Léiriú é ‘ceant’ Bhíobla Bhedell ar staid reatha oidhreacht na Gaeilge

Ní fhéachfaí lena leithéid de sheoid chultúrtha a dhíol i dtír ar bith eile

Léiriú é ‘ceant’ Bhíobla Bhedell ar staid reatha oidhreacht na Gaeilge

Pictiúr: Emmanuel College, Cambridge

Táthar ann a cheapann gur teanga i bhfad níos forleithne a bheadh sa Ghaeilge sa lá inniu dá ngéillfeadh muintir na hÉireann d’iarrachtaí na bProtastúnach athrú creidimh a chur i gcrích sa tír aimsir an Reifirméisin. Is baolach nach bhfuil an scéal baileach chomh simplí sin. Bhí an dá dhearcadh i leith na teanga le fáil sa phobal Protastúnach faoi mar a bhí i measc an phobail Chaitlicigh.   

D’áitigh an tUrramach John Richardson, mar shampla, gur cheart an Protastúnachas a mhúineadh do na hÉireannaigh ina dteanga féin i dtreo is go bhféadfaí í a chur de dhroim seoil leis an aimsir: ‘since, ‘to make this use of the [Irish] language at present, is the most effectual way to diminish the use of it hereafter’.

Dá bhféadfaí intinn agus múnlú na ndaoine a Bhéarlú diaidh ar ndiaidh trí bhíthin an chreidimh, bhí sé le moladh mar chur chuige, dar le ministéirí áirithe. ‘This was the first deployment’, a deir Tony Crowley, ‘of an argument which was to be propagated repeatedly by proselytizing societies both in this and following centuries; whereas later Irish cultural nationalists argued for the use of Irish in order to preserve it, here the proposal is to employ Gaelic in order eventually to destroy it’.

Gné é seo d’fheachtas na bProtastúnach nach labhraítear air rómhinic.

I bhfad ón ngliceas agus ón mímhacántacht sin a bhí William Bedell, áfach, fear misniúil a throid in aghaidh na ndeachúna agus a chreid go diongbháilte i gceart na cosmhuintire an scrioptúr a léamh ina dteanga féin, le súil is go nochtfaí an Spiorad Naomh dóibh, faoi mar a thuig seisean na cúrsaí sin.

Bhí an ghné seo dá fhealsúnacht ag teacht go binn le tuiscintí Martin Luther maidir leis an mBíobla a bheith ar fáil i dteanga choiteann an phobail.

Fear é Bedell a raibh cúpla teanga ar a thoil aige. Ina Phropast dó i gColáiste na Tríonóide, d’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus d’fhéach sé le hoiliúint i scríobh agus i léamh na teanga a chur ar bhaill eile den chléir Phrotastúnach. Lena chois sin, thugadh sé cuireadh don ghnáthphobal taobh amuigh den choláiste freastal ar léachtaí, rud nár nós leis an aos acadúil a dhéanamh ag an am. Dhealródh gurbh fhear é ar mhór aige cothrom na Féinne, agus léiriú ar an gcomharsanúlacht is ar an bhflaithiúlacht a bhain leis ab ea an cion a bhí ag Caitlicigh na Cille Móire ó thuaidh air, chomh maith le Protastúnaigh.   

Chinntigh an frith-Ghaelachas a bhí i réim in Éirinn lena linn, áfach, nár scaipeadh ach cúpla céad cóip dá Bhíobla, a foilsíodh i 1685, ainneoin é a bheith críochnaithe, clóite faoin mbliain 1640 – léiriú eile ar an bhfrith-Ghaelachas céanna. Chuir idir Ard-Leifteanant, Easpag eile agus Rialtas Shasana bac ar a chuid iarrachtaí, toisc gurbh ionann leo a leithéid agus cur le saoithiúlacht dúchais mhuintir na hÉireann – a mhalairt de thuiscint is a bhí ag na ministéirí thuasluaite. Is dealraitheach go raibh baint ag an seasamh sin le teip an Reifirméisin in Éirinn.

Is cosúil gur beag idir na haimsirí, áfach, ainneoin athrú a bheith tagtha ar na húdaráis atá i bhfeighil an chuid seo den tír, óir táthar ag achainí ar an bpobal le tamall airgead a thabhairt uathu le gur féidir Bíobla Bhedell a cheannach chun a chinntiú gur in Éirinn a choimeádfar é.

Ní gá an rud is léir don dall a chur ar a shúile dó, ach is cruthúnas í an achainí chéanna go bhfuil Bíobla Bhedell ‘ar díol’ anois, seachas a bheith glactha ar láimh ag an Stát. Samhlaigh é dá gcuirfí Leabhar Cheanannais ‘ar ceant’. Bheadh sé ina raic sara i bhfad.

Bhí isteach is amach le trí chéad bliain ann sular foilsíodh leagan Gaeilge eile den Bhíobla ina iomláine, faoi stiúir an Ollaimh Pádraig Ó Fiannachta, nach maireann. Sa Pheintiteoch den Bhíobla sin, a foilsíodh ar dtús i 1971, tá na focail ‘I gCuimhne ar William Bedell’ scríofa ar an leathanach clúdaigh.

Ba é spiorad an éacúiméineachais agus an ghrá do na comharsain a spreag an nóta sin, mar aon le meas ar iarrachtaí an fhir a luaitear ann, iarrachtaí nár cheart a ligean i ndearmad. Is beag cuimhne atá orthu, áfach, ag an Stát atá anois ann.

Tá súil agam go n-éireoidh leis an achainí agus molaim lucht a heagraithe –  áit oiriúnach do Bhíobla Bhedell is ea Leabharlann Cotton –  ach is bocht an scéal é go gcaithfear a leithéid a dhéanamh sa chéad áit.

Ní fheictear dom go dtarlódh a leithéid i dtír ar bith eile arbh fhiú a cuid í.

Fág freagra ar 'Léiriú é ‘ceant’ Bhíobla Bhedell ar staid reatha oidhreacht na Gaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt spéisiúil ó Kevin. Ach caithfidh mé faoistin a dhéanamh leis!

    Táimse ar duine de na daoine a chreideann gur “i bhfad níos forleithne” a bheadh an Ghaeilge sa lá inniu dá mba rud é go n-éireodh leis an Athrú Creidim i measc na nGael in Éirinn, ar chúis simplí amháin: bheadh léamh na Gaeilge i bhfad níos forleithne i measc cainteoirí dúchais nuair a thosaigh ré na hAithbheochana.

    Nuair a labhrann Kevin faoi ‘iarrachtaí na bProtastúnach athrú creidimh a chur i gcrích sa tír aimsir an Reifirméisin’, caithfidh mé a rá gur beag fianaise atá ann go ndearna na Protastúnaigh mórán iarrachta gnáth mhuintir na hÉireann a mhealladh i dtreo an athrú creidimh in aimsir an Reifirméisin. Níor lig an Frith-Ghaelachas do Shasana an creideamh nua a roinnt leis an dream a bhí á dhíshealbhú acu in Éirinn sna 1600aí! Mura mbeidís (na cóilínithe) ag cleachtadh an chreidimh céanna leis na Gaeil díshealbhaithe, bhí sé níos éasca do na Sasanaigh a chur i leith na Gaeil go mba barbaraigh a bhí iontu a chaithfí a chur faoi chois agus bunchearta a bhaint dóibh, mar a rinne siad go héifeachtach.

    Eisceacht ab ea Bedell sa 17ú aois agus mar a dúirt Kevin ina alt ní bhfuair a chuid iarrachtaí mórán tacaíochta ó na húdaráis, ach a mhalairt. Ag an am bhí spéis ag réimeas Shasana an tír a chóilíniú: an talamh a bhaint de na Gaeil le fórsa, géarleanúint agus cinedhíothú a chur i gcrích AGUS protastúnaigh ó Shasana/Albain a shocrú ar an talamh as a dibríodh an sean réimeas Gaelach.

    Bhí sé i bhfad níos éasca ar an gcoinsias protastúnach an díshealbhú agus an cóilíniú a chur i gcrích tré na Gaeil a fhágaint ina ‘Papists’, seachas iad a mhealladh i dtreo an chreidimh nua. B’ionann Papist agus duine bhféadfaí a thrust, nach bhféadfaí an vóta a thabhairt dóibh, nach bhféadfaí ligint dóibh dul i bpolaitíocht ná seilbh a bheith acu ar mórán talún etc etc etc. Dá mba rud é gur éirigh leis an Athrú Creidimh i measc na nGael agus gur protastúnaigh formhór mhuintir na hÉireann ní fhéadfadh an Parlaimint Protastúnach na péindlithe a chur i bhfeidhm le linn an 18ú aois.

    Maidir le Bíoba Bedell, is seod atá inti agus is breá liom go bhfuil sé ceannaithe ag leabharlann na Liosa Móire. Spéisiúl nár priontáladh ach 500 in 1685. Priontáladh i bhfad níos mó ná sin i 1827 le linn na bhfeachtas misinéireachta in Iarthar na hÉireann, roimh an Ghorta, a bhí ar bun i measc cainteoirí dúchais Gaeilge ag eagraíochtaí ar nós an Society for the Irish Church Mission. Fiú amháin ag an am sin b’é an intinn oifigiúil protastúnach, nár cheart a bheith ag iompaigh na bundúchasaigh ina bprotastúnacha! B’fhearr le údaráis na hEaglaise na Gaeilg a fhágáil faoin Róimh agus gan aon aighneas a tharraingt orthu féin leis an Eaglais Caitliceach. Mar chuid den fheachtas misinéireachta sin deirtear gur priontáladh na mílte cóip de Bhíobla Bedell i mBaile Átha Cliath, le scaipeadh sna ceantair Ghaeltachta ina raibh scoileanna bunaithe ag na misinéirí protastúnacha: an aidhm a bhí leis an iarracht sin léamh an Bhíobla a chothú sa teanga a bhí ag na daoine.

    Tá sé thar am dúinn breathnú go fuarchúiseach ar an dtréimhse sin agus gan bollscaireacht an Eaglais Rómánaigh a shlogadh siar i gcónaí.