file, seanchaí, amhránaí, ceoltóir, portaire, damhsóir agus gleacaí ab ea Colm Ó Caodháin (1893-1975) – as Glinsce, siar ó Charna. Thug sé an ceol agus na hamhráin leis den teallach agus is léir gur aithníodh sa teach sin go raibh a cheart ag gabháil don amhrán agus ní leis an athair ab fhaillí é dá ngabhfadh an mac in aimhréidh san amhrán, beag beann ar an gcomhluadar. A athair a ‘thug sé leis an cáca” ag gabháil fhoinn ach Colm a roinn an oidhreacht sin linne agus is maith a thuig a luach, “Nárbh ait an fear mé iad a choinneáil beo”. B’ait go deimhin, a Choilm.

46 a bhí Colm nuair a phós sé – ‘leig mé rófhada mé féin gan pósadh’ a deir sé mar ní bheadh a cheathrar clainne in ann “aon chúnamh a thabhairt dom go mbeidh mé féin ag imeacht i mo chrotaí”!

Is iomaí bailitheoir béaloidis a bhíodh ag tarraingt ar Cholm agus tá an chuma air gur mhór aige a dteacht agus a suim ina stór. Ach féach nár lig sé don bhailitheoir Frainc de Búrca lena ediphone lá iascaigh a chur ó rath air agus gur chroch leis amach ar na ronnachaí é, cé gur dóigh gur ar Loch Coirib ba mhó cleachtadh ag an mBúrcach. Is álainn an píosa atá againn ón turas sin ar cheird is ar dheis na hiascaireachta.

Ní taobh le deisbhéalaí is glór cinn a bhí Colm. Bhí amhráin, rannta leanaí is raiméise, pisreoga, mallachtaí agus scéalta sí, diaganta is eachtraíochta aige chomh maith lena chuid eachtraí féin ar muir agus ar tír, anseo agus in Albain.

Údar imní na laethanta seo sláinte intinne na bhfear ach meas tú nach cuimhne chianda atá acu ar am a mbíodh dúshláin nua rompu chuile lá ag coraíocht leis an saol agus an aimsir ach iad ag tapú chuile sheans a fuair siad leis an ngruaim is an bráca a bhréagadh le ceol is ragairne?  Is minic trácht ag Colm ar ráigeanna óil agus is é atá moltach ar shú an ghráinne eorna mar “níl aon chroí sa bpórtar le haghaidh cainteannaí”.

Is maith a d’íoc an t-amhrán an bádóir lá i dteach ósta i nGaillimh agus tart chéadach air ag ronnachaí saillte agus gan luach an phórtair aige. “Ní raibh a fhios agam an é an t-asal nó an carr a gcuirfinn an mhóin ann” a deir sé geábh eile a raibh drochphóit air agus anó eile a bhí air cheal aon ghráinne tobac “níor léir dom Cnoc an Chaisil”. Ach bhí a leigheas le fáil ó Shéamus Ennis, “tobac is fiú a chaitheamh is ní hé an tobac a bhfuil na ceirteachaí ann”.

Agus mná agus a gcúraimí gann go maith sna foinsí, is spéisiúil liom scéal atá aige faoi easpag a bhí thiar i gCloch na Rón ag cur daoine faoina láimh a rinne casaoid le sagart amháin faoi go raibh sé ag baisteadh “páistí atá beirthe go neamhdhlisteanach.. in aghaidh dlí Dé” agus ag “coisreacan na máthar”. Dúirt an sagart go raibh d’iallach air mar shagart “aingeal a dhéanamh” de chuile pháiste. Ní raibh aon locht ag an easpag air sin ach níor thaithnigh beannú a máithreacha leis. Freagra an tsagairt “cén chaoi a gcuirfinn an t-aingeal ag diúl ar an diabhal?”

Agus sin í cloch nirt an leabhair seo – ní hé amháin go bhfuil an Mharthain Phádraig, scéalta móra idirnáisiúnta, stair shóisialta, is amhráin mór le rá ann ach tá an-léamh ann ar an saol agus an chaoi ar bhreathnaigh Colm agus a mhuintir air agus gan idir iad agus an tubaiste ach ‘taispeánadh’ is cabhair ó Dhia is na naoimh.

Mura mbeadh suim dá laghad ag duine sna hamhráin is fiú an leabhar dátheangach seo a luach ar thuairisc Choilm ar a shaol féin, a ghinealach agus na gábhannaí a chuir siad díobh. Má rith sé leat riamh nach bhfuil fágtha againn anois ach Gaeilge chrochta na hacadúlachta nó cosamar a bheadh binn dá mbeadh Béarla agat, tá aoibhneas i ndán duit.

Mura n-éistfeá le haon amhrán le do bheo tá ceol is deise labhartha i ngnáthchaint teallaigh na ndaoine seo agus is dílis agus is cuibhiúil aistriúchán an Ógánaigh ar chomhrá an tseanchaí.  Is deacair a chreidiúint go raibh an Ghaeilge sniogtha cuid mhaith i nGlinsce faoin tráth ar tosaíodh ag bailiú na seod seo sna 1940idí – rabhadh coscrach do ‘ghaeltacht’ an lae inniu.

Ceann d’fhéiríní gleoite an leabhair seo peannaireacht is nodaireacht Shéamuis Ennis ar chuid den cheol is amhráin – fág uaim Leabhar Cheanannais. Is ó na taifeadtaí féin a scríobh Ríonach an téacs seachas ó nótaí Shéamuis agus beidh spórt agat ag bleachtaireacht eatarthu.

Ar ndóigh mar a bheifeá ag súil leis ó shaineolaí léannta tá innéacs, nótaí mínithe spéisiúla is eolas breise faoi cheird an taifeadta agus faoi na bailitheoirí sa leabhar chomh maith. Mar bharr air sin uilig tá CD ag gabháil leis ar a bhfuil 33 píosa a taifeadadh idir 1945-1954 agus iad athmháistrithe ag Harry Bradshaw.

Agus an tOireachtas ar dhíth córach ag an aicíd, tháinig séideán sí chugam aniar as Glinsce.

Bhíodh dhá Thomás, seanathair Choilm agus Uaithnín, a chomharsa, ag sárú ar a chéile ag gabháil fhoinn ar a dteallaigh féin tar éis lá oibre, dílis don scaradh sóisialta. Mar a deir Colm: “bhíodar [an dá theach] trí scór coisméagachaí ó chéile, agus bhídís ag faire a chéile go mbíodh an t-amhrán ráite ag an bhfear seo go dtosaíodh an fear eile agus bhíodh an ealaín sin orthub nó go mbíodh sé in am codlata”.

Anois ár seans, a bhuíochas don teicneolaíocht. Luíodh fonnadóirí cumasacha na tíre siar sa gclúid tráth airneáin faoi Shamhain agus tosaíodh an deáráil cheoil – gan strus ná lóchrann ná moltóir. Gan ag teastáil ach ómós don amhrán, don dream a d’fhág againn é agus croí mór maith. Thabharfadh sé deis dúinn éisteacht leis na fonnadóirí iontacha sin nach ligfeadh an t-anbhá nó an consaeit dóibh tabhairt faoi stáitse.

Má tá pingineacha ragairne an Oireachtais i dtaisce agat, ceannaigh an leabhar seo agus luigh siar sa gclúid Oíche Shamhna agus croch suas é!

Leabhar na bliana gan aon agó.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: ‘Nárbh ait an fear mé iad a choinneáil beo’'

  • Éilís Ní Anluain

    Píosa álainn scríbhneoireachta ar leabhar a bhfuil mé ag tnúth go mór lena léamh, treise libh a Mháire agus a Ríonach.

  • Seán Mag Leannáin

    Sár-léirmheas gan aon agó.