Tugtar léargas i bhfigiúirí nua atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta ar an laghdú a tháinig ar mhaoiniú na bpríomheagraíochtaí Gaeilge ó 2010.
Agus níos lú ná seachtain fágtha go dtí Buiséad 2017, léiríonn na figiúirí seo gur os cionn €48.4 milliún ar fad a fuair Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ón státchiste in 2010 i gcomparáid le €34.4 milliún in 2017, laghdú 30%.
Os cionn deich mbliana ó shin, in 2006, bhí buiséad €42.776 milliún ag Údarás na Gaeltachta féin. In 2008, sular tosaíodh ar bhuiséad na heagraíochta Gaeltachta a chiorrú, bhí buiséad caipitil €25.5 milliún aige, i gcomparáid le €8.2 milliún in 2017.
Tháinig méadú ar bhuiséad an Údaráis in 2015 agus 2016 den chéad uair ó 2010, ach laghdú a bhí i gceist arís i mBuiséad 2017, fiú nuair a chuirtear san áireamh an €1.5 milliún breise a aimsíodh don eagraíocht fiontraíochta i ndiaidh an bhuiséid sin.
Tháinig méadú anuraidh ar an maoiniú a fuair Foras na Gaeilge ón státchiste ó dheas den chéad uair ó 2010, ach tugadh maoiniú breise aon uaire don eagraíocht in 2016 agus in 2017, cuid de a bhain le haistriú a gceannárais ó Chearnóg Mhuirfean go dtí Sráid Amiens, obair atá faoi lán seoil faoi láthair.
Bhí maoiniú an Fhorais ón státchiste ó dheas nach mór 10% níos lú anuraidh ná an maoiniú a tugadh don eagraíocht in 2010 nuair ba mheasa ciorruithe na géarchéime eacnamaíochta. Deich mbliana ó shin, in 2007, bhí buiséad iomlán de €20.1 milliún ag an bhforas trasteorann, nuair a chuirtear san áireamh an maoiniú a fhaigheann an eagraíocht ón Tuaisceart.
Idir an dá linn, bhí lá stocaireachta ag Conradh na Gaeilge inné ag ar cuireadh Plean Infheistíochta na heagraíochta i láthair pholaiteoirí Theach Laighean, plean a mhaítear a chruthódh 1,150 post nua.
Tá maoiniú breise €5.3 milliún d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge i mBuiséad na seachtaine seo chugainn .
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer go gcuirfeadh an plean infheistíochta “acmhainní riachtanacha ar fáil i dtaobh phróiseas na pleanála teanga, mar aon le tuilleadh deiseanna a thabhairt don phobal trí chéile fud fad na tíre lena gcuid Gaeilge a úsáid”.
“Rinneadh léirscrios de suas go 70% ar acmhainní na n-údarás um Ghaeilge agus um fhostaíocht Ghaeltachta ó bhí 2007 ann.
“Tá sé thar am an Clár Rialtais a chomhlíonadh agus infheistíocht mar is cuí a dhéanamh inár dteanga agus inár nGaeltachtaí,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.
Fág freagra ar 'Léiriú ar chiorruithe na n-eagraíochtaí Gaeilge agus €5.3 milliún breise á lorg dóibh'