LÉIRMHEAS: Cacamas atá beagán beag siamsúil in áiteanna é ‘I Feel Pretty’

Ní sárshaothar é ‘I Feel Pretty’ ná baol air, ach éiríonn leis buaicghradam an Bhuitléaraigh ‘Náire Mhaslach na Bliana - Scannán’ a sheachaint!

LÉIRMHEAS: Cacamas atá beagán beag siamsúil in áiteanna é ‘I Feel Pretty’

‘I Feel Pretty’,
Abby Kohn agus Marc Silverman
Cliar: Amy Schumer, Michelle Williams, Emily Ratajkowski, Rory Scovel, Aidi Bryant, Busy Philipps, Tom Hopper, Naomi Campbell agus Lauren Hutton

Bhí a fhios agam go raibh ciceáil cheart tugtha ag na Trátaí Lofa do I Feel Pretty sular thugas aghaidh ar an réamhthaispeántas preasa. Tá seans ann go mbeidh an ceann seo i gcomórtas le Damo and Ivor the Movie, arsa mise liom féin ar mo bhealach isteach, chun sméar mhullaigh bhuaicghradam an Bhuitléaraigh, ‘Náire Mhaslach na Bliana – Scannán’ a stoitheadh ó fhiacla Damo agus Ivor, an scaingear is an laingear logánta, fá seach.

Tugann sé sásamh nach beag dom a thuairisciú go bhfuil Damo agus Ivor chomh fada sin chun tosaigh fós ar an bhfreasúra, fiú ar I Feel Pretty, nach baol dóibh. Go fóill beag, pé scéal é.

Ní fhágann sin gur saothar gan locht é scannán Schumar. Ach níor chuir sí mé i bhfolach ar mo dhá ghlúin laistiar de na suíocháin chúil, ar eagla go leanfadh an tromluí is nach ndúiseoinn go brách, staid inar fágadh mé i ndiaidh dheasghnátha uiríslithe na beirte áitiúla. (Bhí buanna breátha sa tsraith teilifíse, ach, go dtarrthaí Dia sinn, an scannán!)

I Feel Pretty bunaithe ar an dearcadh go bhfuil daoine ann nach bhfaigheann an oiread measa ón tsochaí is a thugtar dóibhsean a shamhlaítear a bheith ‘dathúil’ de réir mhúnla seang an mhainicín. Ní hionadh go dtagann mothúcháin an lag-fhéinmheasa sna sála ar léigear leanúnach bhréagtheachtaireacht na ‘háilleachta’ a leagtar ar chailíní agus ar bhuachaillí óga, de lá is d’oíche, ó chuile ardán cumarsáide.

É sin uile i dtaca le gach aon diúltú beag suarach a fhulaingíonn siad go pearsanta ó aois na luathdhéaga ar aghaidh. Teachtaireachtaí diúltacha féin-íomhá iad sin, lena dtagann scrios den uile shórt ar láimh leo.   

Sin mar atá Renee Barrett I Feel Pretty (Amy Schumer). Is fuath léi a corp mar nach réitíonn sé leis an ‘idéal’. Ach, ar dhúiseacht arís di tar éis di a ceann a ghortú nuair a thit sí dá rothar ag giomnáisiam SoulCycle, mirabile dictu, tá an droch-íomhá sin dá corp leigheasta! Dúisíonn sí agus í ag mothú ‘gorgeous’, seang, dathúil. Ní fheiceann sí a thuilleadh an seanchorp ‘lochtach’. Bean nua í an Renee seo, lán den fhéinmhuinín. Amach léi faoin saol amhail gaileon faoi lán seoil.

Creideann Renee go bhfuil athrú corpartha tarlaithe, seachas claochlú ar a tuiscint féin.

Is ábhar iontais nach dtuigeann a cairde an t-athrú seo. Ar dhul Miss Piggy sna Muppets fadó, toisc go samhlaítear di go bhfuil sí ‘gorgeous’, de réir thuiscint an chultúir ar an áilleacht, is amhlaidh í álainn ina ceann féin. Agus an tuiscint sin ag cothú misnigh inti, amhail Miss Piggy, níl aon teorainn léi, olc maith ná dona, pearsanta, gairmiúil ná corparáideach.

Aimsíonn Renee a céad fhear, Ethan (Rory Scoval) sa scuaine ag na tirimghlantóirí. Agus siúd go barr thionscal na gcosmaidí í le comhlacht Lily LeClaire (Lauren Hutton), bean atá dáiríre ‘drop-dead gorgeous’, mar a deir láithreoirí Xposé TV3, agus í go maith amach sna seachtóidí. Bail ó Dhia uirthi féin, is ar struchtúr na gnúise a dheonaigh Dia di sa mbroinn agus na súile sin ar dhath an ghormáin agus ná lig sinn i gcathú agus saor sinn ó gach olc agus mar sin de, go saol na saol, Amen.

Táim go mór fá chomaoin ag Tomás de Bhaldraithe sa pharagraf a leanann an ceann seo, toisc raon na bhfocal is na nathanna atá aige le cur síos ar dhuine nach bhfuil, abair, mar a déarfá, tanaí.

Tá Renee ramhar, ar aon scála tomhais. Ní dóigh liom go bhfuil sí ina pónaí mná ná ina feolamán girsí ach an oiread. Ná ní féidir a rá gur boilistín í, mar go bhfuil sí fásta. Ná níl sí chomh ramhar le rón, ná baol air, ar aon mhiosúr tomhais. Ach tá sí méith, beathaithe, tite beagán chun feola, b’fhéidir. D’admhódh sí féin, déarfainn, go bhfuil sí tar éis feoil a chur suas, beagán.

Táim cinnte dá n-iarrfá a bhreithiúnas ar an Dr. Dónal O’Shea go ndéarfadh sé go raibh sí, ar bhonn oibiachtúil, áit éigin ar scála na hotrachta. 

’Sé sin, i gcaint na ndaoine, go bhfuil Renee beagáinín ramhar.

Anois, cad a theilg Renee ramhar ó chúloifig Lily LeClaire go barr dhréimire corparáideach an chomhlachta? Dhá rud. Bréag agus brionglóid. Seo Meiriceá, monarcha na mbréagbhrionglóidí. Ligimis orainn gur féidir le cailín ramhar dul go barr an dréimire chorparáidigh agus a bheith ina híomhá phoiblí ag táirge cosmaidí, agus, voilà, tarlóidh sé!

Cacamas na seacht n-asal!

Ach is cacamas é atá beagán beag siamsúil in áiteanna, bail ó Dhia air, murab ionann agus droch-chás ‘Damo and Ivor the Movie’ a raibh orm dul i bhfolach uaidh laistiar de na suíocháin chúil agus mé ag féachaint air.

Más féidir frois frais an bhunchonsaeit a mhaitheamh dóibh, agus táid ann nach féidir leo, bainfidh tú lánsásamh as ‘Avery LeClaire’ Michelle Williams, an taispeántas grinn is tomhaiste, is íogaire, agus fiú, is pianmhaire a chonaic mé le fada. Ról é a d’fhéadfadh cumas Williams a léiriú don saol agus ba thrua í a chailliúint.

An caidreamh leochaileach idir na leannáin Renee agus Ethan na radharcanna is sásúla sa scannán dúinn. Ba shuimiúla agus b’inchreidte go mór an caidreamh eatarthu ná manaí faiseanta na féinchreidiúna a thiomáineann scéal na corparáide sa scannán.

Admhaím, áfach, nuair a ‘dhúisíonn’ Renee óna seachmall agus í den tuairim go bhfuil uirthi í féin a chur in aithne arís dá cairde, mar nach n-aithneoidís í, agus nuair a lean sí uirthi leis an mantra diúltach ‘toisc go bhfuilim ramhar ní bheidh ar chumas éinne grá a thabhairt dom’, géillim gur thug mé sracfhéachaint neirbhíseach nó dhó fá dhéin na suíochán cúil sin, ar eagla na heagla.

Nuair nach ina caochóg ar chóisir í agus í lán le féintrua, is deacair gan géilleadh do phearsantacht mhealltach Amy Schumer. Seans gurb í Emily Yoshida in Vulture is fearr a thuigeann I Feel Pretty. Géillim dá ceannlíne – ‘I Feel Pretty Works Fine If You Don’t Think Too Hard About The Premise’.

An jóc is fearr ann? An freastalaí béalscaoilte Iodálach sna tirimghlantóirí a scairteann amach, nuair a fhógraíonn sé uimhir Renee, atá díreach tar éis cliceáil den chéad uair ina saol le fear atá ina sheasamh sa scuaine taobh thiar di –

‘I couldn’t get out the red VOMIT stain. What WAS that?’

– Sna pictiúrlanna faoi láthair

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cacamas atá beagán beag siamsúil in áiteanna é ‘I Feel Pretty’'