LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann

Clár taitneamhach ab ea In League With Gaddafi a dhein scéal ait, seoigh a reic go hábalta

LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann

Muamaar Gaddafi, Brian Kerr agus The Commitments; is ait an saol a thabharfadh le chéile iad, ach b’shin mar a bhí sa chlár caithiseach In League With Gaddafi (RTÉ1, Dé Luain).

I mí na Feabhra 1989 fuair bainisteoir St Patrick’s Athletic, Brian Kerr, cuireadh buíon imreoirí Éireannacha a thabhairt chun na Libia le cluiche dúshláin a imirt i gcoinne fhoireann na tíre úd. Ghlac sé leis an gcuireadh agus thug sé leis imreoirí óna chlub féin agus ó chlub Bohemians.

Sé an comhthéacs polaitiúil a dhéanann scéal ar leith d’aistear na nÉireannach agus déantar é a chur os ár gcomhair go giorraisc, pointeáilte. San am úd bhí an Libia faoi réimeas an Choirnéil Gaddafi, deachtóir a bhí imeallaithe ag mórán mar thoradh ar a chuid tacaíochta do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, an tIRA ina measc. ‘Mad dog of the Middle East,’ a bhí baiste ag an Uachtarán Reagan air go drochmheastúil agus in ábhar cartlainne d’fhógair an t-iriseoir Eamonn McCann gurb é a bhí ag éirí thiar as gach eachtra sceimhlitheoireachta san Eoraip sna hochtóidí. Ba é an sléacht a bhain le buamáil Pan Am 103 os cionn Lockerbie na hAlban an eachtra ba mhíchlúití acu.

Meastar gur sheol Gaddafi luach $40 milliún d’airm chun na hÉireann mar chuid dá thacaíocht d’fheachtas an IRA. Ag an am céanna bhí cairéal á dhéanamh ag tionscal mairteola na tíre as easpórtáil feola chun na Libia. Cuimhnigh gurb iad seo na blianta go raibh Charlie Haughey agus Larry Goodman i mbarr a réime.

Ceann de thréithe an chláir ná an léargas a thugtar ar Éire na linne. Ba thír dhuairc, bhocht í ag an am agus bheadh roinnt blianta eile ann sula gcloisfí glam an Tíogair Cheiltigh. Dúirt John McDonnell, tiománaí tacsaí agus duine d’imreoirí Brian, nach bhfuil le déanamh againn ach féachaint ar an scannán The Commitments le léargas a fháil ar dhéine na tréimhse.

Bhí na himreoirí seo, agus mórán eile nach iad, ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal. £10 sa tseachtain acu mar luach saothair mar aon le £2.50 do theacht i láthair. B’éigean dóibh poist eile a bheith acu agus labhair búistéir, pluiméir, tiománaithe tacsaí agus Garda linn i gcaitheamh an chláir. B’fhada seo ó chraos Phríomhroinn Shasana an lae inniu. Ceal tráchtaire ba é Brain Kerr an príomhthreoraí a bhí againn, cúram a dhein sé go slachtmhar ina shlí dheisbhéalach féin. Dúirt sé go raibh na cumainn sacair i ngalar na gcás ó thaobh airgid ag an am agus go raibh an tsuim airgid a bhí á tairiscint in ann pá na n-imreoirí a íoc ar feadh cúpla seachtain. Ní haon iontas mar sin gur ghlac Kerr agus a gcuid imreoirí leis an gcuireadh.

Cur síos breá a bhí anseo ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann agus é fite fuaite le cur síos ar an gcomhthéacs staire: Eamonn McCann, a chuir agallamh ar Gaddafi n 1984, ag trácht ar gharda cosanta Gaddafi a chaith seal sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath; an pháirc gan dealramh; muintir na Libia ag ceapadh gurbh é foireann na hÉireann a bhí mar chéilithe comhraic acu; abláil le deoch mheisciúil i dtír ina raibh sé coiscthe agus mar sin de.

Clár taitneamhach é seo a thug siar bóithrín na smaointe sinn agus a dhein scéal ait, seoigh a reic go hábalta.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann'