Léiriú dorcha gáirsiúil ar shaol an déagóra i Meiriceá an lae inniu

Ní léir an léargas réalaíoch ar shaol buile na n-óg atá i ‘Euphoria’ nó saothar ficsin a leanann seanmhúnla na gáirsiúlachta

Léiriú dorcha gáirsiúil ar shaol an déagóra i Meiriceá an lae inniu

Is dual do HBO gan fiacail a chur ann nuair a bhíonn cúrsaí gnéis agus foréigin idir chamáin acu. Nach í an tréith sin, go pointe, a chur i lár an aonaigh é i dtosach na mílaoise le saothair stuifiúla cosúil le The Sopranos agus Sex and City, agus nach í an tréith chéanna a dhein feiniméan domhanda de Game of Thrones?

Bíodh sin mar atá bhí cad é bús faoi Euphoria (Sky Atlantic, Dé Máirt) nuair a craoladh i Meiriceá é. Saothar é seo a thugann léiriú dorcha gáirsiúil ar shaol an déagóra i Meiriceá an lae inniu.

Sa chéad deich nóimintí den chéad ghála deineadh trácht agus léiriú ar an ngalar dubhach, neamhord imní, mí-úsáid drugaí, alcól, bulaíocht ar líne agus cúrsaí gnéis i measc na n-óg. Toisc gurb é saol an déagóra atá idir chamáin ann, tá an-seans ann go gcuirfidh déagóirí suim sa saothar agus go seolfaí ar bhóthar a n-aimhleasa iad. Sin croílár an aighnis, ach is seanscéal agus meirg air an imní sin maidir le saothair teilifíse.


 

Sí Rue (Zendaya), cailín ardscoile seacht mbliana déag d’aois, an príomhcharachtar. Thóg sí ródháileog druga cúpla mí roimh eachtraí an chláir seo agus i gcúpla iardhearcadh déantar léiriú suaite ar an eachtra sin agus an tionchar a bhí, agus atá fós, aici ar a muintir.

Tugann Zendaya taispeántas den chéad scoth uaithi mar chailín nach raibh istigh léi féin riamh. Í ciaptha ag fadhbanna meabhairshláinte, neamhord imní ach go háirithe, ó bhí sí an-óg. Ba é bás a hathar blianta beaga roimhe seo buille maraithe na muice aici. Drugaí dleathacha a bhíodh á coinneáil sa tsiúl roimhe seo, ach anois is iad na drugaí mídhleathacha is ansa léi.

Is í an cailín cráite, féindíobhálach deisbhéalach seo atá mar thráchtaire againn agus deir sí linn go neamhbhalbh, agus gan í ach tagtha as ionad athshlánaithe, nach bhfuil aon chuimhneamh aici fanacht glan ar dhrugaí. A mhalairt glan mar gurb iad an t-aon rud sa saol a thugann suaimhneas di.

Déanann sí scéalta na gcarachtar eile a chniotáil le scéal a handúile féin agus buairt a muintire. Cailíní soiniciúla deisbhéalacha iad a bhfuil dúil sna buachaillí acu ach atá timpeallaithe is faoi léigear ag teachtaireachtaí gnéis, brú agus bagairtí gnéis. Na meáin shóisialta ag éirí thiar as an bhfiántas. I bpaiste tráchtaireachta amháin déanann Rue iarracht teacht ar mhíniú do sheanfhondúirí (iad siúd os cionn cúig bliana ar fhichid is dócha) ar nós na n-óg a bheith ag seoladh pictiúirí gáirsiúla chuig a chéile.

“I know your generation relied on flowers and your fathers’ permission. But it’s 2019. So, unless you’re Amish, nudes are the currency of love.”

Is tanaí an léiriú a dhéantar ar na fir; iad bagrach drochmheasúil nó simplí agus saonta. Ar uairibh, taibhsíodh dom go raibh an saothar á chur thar a fhulaingt agus ag dul thar fóir ar mhaithe le conspóid is aird.

Ní a fhios agam fós, dá réir, ar cheart dom alltacht a bheith orm mar go raibh léargas réalaíoch á thabhairt ar shaol buile na n-óg nó ar cheart dom glacadh leis an tsraith mar shaothar ficsin a leanann seanmhúnla na gáirsiúlachta.

Fág freagra ar 'Léiriú dorcha gáirsiúil ar shaol an déagóra i Meiriceá an lae inniu'